Taighde le tionscnamh ag Údarás na Gaeltachta chun fuinneamh glas a ghiniúint ar pháirceanna gnó i gConamara

17 Samhain, 2021

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag tionscnamh taighde le féachaint ar na féidearthachtaí praiticiúla, riachtanais fuinnimh a bpáirceanna gnó a ghlasú agus a lorg carbóin a laghdú sna blianta atá romhainn mar chuid dá thogra straitéiseach ‘An Ghaeltacht Ghlas’. Tá ‘An Ghaeltacht Ghlas’ áirithe mar ghníomh de Phlean Gníomhaíochta Aeráide an Rialtais a foilsíodh an tseachtain seo.

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta soláthar maoinithe de €35,000 le gairid chun na féidearthachtaí maidir le múnla de Pháirc Ghnó Ghlas a chruthú don eagraíocht a d’fhéadfaí a athchruthú i gceantair eile ar fud na Gaeltachta agus na tíre. Déanfaidh an taighde iniúchadh ar na bealaí is éifeachtaí le fuinnimh éagsúla in-athnuaite a mhúnlú ar dhá pháirc ghnó i gConamara ag áireamh leanúint le forbairt ar thograí fótavoltacha ar dhíonta maoin de chuid an Údaráis.

Táthar ag súil na roghanna fadtéarmacha is éifeachtaí a aimsiú chun go mbeidh deis ag Páirc Ghnó na Ceathrún Rua agus Páirc Ghnó Chasla a bheith inmharthana ó thaobh fuinnimh de tríd acmhainní nádúrtha áitiúla a úsáid. Féachfar le torthaí agus beartais an taighde a chur i bhfeidhm i gcomhair le Comharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gcomhthéacs Plean Gníomhaíochta na Ceathrún Rua a foilsíodh le gairid agus an ról lárnach atá ag comharchumainn Ghaeltachta i bhfeidhmiú spriocanna straitéiseacha Údarás na Gaeltachta.

Tá togra fótavoltach d’os cionn 130kw chomh maith le háiseanna luchtaithe cairr forbartha cheana féin ag Comharchumann Mhic Dara i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ar Pháirc Ghnó na Ceathrún Rua. Feistíodh painéil fótavoltach ar dhíonta foirgnimh ar an bPáirc Ghnó agus laghdaíonn an togra an costas aibhléise atá ar Chomharchumann Mhic Dara atá lonnaithe sa bhfoirgneamh chomh maith leis an lorg carbóin sa gceantar a laghdú freisin.

Tá forbairt an fhuinnimh in-athnuaite lárnach do Straitéis Údarás na Gaeltachta 2021 - 2025. Cuireann an coincheap An Ghaeltacht Ghlas béim ar inmharthanacht agus inbhuanaitheacht na bpobal Gaeltachta agus é luaite mar sprioc lárnach i Straitéis na heagraíochta.  Léiríonn tuarascáil a foilsíodh le gairid na féidearthachtaí a bhaineann le Calafort Ros an Mhíl agus tailte Údarás na Gaeltachta mórthimpeall an chalafoirt a fhorbairt mar lárionad d’fhorbairt mol straitéiseach chun tacú le tionscal na gaoithe eischósta, rud a rachaidh chun leasa cheantar Chonamara agus na tíre ó thaobh fuinneamh in-athnuaite de.

Ag tagairt don taighde atá beartaithe dúirt Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair:

“Tá sé ríthábhachtach go leanann Údarás na Gaeltachta a bheith ag tús na cadhnaíochta chun earnála nua a bhrú agus a spreagadh sna ceantair Ghaeltachta. Cúis áthais don Bhord maoiniú a cheadú don taighde nua seo a thiocfaidh i gcomhar leis an taighde is déanaí a foilsíodh maidir le maoin an Údaráis i Ros an Mhíl agus an deis ollmhór atá ann leas a bhaint as acmhainní nádúrtha chun tacú le cúrsaí athraithe aeráide chomh maith le buntáistí fostaíochta don cheantar Gaeltachta seo.”

Labhair Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh faoin bhforbairt bheartaithe:

“Tá a gcion féin le déanamh ag gach eagraíocht agus réigiúin lena chinntiú go bhfuiltear ag tacú le dul i ngleic le cúrsaí athraithe aeráide agus ár lorg carbóin a ísliú. Leag Údarás na Gaeltachta sprioc uaillmhianach An Ghaeltacht Ghlas rompu ina straitéis nua agus cuideoidh taighde agus forbairtí dá leithéid seo linn a chinntiú go mbeidh ceantair Ghaeltachta na tíre inmharthana agus glas chomh fada agus gur féidir. Bheadh muid ag súil go mbeadh an togra seo mar thogra eiseamláireach do cheantair Ghaeltachta agus do cheantair tuaithe eile.”