Ros an Mhíl aitheanta mar lárionad chun tacú le tionscal na Gaoithe Eischósta

Léiríonn tuarascáil taighde cumas 900 post i bhfuinneamh in-athnuaite a chruthú i nGaeltacht na Gaillimhe

14 Deireadh Fómhair, 2021

nóiméad léite

Seolfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., tuarascáil inniu (14/10/21), a aithníonn oiriúnacht Ros an Mhíl i nGaeltacht na Gaillimhe mar lárionad d’fhorbairt mol straitéiseach chun tacú le tionscal na gaoithe eischósta agus an féidearthacht le suas le 900 post a chruthú san earnáil.

Rinne Údarás na Gaeltachta coimisiúnú ar an tuarascáil ar chuir Dublin Offshore Consultants i dtoll a chéile agus aithníonn sé na deiseanna móra atá ann do Ghaeltacht na Gaillimhe agus an geilleagar níos leithne, a d’fhéadfadh Cósta Thiar na hÉireann as Ceann Léim go Béal an Mhuirthead a athbheochan.

Tugann torthaí na tuarascála 4 chás féideartha chun solais, a léiríonn:

  • Go bhfuil an poitéinseal ag Ros an Mhíl a bheith ina mhol straitéiseach le ról tábhachtach ag tacú le píblíne suntasach Gaoth Eischósta Snámha ar Chósta Thiar na hÉireann.
  • Go gcuireann cóngaracht Chalafort Ros an Mhíl Harbour le suíomh tograí eischósta agus an cé domhainmhara ansin deis ar fáil dul isteach sa mhargadh fuinnimh eischósta atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus tráthúil.
  • Bunaithe ar sheirbhísí a chur ar fáil do thograí 3GW, níos lú ná leath an imlonnaithe íseal FOW, d’fhéadfadh suas le 900 post díreach agus indíreach a bheith mar thoradh air seo don réigiún.
  • Léireoidh an fhorbairt phráinneach ar Ros an Mhíl, mar chalafort tacaíochta do thionscal na gaoithe eischósta snámha, an deis ollmhór atá ann do Ghaeltacht na Gaillimhe agus don gheilleagar níos leithne.
  • Baineann Ros an Mhíl tairbhe as banc talún le cois an bhearta domhain 12m beartaithe, atá faoi úinéireacht Údarás na Gaeltachta agus an RTBM beirt.
  • Léiríonn seilbh Green Investment Group ar Fhuinneamh Sceirde, feirm ghaoithe eischósta 400MW, le gairid na comharthaí luatha d’aidhmeanna an mhargaidh gaoithe eischósta sa réigiún.

Is cuid thábhachtach í an Ghaeltacht Ghlas do Phlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021 – 2025.

Tá an eagraíocht tiomanta a cuid féin a dhéanamh chun lorg carbóin ár ngníomhaíochtaí féin agus gníomhaíochtaí ár gcliant agus phobal na Gaeltachta trí chéile a laghdú.  Tacóidh forbairt Ros an Mhíl mar mhol straitéiseach tacaíochta do thionscal na gaoithe eischósta leis an tionscnamh sin.  Tá Ros an Mhíl aitheanta ag Údarás na Gaeltachta le fada mar acmhainn straitéiseach, áit a bhfuil féidearthachtaí ag baint leis an gCalafort a bheith mar ionad straitéiseach náisiúnta maidir le cúrsaí fuinnimh in-athnuaite mara.

 

 

Tá Údarás na Gaeltachta ag obair as lámha a chéile leis an bpobal agus le coiste forbartha an chalafoirt lena chinntiú go mbeidh an deis ag an gCalafort cibé tairbhe is féidir a bhaint as an earnáil amach anseo agus go mbeadh an t-infreastruchtúr bunúsach cuí ar fáil sa gceantar lena sin a chur i bhfeidhm.

