240 painéal gréine ag cur an fhuinnimh in-athnuaite ag croílár Inis Mór

Céim 2 de Thogra Eorpach ReAct curtha i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta

3 Nollaig, 2021

nóiméad léite

Tá beagnach 240 painéal gréine ar 20 foirgneamh ag baint leas as cumhacht na gréine ar Inis Mór i gCuan na Gaillimhe mar chuid de thogra fuinnimh in-athnuaite Eorpach atá á chur i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta agus Comharchumann Forbartha Árann.

Tá an togra ReAct (Renewable Energy for self-sustAinable Island CommuniTies), togra taighde 4 bliana atá maoinithe faoi chlár Horizon 2020 an AE ina bhfuil Údarás na Gaeltachta lárnach ann i gcomhair le Comharchumann Forbartha Árann agus comhpháirtithe Eorpacha eile, tar éis céim a 2 den togra a chur i gcrích le gairid rud a chiallaíonn go bhfuil na painéil ghréine suiteáilte ar 4 fhoirgneamh pobail, 13 teach cónaithe agus ar 2 fhoirgneamh tráchtála. Ag úsáid teicneolaíochtaí nuálacha maidir le fuinneamh in-athnuaite táthar ag súil go n-éireoidh leis an togra astuithe carbóin chomh maith le costais fuinnimh a ísliú ar an oileán Gaeltachta seo.

Táthar ag súil nuair a bheidh deireadh leis an togra seo gur féidir a chruthú go bhfuil an poitéinseal ann go mbeadh an t-oileán a bheith neamhspleách ó thaobh fuinnimh de, gan trácht ar laghdú gháis astaíochtaí ceaptha teasa.

Aithníonn an teicneolaíocht nuálach seo atá curtha in áit ar Inis Mór an bealach a n-úsáideann chuile fhoirgneamh aonarach fuinneamh agus déantar é seo trí nasc idir an teicneolaíocht, réamhaisnéis na haimsire agus taraifí leictreachais.  Stórálann an córas seo an fuinneamh i gceallraí agus ríomhann sé cén t-am den lá chun an fuinneamh seo a úsáid go héifeachtach, ag tógáil an aimsir chomh maith le taraifí leictreachais san áireamh. De dheasca obair cheannródaíoch atá déanta le blianta beaga anuas ag Comharchumann Fuinnimh Árann agus Comharchumann Forbartha Árann Teo atá sé indéanta tograí tairbheacha fuinnimh in-athnuaite mar ReAct a chur i bhfeidhm ar Inis Mór.

Cuireadh tús le togra REACT in 2019 chun taighde a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fuinnimh ar oileáin amach ón gcósta agus tá Inis Mór, Árainn ar cheann de thrí oileán píolótacha atá sa togra in éineacht le San Pietro (An Iodáil) agus La Graciosa (An Spáinn).

Tá 23 páirtí as 11 tír san Eoraip ag glacadh páirte sa togra.   Is é Údarás na Gaeltachta atá ina phríomh-chomhordaitheoir ar an togra seo in Éirinn agus é ag obair go dlúth le Comharchumann Forbartha Árainn Teo, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Bord Soláthair an Leictreachais, Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, Orduna na Spáinne agus Mitsubishi.

Tá an togra ReAct á chur i gcrích mar chuid den sprioc straitéiseach An Ghaeltacht Ghlas atá ina cuid thábhachtach de Phlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021 – 2025 agus aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar athrú aeráide agus an gá atá leis an lorg carbóin a ísliú chun an dlús atá faoin téamh domhanda a laghdú.

Ag labhairt dó maidir leis an togra dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

“Tá an-áthas ar Údarás na Gaeltachta a bheith páirteach i dtogra Eorpach ReAct atá á chur i bhfeidhm le tacaíocht an phobail ar Inis Mór.  Tuigeann muid ar fad an tábhachtach mhór atá ag baint le cúrsaí athraithe aeráide le blianta fada anuas agus léirigh Comhdháil COP26 le gairid go bhfuil gá gníomhaíochtaí a thógáil anois agus ní ar ball chun dul i ngleic leis na dúshláin seo.  Cuideoidh an togra seo lena léiriú go bhfuil tograí fuinneamh in-athnuaite in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide, costais fuinnimh a ísliú trí theicneolaíochtaí nuálacha a chur i bhfeidhm agus foinsí seasmhacha fuinnimh a aimsiú do phobail bheaga Ghaeltachta.”

D'fhéadfadh buntáistí timpeallachta agus eacnamaíochta a bheith i gceist lena leithéid de thogra agus foinsí fuinneamh in-athnuaite agus córais stórála á nascadh le hardáin teicneolaíochta chun eangach chliste chomhtháite agus dhigití a chur i bhfeidhm agus tionchar aige seo ar thithe cónaithe in Árainn agus ar fud chósta thiar na hÉireann.

Is féidir gach eolas ar an togra React a fháil ag https://react2020.eu/  atá ar fáil i nGaeilge, Béarla, Iodáilis agus Spáinnis.