Níl aon tinteán mar do thinteán féin, agus is breá an áit é le gnó a lonnú ann

8 Deireadh Fómhair, 2021

nóiméad léite

Chuir paindéim COVID-19 ar a súile do dhaoine céard is féidir leis an nGaeltacht a chur ar fáil agus na deiseanna atá ar fáil fiú nuair a bhíonn an saol casta agus dúshláin i gceist.  Tá Marie Sweeney Khalifa ar cheann de chliaint nua gteic@Béal an Mhuirthead agus insíonn sí a scéal pearsanta féin, scéal a thuigfeadh go leor daoine eile:

“Ba chinneadh deacair a bhí ann dúinn filleadh abhaile mar go raibh an saol a bhí againn san AÉA an-chompordach.  Bhí jabanna iontacha againn, slí mhaireachtála taitneamhach, cairde maithe, ach bhí rud éigin ár dtarraingt abhaile go hÉireann.  D’fhill muid in Iúil 2019 agus bhunaigh muid an gnó i nDeireadh Fómhair.  I Márta 2020 cuireadh an domhan mór faoi ghlas, tréimhse a bhí thar a bheith deacair ar chuile dhuine.  Ag an am agus mé ag déanamh machnaimh air thuig mé cén sórt saoil a bhí agam anseo.”

Bhí an imirce tréan riamh in Éirinn agus in iarthar na hÉireann ach go háirithe, sna blianta siar chiallaigh an tírdhreach sceirdiúil agus an easpa bonneagair go rachadh daoine ar an mbád bán chun slí mhaireachtála a bhaint amach.  Cé nach bhfuil cúrsaí mar sin níos mó filleann na daoine siúd a chuaigh ar thóir eachtraí abhaile ar an ndúchas agus ar a muintir.

“Thuig mé cén fáth go raibh luí agam leis an mbaile.  Bhí ár gclann, ár gcairde, gnó agus timpeallacht nádúrtha againn anseo.  Tá chuile rud againn anseo, an trá, na cnoic, aibhneacha agus locha.  Fuair mé suaimhneas intinne agus sonas is mé i mo chónaí in Iarthar na hÉireann agus sa gceantar tuaithe seo. “

Rugadh Marie Sweeney Khalifa i mBaingear, Co. Mhaigh Eo.  Is Cóitseálaí Oideachais agus Meoin í agus bhunaigh sí féin agus a fear céile The Educoach in 2019 atá lonnaithe anois i gteic@Béal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo.

“Is muid ag fás aníos bhí eitic oibre láidir ag mo mhuintir, ní raibh aon rud nach ndéanfadh siad.  Nuair a bhí muid inár ngasúir bhí muid díreach cosúil leo agus bhíodh jabanna againn ag an deireadh seachtaine ó bhí muid 12 bliain d’aois.  Bhí rún agam i gcónaí mo ghnó féin a bhunú.  I nDeireadh Fómhair 2019 fíoraíodh an fhís sin nuair a d’fhill mé féin agus m’fhear céile abhaile tar éis cúpla bliain a chaitheamh in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.”

Deireann daoine atá ag baint úsáide as áiseanna cianoibre sna hionaid gteic ar fud na nGaeltachtaí go gcuireann an saol oibre ina gceantair dúchais nó a gceantair nua go mór lena saol pearsanta agus a saol gnó.  Is léiriú é seo ar an gcaoi a bhfuil an gréasán gteic ag cur le saol na Gaeltachta go háirithe le bliain anuas.

“Bhí mé ag obair sa mbaile don chéad bliain go leith.  Bhí sé deacair tú féin a spreagadh agus coinneáil ag imeacht agus gnó nua á bhunú.  Ach in Aibreán 2021 tugadh an deis dom oibriú as spás i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.  Bhí an spás seo lonnaithe i bhfoirgneamh gteic a bhí feicthe agam píosa roimhe sin.  Tá gnóthaí iontacha eile i gteic@Béal an Mhuirthead, roinntear smaointe go síoraí agus tá naisc shóisialta á gcruthú ann.  Tá an spás féin compordach agus tarraingteach, díreach an rud a theastaíonn uaim féin agus uaidh mo chliaint agus táim fíorbhuíoch go bhfuil mé ag obair sa spás iontach seo.”

 

Is í Marie Sweeney Khalifa bunaitheoir The Educoach gnó Cóitseálaí Oideachais agus Meoin atá lonnaithe i gteic@Béal an Mhuirthead atá ar Leithinis Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo. www.educoachireland.com