ÉireComposites chun 40 post nua a chruthú i nGaeltacht na Gaillimhe

Conradh suntasach aimsithe ag an gcomhlacht as Conamara le déantúsóir aerastruchtúir

27 Deireadh Fómhair, 2021

nóiméad léite

Tá ÉireComposites, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara, tar éis conradh luach na milliúin Euro a shíniú le Spirit AeroSystems, an comhlacht is mó déantúsaíochta aerastruchtúir ar domhan, chun páirteanna struchtúrtha a chur ar fáil do scairdeitleán gnó agus airlínéir tráchtála.  Mar thoradh ar an gconradh déanfar an 60 post reatha atá in ÉireComposites a bhuanú agus tá an comhlacht ag féachaint le 40 post nua a chruthú as seo go ceann trí bliana ag a n-ionad in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe.

Mar chuid den chonradh cuirfidh an comhlacht seirbhísí déantúsaíochta agus tástála ar fáil do chúpla aerárthach nua agus cinnteofar go bhfuil ról lárnach ag nuálaíocht Ghaeltachta i dtodhchaí an aerthaistil.

Tá sár-chleachtadh ag ÉireComposites ar dhul chun cinn nuálach agus iad tar éis conradh a shíniú le gairid chun sciatha solais fhánacha a dhearadh agus a tháirgeadh le bheith mar dhlúthchuid de shatailít ALTIUS le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa.   Tá áis tástála agus déantúsaíochta ilchodacha creidiúnaithe á fheidhmiú ag an gcomhlacht i gceantar Chois Fharraige áit a bhfuil os cionn 60 duine fostaithe faoi láthair. Is comhlacht iad ÉireComposites a dhéanann dearadh nuálach, déantúsaíocht agus tástáil ar ábhar ilchodach atá éadrom, ardfheidhmíochta agus snáithíntreisithe. Tá a mbunús custaiméirí lonnaithe in earnálacha an spáis, aeraspáis, fuinnimh in-athnuaite agus ilchodacha tionsclaíocha.

Ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D.:

“Tréaslaím le gach duine in ÉireComposites as an dul chun cinn agus an nuálaíocht atá léirithe acu agus a bhfógra go mbeidh 40 post nua á chruthú acu sna trí bliana seo romhainn. Léiríonn díogras, scileanna agus cruthaitheacht na foirne chomh maith lena gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta agus eagrais eile gur féidir fostaíocht luachmhar ar ardchaighdeán a chur ar fáil sna Gaeltachtaí agus tograí domhanda á gcur i gcrích. Guím chuile rath ar ÉireComposites agus Spirit AeroSystems sa todhchaí.”

Chuir Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, Jack Chambers, T.D., fáilte roimh an bhfógra chomh maith agus dúirt:

“Fógra suntasach eile é seo don cheantar Gaeltachta seo i nGaillimh agus tá súil agam go mbeidh tuilleadh fáis agus fostaíochta ar ardchaighdeáin sa gceantar mar thoradh air. Cúis áthais dom fáilte a chur roimh na poist seo agus níos mó ná sin tréaslaím le ÉireComposites agus le comhlachtaí Gaeltachta eile as a gcumas conarthaí móra idirnáisiúnta ard luacha a bhuachan. Léiríonn sé go bhfuil an Ghaeltacht in ann feidhmiú ar bhonn domhanda ach an tacaíocht, talann agus an t-infreastruchtúr cuí a bheith acu.”

 

Labhair Príomhfheidhmeannach ÉireComposites, Tom Flanagan, faoin gconradh agus an méadú fostaíochta:

“Tá fógra an lae inniu maidir le dul chun cinn agus leathnú na comhpháirtíochta idir ÉireComposites agus Spirit AeroSystems an-suntasach go deo, ní hamháin gur comhartha é maidir le muinín in obair sholáthróirí na hÉireann tar éis an Bhreatimeachta ach freisin ár ról tábhachtach in aerthaisteal amach anseo.  Táim an-bhródúil as an obair a dhéanann muid san áit faoi leith seo ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, le foireann dhílis agus ardoilte, agus murach iad, ní bheadh scéal an lae inniu tarlaithe.  Ba mhaith le ÉireComposites buíochas faoi leith a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhiontraíocht Éireann as a dtacaíocht leanúnach lena chinntiú go mbeidh muid in ann oibriú ar thograí spéisiúla agus nuálacha le comhpháirtithe earnála ar fud an domhain.”

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, an méid seo thar ceann an Bhoird:

“Thar ceann an Bhoird ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh le ÉireComposites agus an fhoireann ann as a bhfuil bainte amach acu go dtí seo agus go deimhin, tá go leor éachtaí bainte amach acu le gairid.  Is údar misnigh don Bhord é go bhfuil tionscadail nuálacha agus nua-aimseartha á mbunú i gceantair Ghaeltachta.  Is vóta muiníne é dul chun cinn ÉireComposites agus an cruthú fostaíochta i muintir Ghaeltacht Chonamara.  Is mór an t-ugach é freisin dhá chomhlacht a fheiceáil ag teacht le chéile chun constaicí an Bhreatimeachta a shárú agus dul i ngleic le dúshláin lóistíochta agus riaracháin chun dhá chomhlacht agus aerthaisteal a chur chun cinn chomh maith.”

Ag tréaslú lena gcliantchomhlacht dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá an-áthas ar Údarás na Gaeltachta fáilte a chur roimh an scéala go bhfuil 40 post nua le cruthú i nGaeltacht Chois Fharraige.  Tá ÉireComposites ar cheann den iliomad cliantchomhlachtaí rathúla atá againn a léiríonn nach gcaithfidh nuálaíocht agus cruthaitheacht tarlú i gceantair uirbeacha, gur féidir le spás oscailte na Gaeltachta spreagadh a thabhairt don fhoireann anseo, mar is amhlaidh bunáit den scoth atá i gceantair tuaithe na hÉireann óna bhféadann gnó ceangal leis an domhan mór, agus ag an am céanna cothromaíocht oibre agus saoil den chéad scoth a chur ar fáil.  Is cinnte go gcuirfidh an conradh suntasach seo atá aimsithe ag an gcomhlacht borradh faoina gcuid táigí agus foireann.  Ba mhaith linn fáilte a chur roimh chomhpháirtíocht Spirit AeroSystems freisin, a léiríonn muinín in obair shólathróirí na hÉireann tar éis an Bhreatimeachta.”