Teanga, Turasóireacht agus an Timpeallacht i gcroílár thodhchaí na Ceathrún Rua

Plean Gníomhaíochta seolta le 55 moladh thar 7 dtéama a chruthóidh 300 post nua

27 Meán Fómhair, 2021

nóiméad léite

Seolfar an plean gníomhaíochta An Cheathrú Rua 2021-2026 inniu (27/09/21) a fhéachfaidh leis an gCeathrú Rua a neartú agus forbairtí a chur in áit a fheabhsóidh an ceantar mar áit chun maireachtáil ann, chun oibriú ann agus chun cuairt a thabhairt air.  Tá an plean uaillmhianach seo foilsithe ag Comharchumann Mhic Dara i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus is í Mary Uí Chadhain, Comhalta Boird Údarás na Gaeltachta, a dhéanfaidh an plean a sheoladh ag ócáid i gcroílár an bhaile Gaeltachta seo inniu.

 

55 moladh atá sa bplean leagtha amach faoi seacht gcinn de théamaí straitéiseacha:

  • Teanga & Cultúr,
  • Turasóireacht,
  • Fiontraíocht,
  • Na hEalaíona,
  • Seirbhísí & Bonneagar,
  • Margaíocht,
  • Beartas, Córas & Spriocanna.

 

Beidh aidhmeanna agus gníomhaíochtaí faoi leith ag baint leis na téamaí áirithe seo ach pobal láidir, le seirbhísí den scoth áit a bhfuil an Ghaeilge ina lár an príomhsprioc atá leis an bplean gníomhaíochta seo. Le forbairt, tagann fostaíocht, agus léiríonn staidéar ar an gcumas cruthú post sa bplean seo go bhfuil an deis ann níos mó ná 300 post nua inbhuanaithe a chruthú, má fhorbraítear an plean go rathúil ina iomláine.

 

Príomhspriocanna an Phlean

Teanga & Cultúr

  • Ionad Domhanda na Gaeilge a lonnú ar an gCeathrú Rua,
  • An Cheathrú Rua a bheith ainmnithe go hoifigiúil mar
    • Bhaile Seirbhíse Gaeltachta
    • phríomhshráidbhaile i nGaeltacht Chonamara,
  • Lárionad do sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge & aistriúcháin a bhunú ar an gCeathrú Rua.

 

Turasóireacht

  • Tógáil ar acmhainn suntasach turasóireachta Thrá an Dóilín,
  • Bealaí siúlóide agus rothaíochta a fhorbairt le bealaí glasa agus gorma ina measc,
  • Eispéiris turasóireachta chultúrtha a mheallfadh 100,000 cuairteoir a fhorbairt.

 

Fiontraíocht

  • Pobal fiontraithe a chruthú agus a chothú ar an gCeathrú Rua,
  • Céim a 2 den tionscnamh painéil ghréine fótavoltach pobail a fhorbairt sa gceantar,
  • Plean straitéiseach a fhorbairt do pháirceanna gnó na Ceathrún Rua agus Chasla.

 

Na hEalaíona

  • Lárionad Ealaín na Gaeilge a chuimsiú in Ionad Domhanda na Gaeilge.

 

Seirbhísí & Bonneagar

  • Ionad spóirt cheart le linn snámha a fhorbairt ar an gCeathrú Rua,
  • An leithinis iomlán a fhorbairt mar lárionad do chaitheamh aimsire faoin aer le lúba siúlóide, reatha agus rothaíochta, chomh maith le brat gorm ar gach trá.

 

Margaíocht

  • Feachtas náisiúnta a fheidhmiú ag mealladh daoine chuig an gCeathrú Rua.

 

Comharchumann Mhic Dara, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus Hosty Consulting a chur an plean forbartha straitéiseach seo don Cheathrú Rua i dtoll a chéile.  Bhí 58 rannpháirtí páirteach sa bpróiseas chomh maith idir lucht gnó, daoine áitiúla, eagraíochtaí áitiúil agus Stáit.

 

Ag tagairt don Phlean Gníomhaíochta dúirt Seán Ó Domhnaill, Bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara:

“Tá céim thábhachtach á tógáil inniu i dtodhchaí na Ceathrún Rua. Ní féidir aon dul chun cinn a dhéanamh gan plean agus tá plean straitéiseach curtha le chéile ón mbun aníos le tacaíocht an phobail agus a léiríonn fís uaillmhianach don Cheathrú Rua mar phobal láidir Gaeltachta do na glúnta atá le theacht inár ndiaidh.

Glacaimid buíochas le hÚdarás na Gaeltachta as ucht a dtacaíocht i réiteach an phlean agus táimid ag súil lena chur i bhfeidhm i gcomhar leo sna blianta seo romhainn.”

 

Ag dearbhú tacaíochta Údarás na Gaeltachta maidir leis an bplean dúirt an Príomhfheidhmeannach, Mícheál Ó hÉanaigh:

“Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh Phlean Gníomhaíochta na Ceathrún Rua agus dearbhaíonn muid go mbeifear ag comhoibriú go dlúth le Comharchumann Mhic Dara agus le pobal an cheantair lena fheidhmiú. Chuige sin, tacaíonn muid leis an gcur chuige comhoibríoch agus tras-rannach atá leagtha síos sa bPlean a chuirfidh dlús arís faoi chúrsaí teanga, cultúir, fiontraíochta agus pobail sa gceantar. Is lárionad tábhachtach daonra atá sa gCeathrú Rua ó chúrsaí teanga agus cúrsaí fiontraíochta agus tá deiseanna nach beag le tapú ag an mbaile sna blianta atá amach romhainn. Tacóidh an bunchloch láidir atá sa gceantar agus feidhmiú an phlean uaillmhianach seo go mór leis an gceantar an fhís atá léirithe acu a bhaint amach.”

 

 

 

Críoch

 

Is féidir cóip den phlean a fheiceáil nó a íoslódáil ag www.ancheathrurua.ie nó ag www.udaras.ie (https://udaras.ie/assets/uploads/2021/09/Plean-Gníomhaíochta-na-Ceathrún-Rua-1.pdf)