Leas le baint ag cúrsaí mara sa nGaeltacht as an mBillgheilleagar Gorm

21 Deireadh Fómhair, 2021

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le hIonad Forbartha Nuálaíochta Mara Pháirc na Mara agus Foras na Mara, ag eagrú ócáide maidir le cúrsaí bithgheilleagair Aoine an 22ú Deireadh Fómhair 2021 do Sheachtain Bhithgheilleagair na hÉireann.

Déanfaidh an ócáid cur síos ar a bhfuil i gceist leis an mBithgheilleagar Gorm, na tacaíochtaí atá ar fáil agus tabharfar léargas ar na tograí agus gnóthaí atá ag feidhmiú san earnáil cheana féin.  Is í Finn van der Aar, eolaí mara agus aoichainteoir ó Saltwater Stories a bheidh ina bean an tí agus beidh saineolaithe, gnóthaí agus comhairleoirí i láthair chomh maith.

Tá an chuid is mó de na ceantair Ghaeltachta fud fad chósta na tíre agus mar sin tá siad san áit is fearr le leas a bhaint as an mBithgheilleagar Gorm - úsáid tráchtála acmhainní ar nós algaí, diúilicíní nó smugairle róin agus ábhair agus seirbhísí leathana a dhéanamh astu ar nós bia, beatha, ábhair bithbhunaithe agus bithfhuinnimh.

Is féidir le daoine ar mhaith leo freastal clárú don ócáid anseo: https://www.eventbrite.ie/e/bioeconomy-the-blue-perspective-tickets-169849734127

Bithgheilleagar – An Léargas Gorm 10.00 – 11.30

Clár Aoichainteoir
Oscailt & Réamhrá Finn van der Aar, Eolaí mara, Scríbhneoir & Aoichainteoir – Saltwater Stories
An Bithgheilleagar Gorm An Dr. Mark de Faoite, Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine - Údarás na Gaeltachta
Tacaíocht Náisiúnta Majbritt Bolton-Warberg, Bainisteoir Cláir Bithgheilleagair Ghorm - Foras na Mara
Ag Tacú le Nuálaíocht Cliodhna Ní Ghríofa, Bainisteoir Forbartha Gnó, Ionad Forbartha Nuálaíochta Mara (INFM), Páirc na Mara
Gréasán Tionscal Mara na hÉireann:

 

Liam Curran, Teicneolaí Sinsearach, Fiontraíocht Éireann
Táirgí Feamainne Ardluacha

 

Maeve Edwards, Stiúrthóir & Bunaitheoir - Irish Seaweed Consultancy Ltd
Deiseanna Tionscadail Pobail Colin Hannon, Comhalta taighde ag Ionad Taighde Mara agus Fionnuisce ITGME