Feirmeoireacht feamainne faoi úinéireacht an phobail agus éifeachtaí fuinnimh san earnáil

– an chéad seimineár eile i Sraith Seimineár SW-Grow

23 Samhain, 2021

nóiméad léite

Samplaí idirnáisiúnta den bhfeirmeoireacht feamainne faoi úinéireacht an phobail a bheidh mar ábhar cainte ag seimineár atá á eagrú ag Údarás na Gaeltachta ar an Aoine 26ú Samhain ón 11.00 - 12.30 mar chuid den togra Eorpach SW-Grow.  Déanfar iniúchadh ag an seimineár chomh maith ar éifeachtaí fuinnimh san earnáil feamainne le saineolaithe idirnáisiúnta.

 Is é cuspóir an togra Eorpach SW-GROW, atá cómhaoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa tríd an gClár Forimeall Thuaidh agus Artach, ná deiseanna eacnamaíocha a mhéadú i dtionscal na feamainne trí chleachtais nuálaíocha oibre a fhorbairt i measc na bhfiontar beag agus meánmhéide atá páirteach sa tionscadal seo i réigiún an NPA chun táirgí feamainne cáilíochta a fhorbairt de chaighdeán comhsheasmhach atá inaitheanta agus gur féidir a bhrandáil go soiléir.

Beidh saineolaithe idirnáisiúnta maidir le cúrsaí feamainne i mbun cainte ag an seimineár chun léargas níos fearr a thabhairt don phobal agus comhlachtaí ar úsáid na feamainne agus luach breise a chur leis an acmhainn nádúrtha seo chun leasa an phobail áitiúil.

Tabharfaidh Morven Gibson ó South West Mull and Iona Development (SWMID) in Albain píosa cainte ar an togra atá ar siúl ag an SWMID - 789 heicteár d’Fhoraois Phobail Tiroran agus Bendoran, saoráid chósta, a bhainistiú - áit a bhfuil siad ag forbairt áis spóirt uisce agus an suíomh dá bhfeirm feamainne atá faoi úinéireacht an phobail.

Beidh an taighdeoir Roy Bartle ó Lews Castle College ag caint faoin ról atá aige in SW-GROW - taighde a dhéanamh ar mhodhanna triomaithe feamainne inbhuanaithe agus an t-eolas seo a chur ar fáil do fhiontair bheaga agus mheánmhéide i réigiún an NPA.

Is Feidhmeannach Cláir í Sara Norris le Foireann Ghnó agus Tionscail Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann. Déanfaidh sí cur síos ar éifeachtaí fuinnimh do ghnóthaí agus na tacaíochtaí atá ar fáil.

Is féidir clárú don seimineár ar Eventbrite ag an nasc seo: Seimineár Feamainne SW-GROW/ SW-GROW Seaweed Seminar Tickets, Fri 26 Nov 2021 at 11:00 | Eventbrite