Os cionn €760,000 ceadaithe do bhealaí siúlóide agus rothaíochta Gaeltachta i nGaillimh agus Dún na nGall

30 Samhain, 2021

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an bhfógra go bhfuil os cionn €760,000 ceadaithe do dhá thogra caithimh aimsire Gaeltachta mar chuid de chiste maoinithe €15.5m atá fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys TD faoin Scéim Infreastruchtúir Caitheamh Aimsire Faoin Spéir.

Tá maoiniú de €500,000 ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Bhealach Sheanadh Mhach i gConamara.  Mar chuid den bhforbairt féachfar leis an dromchla a fheabhsú ar 9km den bhealach atá forbartha cheana féin agus le 10km breise a chur leis an mbealach siúlóide/rothaíochta agus conair dhúlra seo.  Déanfar an obair seo a chur i gcrích i gcomhpháirt le geallsealbhóirí áitiúla, úinéirí talún, scéimeanna fostaíochta sóisialta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, chomh maith le heagrais agus gníomhaireachtaí forbartha pobail eile.

Fógraíodh maoiniú de €269,681 d’Eispéireas Aillte Shliabh Liag i nDún na Gall inniu chomh maith. Mar chuid den togra seo déanfar 4 áit faoi leith ar an gconair sléibhe atá ann cheana féin a chríochnú, a neartú agus a uasghrádú.  Is iad Comhairle Contae Dhún na nGall agus an pobail áitiúil príomhghníomhairí an togra le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus geallsealbhóirí eile.

Cuirfidh an t-airgead seo go mór leis na saoráidí Gaeltachta seo agus tacóidh sé leis an bpobal mórthimpeall ar an gceantar chomh maith le turasóirí breise a mhealladh chuig na gceantar Gaeltachta seo.  Tabharfaidh an infheistíocht seo, atá ina dhlúth chuid de bheartas an Rialtais Ár dTodhchaí Tuaithe, tacaíocht do gheilleagair agus pobail tuaithe agus beidh ceantair tuaithe na hÉireann agus na Gaeltachta ina gceann scríbe do thurasóireacht eachtraíochta.

Ag labhairt dó faoin bhfógra dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá áthas orainn fáilte a chur roimh an maoiniú suntasach seo atá ceadaithe ag an Aire Heather Humphreys chun an dá thogra Gaeltachta seo a fheabhsú agus a fhorbairt tuilleadh.  Cuirfidh na saoráidí Gaeltachta seo deis ar fáil do phobail áitiúla agus do thurasóirí áilleacht na Gaeltachta a fheiceáil – rud atá tugtha faoi deara níos minice le beagnach dhá bhliain anuas agus daoine ag fanacht níos gaire do bhaile agus iad ar saoire. Tá muid thar a bheith sásta freisin na bhforbairtí seo a chur i gcrích mar chuid dár bPlean Straitéiseach nua agus i gcomhair le pobal na Gaeltachta agus geallshealbhóirí eile.”