Mol gteic á oscailt i gceartlár Ghaeltacht Chonamara

Deis gnóthaí nua, an pobal agus an teanga a chur chun cinn i gteic@Ceantar na nOileán

28 Deireadh Fómhair, 2021

nóiméad léite

Beidh an mol nuálaíochta is nuaí i ngréasán digiteach na Gaeltachta, gteic@Ceantar na nOileán, á oscailt go hoifigiúil ag Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe inniu (5in, 28/10/21). Cuirfidh an mol seo, ina mbeidh 13 deasc ann i dtrí sheomra éagsúil, deiseanna suntasacha ar fáil d’fhiontraithe, do ghnóthaí nua agus do chianoibrithe chomh maith leis an bpobal áitiúil.

Tá gteic@Ceantar na nOileán curtha i gcrích mar chuid de líonra de 31 mol nuálaíochta & digiteach, le ceangal ardluais leathanbhanda, atá á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair ar fud na Gaeltachta.  Is mol nuálaíochta agus digiteach den chineál is nua-aimseartha é, lonnaithe ar Pháirc Ghnó Thír an Fhia i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn.

Cuirfidh gteic@Ceantar na nOileán suas le 13 spás deasca ar fáil idir deasca sealaíochta/spásanna comhroinnte le ceangal leathanbhanda ard luais, botháin teileafóin agus fáil ar áiseanna agus seirbhísí comhroinnte na heagraíochta Muintearas sa bhfoirgneamh céanna, chomh maith.

Gné ar leith a bhaineann le Gréasán Digiteach na Gaeltachta ná go bhfuil sé á fhorbairt as lámha a chéile leis na pobail áitiúla i gcuid mhaith de na ceantair tuaithe seo. Is iad Muintearas Teoranta a bheidh i mbun feidhmithe agus bainistíochta ar gteic@Ceantar na nOileán thar ceann Údarás na Gaeltachta agus chuige sin beidh béim faoi leith ar chúrsaí oiliúna san ionad dá réir. Cuirfidh gteic@Ceantar na nOileán borradh faoi chúrsaí gnó agus cúrsaí oiliúna chomh maith, atá ag croílár fheidhmeanna Mhuintearais le beagnach dhá scór bliain.

Ag oscailt an ionaid dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair:

“Tá áthas orm a bheith anseo i gCeantar na nOileán inniu chun gteic@Ceantar na nOileán a oscailt go hoifigiúil.  Is ionad breá atá sa mhol digiteach seo agus áis iontach a bheidh ann don cheantar mórthimpeall. Mar aon le Muintearas Teo., a bheidh i mbun a reáchtála, beidh an-tionchar ag an mol digiteach seo ar shaol na ndaoine sa phobal seo. Tabharfaidh sé deis do dhaoine filleadh abhaile agus tacú lena bpobal agus lena dteanga. Cuirfidh an t-ionad deiseanna ar fáil do ghnóthaí agus d'fhiontraithe na háite agus cuirfear ugach faoi dhaoine gnó a bhunú sa cheantar ársa Gaeltachta seo.  Is léir le hos cionn bliana anuas an tairbhe atá leis na hionaid seo do chianoibrithe agus don phobal i gcoitinne agus an chabhair agus tacaíocht a cuireadh ar fáil do sheirbhísí riachtanacha, gnóthaí nua agus muintir na háite.”

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh leis an méid sin:

“Tá Údarás na Gaeltachta thar a bheith mórtasach an mol iontach, nua-aimseartha, nuálach agus tarraingteach seo i ngréasán gteic a oscailt go hoifigiúil.  Tá an fhorbairt seo ina dlúthchuid de Straitéis an Údaráis 2021 – 2025.  Cuideoidh gteic@Ceantar na nOileán le poist a chruthú, tacú le cianoibrithe agus spreagfaidh sé Diaspóra na Gaeltachta filleadh ar an mbaile.”

Tá gteic@Ceantar na Oileán ar an gcúigiú mol digiteach atá oscailte i nGaeltacht na Gaillimhe anois áit ina mbeidh suas le 180 spás oibre ar fáil iontu nuair a laghdaíonn srianta COVID-19.