Ag cur fáilte roimh fhoilsiú na tuairisce dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D.:

”Glacaim buíochas le hÚdarás na Gaeltachta as ucht an bhfís a bhí acu i réiteach na tuairisce seo chun cur leis na comhráití a bhaineann le todhchaí na hinfheistíochta i Ros an Mhíl. Tá comhthéacs leathan anseo a ghearann trasna ar pholasaithe Rialtais éagsúla agus tuigim go dtabharfaidh an tÚdarás an tuairisc seo chun cinn chuig a nAire féin chun gur féidir machnamh cuimsitheach a dhéanamh ar an hábhair polasaí agus riachtanais infheistíochta atá luaite.”

Dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair:

“Cuirim fáilte roimh thorthaí an staidéir seo maidir le forbairt mol straitéiseach agus tacaíochta do thionscal na gaoithe eischósta ar Chósta Thiar na hÉireann.  Is tionscal straitéiseach é seo d’Údarás na Gaeltachta.   Má tá muid chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide, caithfidh muid leas a bhaint as na deiseanna ar fad atá ann chun fuinneamh glan a ghiniúint.  Cruthóidh mol forbartha straitéiseach infheistíocht shuntasach sa gceantar, ag cur le saol an phobail, ag cruthú fostaíochta, ag laghdú an tionchair ar athrú aeráide.”

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh leis an méid sin:

“Tá an-áthas orainn an tuarascáil seo a fhoilsiú ina léirítear iliomad deiseanna gur féidir le tionscal na gaoithe eischósta a bhaint amach agus an leas a bheadh ann do phobal na Gaeltachta ar an gcósta thiar agus comhlachtaí a bhfuil suim acu sa ngeilleagar glas.  Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta go mbainfidh gach ceantar Gaeltacht leas as an earnáil fuinnimh in-athnuaite sna blianta chun cinn agus ról lárnach aige sa Straitéis do 2021 – 2025.  Is calafort stairiúil é Ros an Mhíl i stair chúrsaí mara na hÉireann, agus muid ag súil go leanfaidh todhchaí an cheantair do na glúnta atá le theacht.”

Labhair Peter Coyle, Cathaoirleach Marine Renewables Industry Association (MRIA) faoi sheoladh na tuarascála:

“Tá acmhainn mhór gaoithe agus fuinnimh amach ón gCósta Thiar chun ioncam nua agus cruthú post a thiomáint sa gceantar as seo go ceann scór bliain.  Is tríd áiseanna ag an gcalafort a bhainfear leas astu seo.  Bhí an MRIA den tuairim le fada go bhfuil cumas nua calafoirt ag teastáil san Iarthar – le cois mianta Ghaillimh agus Sionainn Faing a bhfuil ardmheas orthu – ach is é Ros an Mhíl an áit is fearr lena uisce domhain, talamh, buntáiste tíreolaíoch agus tacaíocht Údarás na Gaeltachta.  Cuireann muid fáilte mhór roimh Thuarascáil Dublin Offshore Report a chuireann cás d’fhorbairt Ros an Mhíl chun cinn.”

Ag tagairt don tuairisc dúirt  Brian Fitzgerald, Stiúrthóir, Simply Blue Group :

“Mar fhorbróirí ar thogra gaoithe ar snámh eischósta Western Star amach ó chósta Chontae an Chláir, tá an Simply Blue Group tiomanta do na deiseanna atá anseo do chósta Thiar na hÉireann. Lárnach sna deiseanna seo beidh an gá le calafoirt lonnaithe go straitéiseacha chun tacú le forbairt ar shlabhraí soláthair áitiúla. Cuireann Simply Blue Group fáilte roimh an tuairisc a chíorann an fhéidearthacht go mbeadh Ros an Míl mar mhol straitéis do ghaoth eischósta snámha.”

Tá an tuarascáil dar teideal “Measúnú ar na Deiseanna agus na Srianta Teicniúla, Comhshaoil agus Socheacnamaíocha do chalafort Ros an Mhíl i bhfianaise na forbartha atá beartaithe do Ghaoth Eischósta Snámha (FOW) ar chósta thiar na hÉireann” a rinne Údarás na Gaeltachta coimisiúnú air, agus ar chuir Dublin OffShore Consultants i dtoll a chéile le fáil ag https://udaras.ie/assets/uploads/2021/10/Ros-an-Mhil-A-Strategic-Hub-Executive-Summary_GA.pdf