An Domhan Mór agus an tIarthar ina ndúiseacht arís

1 Deireadh Fómhair, 2021

nóiméad léite

Agus an domhan agus an saol ag filleadh ar an ngnáthshaol de bheagán, tá cliant gteic@An Spidéal Go West Conference & Event Management ag súil go mbeidh cúrsaí gnó ar ais mar a bhí roimh an bpaindéim ach le meascán imeachtaí fíorúla agus ar aghaidh an duine:

“Faoi láthair tá Go West Conference & Event Management cruógach le himeachtaí fíorúla agus bhí muid mar seo ó Aibreán 2020.  Tá ríméad orainn go mbeidh Food on the Edge, siompóisiam dhá lá do chefanna agus daoine a mbreá leo bia ó ar fud an domhain ag tarlú faoi dhíon agus go fíorúil san Airfield Estate i mBaile Átha Cliath ar an 17ú & 18ú Deireadh Fómhair, agus tá muid ag súil go mbeidh 300 duine i láthair ag an ócáid sin.  Beidh meascán againn de chainteoirí a bheidh linn ar an láthair agus cainteoirí a bheidh linn go fíorúil."

Is comhlacht comhdhála agus bainistíochta imeachtaí iad Go West le hos cionn 26 bliain i dtaithí i mbainistíocht comhdhálacha agus imeachtaí idirnáisiúnta agus náisiúnta.  Tá an comhlacht lonnaithe i gteic@An Spidéal atá lonnaithe i gceantar álainn an Spidéil i gCo. na Gaillimhe.

Le linn dóibh a bheith ag obair ón mol le linn na paindéime d’éirigh leo a gcuid spriocanna a bhaint amach agus iad in áit nach rabhadar riamh cheana:

“Ba mhór an buntáiste a bhí sa leathanbhanda ardluais don chomhlacht le linn COVID-19 agus muid ag athrú ár gcur chuige agus comhdhálacha fíorúla á n-eagrú againn.  Bhí go leor scileanna againn ach b’éigean dúinn múnla gnó a chur in oiriúint agus tosú ag úsáid ardáin sruthaithe chomh maith le cumarsáid a leithdháileadh,  chomh maith le hidirbheartaíocht, dul i gcomhairle le haoíchainteoirí, taifeadadh agus imeachtaí a léiriú.  Bhí buntáiste ag baint leis na seomraí cruinnithe móra agus chuaigh siad i bhfeidhm ar chliaint agus muid ag casadh leo go fíorúil nó ar aghaidh an duine.”

Ón láthair sin tá Go West Conference & Event Management, atá i mbun gnó ó 1995 agus a bhunaigh Kathleen McDonagh agus Kerry O’Sullivan le chéile, ag obair ar chomhdhálacha agus imeachtaí lena n-áirítear comhdhálacha cumainn, cruinnithe oideachais, comhdhálacha leighis agus eolaíochta, comhdhálacha poiblí, comhdhálacha agus imeachtaí corparáideacha.  D’oibrigh siad le hiomaí cliant thar na mblianta ag ócáidí agus in 2019 bhuaigh siad an gradam Eagraí Comhdhála Proifisiúnta is Fearr ag na Gradaim Imeachtaí Tionsclaíocha na hÉireann.

Is cinnte go raibh tionchar ollmhór ag an bpaindéim domhanda ar an tionscal sin:

“Beidh moill toscairí idirnáisiúnta a mhealladh ar ais ag comhdhálacha in Éirinn dá mbeadh muid ag iarraidh uimhreacha 2019 a bhaint amach.  Mar bhaill den AIPCO (Association of Irish Professional Conference Organisers) tá muid ag obair le Fáilte Éireann chun an scéala a insint go bhfuil Éire oscailte.  Cuireadh isteach go mór ar an ngnó turasóireachta, níl aon turais ag teacht go hÉireann in 2021.  Ach tá comharthaí téarnaimh, tá roinnt turais curtha in áirithe do 2022 ag tosú i mí Bealtaine,  is turais cuid acu seo a cuireadh ar athlá in 2020 ach tá fiosrúcháin nua tagtha freisin.”

Is breá le foireann Go West comhdhálacha gairmiúla gan strus agus a bhfuil rath orthu a chur ar fáil dá gcliaint agus tá siad freagrach as pleananna turais grúpaí móra ar fud na hÉireann a bhainistiú.  Is ré nua agus spreagúil atá ann don chomhlacht a bheith ag obair as gteic agus tá go leor buntáistí ann don fhoireann:

“Is mór an spreagadh é a bheith ag obair i bhfoirgneamh nua-aimseartha, nuálach agus tarraingteach agus a bheith mar chuid de phobal gteic. Tá na háiseanna sa gteic iontach, tá an oifig compordach agus leathanbhanda ar ardluais againn agus is mór an spórt é an láthair caife/lóin, bíonn sé go deas casadh le baill eile de phobal gteic.   Tá láthair an fhoirgnimh iontach, ag am sosa is féidir dul amach taobh amuigh agus dul ag siúl le cois na trá, dul ag siopadóireacht sa gCeardlann, agus dul le haghaidh caife nó lóin sa mBuilín Blasta, siopa caife álainn. Tá sé iontach gan a bheith sáinnithe sa gcarr agus go bhfuil páirceáil saor in aisce taobh amuigh den doras.  Is athrú dearfach a bhí anseo don ghnó.”