Forbairt bhreise ceadaithe do gteic@An Cheathrú Rua

Mol digiteach le dúbailt i méid sa mbliain seo romhainn

8 Deireadh Fómhair, 2021

nóiméad léite

Tá maoiniú caipitil ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta chun gteic@An Cheathrú Rua, mol digiteach agus nuálaíochta, a leathnú, rud a chiallaíonn go ndúblóidh méid an mhoil sa mbliain seo romhainn.

De bharr éilimh ar thuilleadh spáis tá soláthar caipitil suas go €66,000 ceadaithe ag an mBord chun leathnú de thart ar 385 méadar cearnach a chur le gteic@An Cheathrú Rua atá lonnaithe ar Pháirc Ghnó na Ceathrún Rua.  Cuirfidh an síneadh spásanna oifige nua ar fáil le cur leis na hoifigí agus deasca sealaíochta atá ar fáil san ionad faoi láthair. Cuirfidh an fhorbairt cheithre oifig bhreise ar fáil le suas le 10 deasc iontu chun deis a thabhairt do chomhlachtaí beag, fiontraithe, forbróirí coincheapa agus cianoibrithe lonnú sa gteic agus deis chomh maith leis sin a thabhairt do chomhlachtaí móra suíomh satailíte nó an dara suíomh a bhunú.

Osclaíodh gteic@An Cheathrú Rua in 2018 agus tá an t-ionad á bhainistiú ag Comharchumann Mhic Dara thar ceann Údarás na Gaeltachta. Tá an gteic, mar atá sé faoi láthair, beagnach lán agus tá gá le tuilleadh spásanna oifige leis na deiseanna atá tagtha chun cinn le linn COVID-19 agus an t-athrú ar nósmhaireachtaí a thapú.

Tá forbairt gteic@An Cheathrú Rua luaite mar ghné sonrach de Phlean Gníomhaíochta na Ceathrún Rua 2021 – 2026 a seoladh an tseachtain seo caite. Beidh cúrsaí fiontraíochta, turasóireachta agus teanga ina gcuid lárnach d’fheidhmiú an phlean agus tá tús dearfach curtha leis agus an maoiniú seo ceadaithe.  Meastar go mbeidh éileamh ar spásanna do dhaoine atá ag obair i réimsí forbartha cosúil le forbairt córais IT, seirbhísí teilifíse, fuinneamh, forbairt táirgí agus tionscnaimh oiliúna, taighde agus forbartha.

Ag tagairt don scéala dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:

“Cúis sásaimh atá ann do Bhord Údarás na Gaeltachta an fás agus an fhorbairt atá ag teacht ar ghréasán gteic agus táimid sásta a bheith in ann maoiniú a cheadú chun méadú a chur ar gteic@An Cheathrú Rua. Tá fiúntas an ghréasáin gteic seo á léiriú san éileamh atá ar spásanna oibre iontu agus is comhartha mór dóchais don Ghaeltacht é.”

Ag labhairt dó maidir leis an bhfógra dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

“Rachaidh an maoiniú breise seo atá ceadaithe chun sochair gteic@An Cheathrú Rua agus na daoine atá lonnaithe nó a bheidh lonnaithe ann.  Tús dearfach atá anseo le cur i bhfeidhm garspriocanna Phlean Gníomhaíochta na Ceathrún Rua. Is áis iontach é seo ar an gCeathrú Rua, agus cuirfidh an síneadh go mór leis na deiseanna a bheidh ar fáil ar an mbaile.  Spreagfaidh sé gníomhaíochtaí breise sa bpobal agus cuirfear borradh breise faoin ngeilleagar áitiúil.  Tabharfaidh sé deis chomh maith do dhaoine a bheith in ann cianoibriú óna gceantar dúchais, áit a bhfuil seirbhísí den scoth agus leathanbhanda ar ardluais.”

Ag tagairt don bhfógra dúirt Seán Ó Domhnaill, Bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara:

“Cuireann muid céad fáilte roimh fhógra Údarás na Gaeltachta go bhfuil leathnú le cur ar an áis seo a bhfuil áit lárnach cruthaithe aige i saol oibre na Ceathrún Rua. Is é seo ceann de na chéad mholtaí fiontraíochta a bhí i bPlean Gníomhaíochta na Ceathrún Rua a seoladh le gairid agus is údar dóchais don phobal é go bhfuil tús láidir curtha le feidhmiú an phlean. Beidh deiseanna iontacha san áis seo do phobal na Ceathrún Rua sna blianta amach romhainn.”