Seirbhís den scoth do chustaiméirí ar fáil as ceantar Ghaoth Dobhair 

22 Deireadh Fómhair, 2021

nóiméad léite

Is é Charlie Boyle bunaitheoir agus úinéir Customer Service Excellence Ireland (CXEI) comhlacht a chuireann clár aitheantais náisiúnta ar fáil do dhaoine ar mhian leo barr feabhais a bhaint amach i seirbhís do chustaiméirí.   

Chuir CXEI cos thar an tairseach i gteic@Gaoth Dobhair don chéad uair in 2018. Ón gcéad lá sin, bhí an-suim ag Charlie sa gcoincheap a bheith ag obair as mol digiteach.  Thosaigh sé ag nascadh agus ag obair le baill eile sa mhol ón nóiméad a tháinig sé isteach an doras agus thosaigh sé ag dul i mbun líonraithe le lear mór daoine.  Níorbh fhada go raibh CXEI ina bhall lárnach den mhol agus iad ag cur an mol chun cinn agus ag feidhmiú mar ambasadóirí do ghréasán gteic.  

“Cuireann gteic@Gaoth Dobhair timpeallacht ar fáil le réimse leathan gnóthaí atá an-difriúil agus éagsúil de ghnó s’againne mar sin tá muid in ann nascadh leis na comhlachtaí seo chun foghlaim uathu agus chun smaointe agus deiseanna a roinnt.” 

Cuireann CXEI seribhís ar fáil do raon leathan custaiméirí in Éirinn agus thar lear. Tá mol gteic@Gaoth Dobhair suite ar chósta iarthar na hEorpa ach ceapann Charlie gur gné dearfach atá anseo.  

“B’fhéidir gur míbhuntáiste a bhí ann fadó ach is buntáiste atá ann anois a bheith lonnaithe faoin tuath.  Ní thógann sé ach níos lú ná ceathrú uaire dul chomh fada leis an obair agus radhairc álainne le feiceáil is tú ar bóthar agus tá foirgneamh gteic chomh maith le ceann ar bith a d’fheicfeá i Nua-Eabhrac, Londain nó Baile Átha Cliath ach tá sé anseo ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gcroílár an phobail.” 

Roimh Mhárta 2020, bhíodh an comhlacht ag cur a réiteach meastóireachta seirbhíse do chustaiméirí ar fáil as gteic@Gaoth Dobhair agus ag taisteal chuig cruinnithe agus cúrsaí laismuigh. Ní raibh sé seo chomh deacair agus a shílfeá.  

“Dá mba rud é go gcaithfeadh muid casadh le comhlacht lonnaithe i mBaile Átha Cliath, dhéanfaí é sin go gasta agus go héifeachtúil as Aerfort Dhún na nGall. Déantar an chuid is mó dár gcuid oibre trí chomlacht atá lonnaithe i mBéal Feirste atá 2.5 uair an chloig ar shiúl. "  

Is dúshlan a bhí i gCOVID ach is deis foghlama a bhí ann chomh maith.  

“Tá muid níos éifeachtaí de bharr COVID agus ag obair ar ár gcumas an tseirbhís a chuireann muid ar fáil ar líne agus go cianda a fheabhsú.”  

Ó shin i leith tá ag éirí go maith le CXEI agus le Charlie. D’fhás an comhlacht ó bheirt go ceathrar fostaí agus leathnaigh siad a mbonn custaiméirí in earnálacha nua spreagúla. Tá todhchaí dearfach in ann don chomhlacht seo a chuimsíonn agus a chuireann le coincheap gteic, an gréasán mol digiteach. 

“Tá muid an-bhródúil as a bheith lonnaithe i gteic@Gaoth Dobhair agus cuireann sé leis an obair atá ar siúl againn agus an bealach atáthar á dhéanamh.” 

Tá Customer Service Excellence Ireland (CXEI), comhlacht a chuireann clár aitheantais náisiúnta ar fáil do dhaoine ar mhian leo barr feabhais a bhaint amach i seirbhís do chustaiméirí, lonnaithe i gteic@Gaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall in iarthuaisceart na hÉireann. www.cseireland.ie 

Tá gteic@Gaoth Dobhair ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.  Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn.