OCO Global chun bunáit oibríochtaí straitéiseach a bhunú i nGaeltacht Dhún na nGall

Comhlacht Idirnáisiúnta Comhairleoireachta chun dul i gcion ar mhargadh na hÉireann as gteic@Gaoth Dobhair

18 Samhain, 2021

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhógra OCO Global, comhlacht idirnáisiúnta comhairleoireachta trádála agus infheistíochta, go bhfuil siad chun bunáit straitéiseach a lonnú i gteic@Gaoth Dobhair chun a bhfás leanúnach i margadh na hÉireann a éascú.

Bíonn OCO Global ag obair le rialtais ar fud an domhain, as a gceannáras i mBéal Feirste, chun trádáil agus infheistíocht a chur chun cinn. Cuireann siad comhairle ar chliaint san earnáil phríobháideach maidir le leathnú idirnáisiúnta chomh maith.  Beidh Gaoth Dobhair anois i measc na suíomhanna oifige eile atá ag OCO Global idir Bhéal Feirste, Baile Átha Cliath, Londain, Páras, Frankfurt, Nua-Eabhrac, Los Angeles, Dubai, Shanghai, agus Tóiceo le 150 duine fostaithe acu ar fud an domhain.  Lena mbonn custaiméirí i bhforbairt fiontraíochta agus eacnamaíochta réigiúnaí ag fás, cuirfidh an oifig nua i nGaoth Dobhair le saothar OCO in Éirinn agus iad ag obair le cliaint i rialtais thar lear chun bealaí trádála ar fud na hÉireann a fhorbairt agus caidrimh le gnóthaí móra in Éirinn a éascú.  Chuige sin tá an comhlacht ag iarraidh anailísithe trádála agus infheistíochta a earcú cheana féin do roinnt folúntais a bheidh lonnaithe i gteic@Gaoth Dobhair.

Dúirt Mark O’Connell, Príomhfheidhmeannach OCO Global:

“Tá áthas orainn ár ngréasán idirnáisiúnta a leathnú go Dún na nGall.  Chuir m’fhoireann roinnt tograí forbartha eacnamaíocha i gcrích do Chomhairle Contae Dhún na nGall mar sin tuigeann muid cumas an réigiúin agus an tobar scileanna atá ar fáil anseo.  Cuireann OCO deis ar fáil a bheith ag obair go hidirnáisiúnta, ó bhunáit áitiúil agus tá muinín againn go mbeidh muid in ann foireann den scoth a bhunú anseo chun tacú lenár bhfás leanúnach i margadh na hÉireann.  Chuir an phaindéim ar ár súile agus ar shúile ár gcliant an cumas atá anseo d’fhorbairt eacnamaíochta réigiúnaí – de bharr spéise in ‘áit’ agus in áit chónaithe, cianoibriú agus obair ón mbaile, turasóireacht bhaile, agus athrú meoin ó a bheith dírithe ar infheistíocht dhíreach eachtrach sna cathracha go dtí fiontraíocht réigiúnach agus infheistíocht atá níos inmharthana.”

Rinne Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta ráiteas thar ceann an Bhoird:

“Is údar mór misnigh do Bhord Údarás na Gaeltachta go bhfuil comhlachtaí domhanda nuálacha ag iarraidh bunáit a lonnú i gceantair Ghaeltachta na hÉireann áit a gcuirfidh fórsa saothair le scileanna deiseanna fáis agus leathnaithe ar fáil, rud a theastaíonn uaidh chomhlachtaí.  Cuireann na pobail uathúla teanga a shainíonn an Ghaeltacht cultúr nuálaíochta agus cruthaitheachta ar fáil, rud a chuireann ar chumas gnóthaí fás agus rath a bheith orthu le tacaíocht Údarás na Gaeltachta.  Cuireann an gréasán moil dhigiteacha gteic deiseanna iontacha ó thaobh gnó agus cothromaíocht saoil ‘s oibre ar fáil do OCO Global a rachaidh i bhfeidhm ar chliaint thar lear – léiriú cruthanta ar luach thograí in Éirinn agus an timpeallacht lúfar agus solúbtha gnó atá anseo.”

Ag labhairt dó faoin bhfógra dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá ríméad ar Údarás na Gaeltachta fáilte a chur roimh OCO Global, saineolaithe i gcomhairleoireacht trádála agus infheistíochta domhanda, chuig Gaeltacht Dhún na nGall. Tá muid ag súil le bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leis an gcomhlacht chun go mbeidh fás agus rath orthu as a mbunáit straitéiseach nua i gteic@Gaoth Dobhair ach freisin chun forbairt fiontraíochta agus eacnamaíochta réigiúnaí a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta na hÉireann.  Tá gréasán moil dhigiteachta & nuálaíochta gteic tar éis naisc a chruthú ar fud na cruinne trí na comhlachtaí iontacha atá tar éis lonnú nó athlonnú ansin agus leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag tacú agus ag forbairt an éiceachórais dhigiteach seo.”