Painéal Comhairleoirí á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta don Earnáil Forbartha Pobail

29 Samhain, 2021

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag cur Painéal Comhairleoirí le chéile chun tacaíocht a chur ar fáil don Earnáil Forbartha Pobail sa nGaeltacht.   Táthar ag cur an phainéil seo le chéile chun go mbeidh líonra ar fáil do na heagrais forbartha pobail a dhéanfadh freastal ar aon riachtanas saineolais a bheadh ag an earnáil seo ar chomhairleoireacht nó ar mheantóireacht.

Tá gréasán eiseamláireach de 33 Comharchumann agus Comhlacht Pobalbhunaithe ag feidhmiú i 7 gContae Gaeltachta ó cheann ceann na tíre. Is é seo an gréasán forbartha pobail is mó agus is forleithne in Éirinn. Cuireann Údarás na Gaeltachta, i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, maoiniú reáchtála ar fáil don 33 eagras pobail seo, idir chomharchumainn agus chomhlachtaí pobalbhunaithe, chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail ina gceantar feidhme.  Cuireann na heagrais seo seirbhísí riachtanacha áitiúla ar fáil, déanann siad comhordú ar ghníomhaíochtaí forbartha pobail agus cuireann siad seirbhís chomhairleach ar fáil don earnáil dheonach.  Lena chois sin tá na heagrais lárnach i mbainistiú moil dhigiteacha, tograí fuinnimh in-athnuaite agus i gcur chun cinn na fiontraíochta sóisialta.

Cuirfear fáilte roimh shaineolaithe sna réimsí seo a bheith ar an bpainéal:

  • Pleanáil Ghnó agus Pleanáil Straitéiseach
  • Tiomsú Airgid agus Giniúint Ioncaim
  • Acmhainní Daonna agus Bainistíocht Foirne
  • Díolachán agus Margaíocht
  • Rialachas agus Struchtúir Dhlíthiúla
  • Na hIlmheáin agus an Mhargaíocht Dhigiteach
  • Sláinte agus Sábháilteacht
  • Nuálaíocht Digiteach
  • Cumarsáid Inmheánach
  • Tairiscintí agus Soláthar
  • Ceannaireacht
  • Fiontraíocht
  • Bainistíocht Airgeadais
  • Fuinneamh In-athnuaite Pobail
  • Fiontair Mhuirí
  • Turasóireacht
  • Cúram Sóisialta
  • An Geilleagar Glas
  • An Geilleagar Digiteach

Bheadh sé riachtanach go mbeadh taithí 3 bliana ar a laghad sa rogha réimse saineolais ag iarrthóirí agus a bheith in ann seisiúin oiliúna/ mheantóireachta a chur ar fáil i nGaeilge agus ar líne más gá.  Caithfidh lucht an phainéil a bheith in ann seisiúin oiliúna a chur ar fáil le torthaí soiléire foghlama agus taithí ar mheantóireacht a dhéanamh le daoine nó le heagraíochtaí a bheith acu.   Bheadh eolas nó saineolas ar Fhiontair Shóisialta, Comharchumainn Phobail, Comhlachtaí Forbartha Pobail agus an Earnáil Dheonach ina bhuntáiste.

Más mian le daoine spéis a léiriú sa bpainéal agus chun foirm iarratais a fháil seol rphost chuig afp@udaras.ie roimh 5pm, 10 Nollaig 2021 agus ‘painéal comhairleoirí’ a bheith luaite mar ábhar sa rphost.