Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta – 29ú Deireadh Fómhair 2021

29 Deireadh Fómhair, 2021

nóiméad léite

Tacaíocht do 16 post nua ceadaithe le hinfheistíocht suas le €1.3m i gcomhlachtaí Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí inniu (29/10/21) ina mbeidh 16 post nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht suas le €1.3m ag baint leo idir infheistíocht phríobháideach agus tacaíocht Stáit nuair atá na tograí sin faoi lán seoil.

Mol Straitéiseach d’Fhorbairt agus chun Tacú le Tionscal Ghaoth Eischósta ar Chósta Thiar na hÉireann

Chuir Bord Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh an tuarascáil taighde a d’fhoilsigh an eagraíocht le gairid maidir leis na féidearthachtaí a bhaineann le Calafort Ros an Mhíl agus na tailte ina thimpeall a fhorbairt mar mhol straitéiseach chun tacú leis an earnáil fuinnimh in-athnuaite amach ó chósta thiar na hÉireann.

D’aontaigh an Bord d’aon ghuth go raibh sé den riachtanas go ndéanfaí na deiseanna suntasacha atá anois léirithe a bheith ag Calafort Ros an Mhíl a thapú agus go mbeadh tacaíocht Rialtais agus pobail ann sa ngearrthréimhse chun an fhorbairt ríthábhachtach seo a fhíorú. Ní amháin go bhfuil leas eacnamaíoch agus suas le 900 post i gceist le forbairt dá leithéid go háitiúil, ach bheadh tairbhe ar leith leis an bhfuinneamh glan in-athnuaite a d’fhéadfaí a ghiniúint amach ó chóstaí na Gaeltachta.

Scéim Tús Bharainneach (Leanstart) de €50,000 ceadaithe chun tacú le gnóthaí Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta Scéim Tús Bharainneach (Leanstart) le buiséad de €50,000 inniu (29/10/21) a thacóidh le 10 gcomhlacht Gaeltachta fás a dhéanamh agus feabhas a chur ar a gcórais agus modhanna oibre. Cuireann an scéim deontas d’uasmhéid €5,000 nó 80% den chaiteachas ar fáil do chomhlachtaí incháilithe chun bunphrionsabail bharainneacha a chur i bhfeidhm ina gcuid comhlachtaí chun iomaíocht na gcomhlachtaí sin a fheabhsú. Beidh sonraí agus foirmeacha iarratais á bhfoilsiú sa tréimhse seo romhainn.