Meabhrán Tuisceana sínithe ag Údarás na Gaeltachta agus ITLC chun tacú le forbairt pobail agus leis an nGaeilge

3 Samhain, 2021

nóiméad léite

Shínigh Údarás na Gaeltachta agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (ITLC) Meabhrán Tuisceana inné (02/11/21) chun deiseanna acmhainní a roinnt chun seirbhísí níos fearr a chur ar fáil a thapú agus chun oibriú lena chéile chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí traenála agus forbartha. Lena chois sin, tiocfaidh an dá eagraíocht le chéile chun forbairt pobail agus fiontraíocht shóisialta i nGaeltacht Dhún na nGall a chur chun cinn agus chun earnálacha fáis a aithint agus a chur chun tosaigh ar mhaithe le forbairt inmharthana an réigiúin.

 

Aithníonn an Meabhrán Tuisceana na freagrachtaí atá ar Údarás na Gaeltachta agus ITLC ó thaobh cuspóirí pholasaithe náisiúnta agus réigiúnacha a chur ar fáil agus leis an gcomhthuiscint seo tá an dá eagraíocht ag iarraidh a gcumas maidir lena misin a fhorbairt tuilleadh. Tá aidhmeanna tosaigh na comhpháirtíochta ag teacht le Plean Straitéiseach 2021 - 2025 Údarás na Gaeltachta agus le Plean Straitéiseach ITLC 2019 - 23. Tá sé mar sprioc ag an dá eagraíocht deiseanna cianoibriú a fhorbairt trí ghréasán gteic agus CoLab.  Tá forbairt eacnamaíoch inmharthana agus cruthú poist a chur chun cinn trí oibriú le geallsealbhóirí chun dul i ngleic le riachtanais éagsúla oiliúna agus traenála ag croílár straitéise an dá eagraíocht.

 

Cuirfidh an comhaontú seo leis an gcaidreamh gar oibre atá idir Údarás na Gaeltachta agus ITLC le blianta anuas. Tá an dá eagraíocht ag ceann an chomhairimh maidir le cuspóirí pholasaithe náisiúnta d’fhorbairt pobail a bhaint amach, áit a bhfuil béim faoi leith ar an nGaeilge. Leanfaidh an dá dhream ar aghaidh ag forbairt comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta straitéiseacha trí thogra Diaspóra Dhún na nGall agus trí thogra Diaspóra na Gaeltachta. 

 

Ag caint dó maidir leis an gcomhaontú foirmeálta dúirt Uachtarán ITLC Paul Hannigan:

“Tá ríméad orainn ár gceangal le hÚdarás na Gaeltachta a aithint go foirmeálta tríd an Meabhrán Tuisceana seo.   Tá muid i gcomhpháirtíocht leis na cianta agus an tÚdarás mar chuid dár mBord Rialaithe le fada an lá.  Tá muid ag súil leis an todhchaí agus muid ag dul i treo stádas ollscoil teicneolaíochta a bhaint amach.”

Chuir Mícheál Ó hÉanaigh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta leis an méid sin:

“Tá áthas orainn go bhfuil an Meabhrán Tuisceana seo idir muid féin agus ITLC anois i dtoll a chéile go hoifigiúil ós rud é go bhfuil an dá eagraíocht ag iarraidh a chinntiú go mbeidh saol na Gaeltachta agus an teanga slán sábháilte do na glúnta atá le theacht.  Tá ag éirí thar cionn lenár gcaidreamh agus muid ag dul ar aghaidh tá súil againn go dtreiseoidh ár gcuid oibre straitéiseach cúrsaí forbartha pobail agus cúrsaí Gaeilge.”

Tacóidh an Meabhrán Tuisceana leis an bhforbairt bhreise ar an infreastruchtúr oiliúna áitiúil chun cáil mhaith an réigiún ó thaobh soláthar oiliúna a chur chun cinn agus cumas an réigiún maidir le taighde agus nuálaíocht a fhorbairt.  Cuirfidh sé freisin le cúrsaí fiontair, infheistíochta agus fiontraíochta.