Ag digitiú comhlachtaí ar fud na hEorpa as gteic i Maigh Eo

16 Meán Fómhair, 2021

nóiméad léite

Tá na fiontraithe Elaine Doherty agus Sandra Ginnelly ag iarraidh an strus agus an dua a bhaint de ghnóthaí a bhfuil drogall orthu dul i dtreo digitiú.  Ba i dtírdhreach álainn Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo an áit le tabhairt faoina leithéid d’fhiontar.

Bhunaigh siad Elasan Solutions Ltd níos túisce i mbliana, comhlacht nua-thionscanta digiteach faoi leith lonnaithe i gteic@Béal an Mhuirthead in Iorras, Co. Mhaigh Eo.  Cuireann siad seirbhís iomlán ar fáil d’FBManna maidir leis an saineolas agus na scileanna a theastaíonn chun réitithe digiteacha a aimsiú, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ina ngnóthaí.

Le breis agus 20 bliain taithí acu i nDigitiú, Margaíocht Dhigiteach agus i bhForbairt Gnó, tá Elaine agus Sandra ag ceann an chomhairimh leis an domhan mór ag dul i treo bunathrú digiteach.

“Tuigeann muid nach mar a chéile aon dhá chomhlacht mar sin déanann muid ár ndícheall réitithe digiteacha faoi leith a chur ar fáil chun gnó ár gcliaint a chur chun cinn.  Tá sé mar aidhm againn na hardáin chearta dhigiteacha a chur i bhfeidhm san áit cheart sa gcaoi is go mbeidh ár gcuid cliant in ann cur lena gcuid próisis ghnó chun scálú agus solúbthacht a éascú agus go deimhin costais a ísliú.”

Le géarú ar chúrsaí digiteacha ag tarlú ar fud na dtionscal ar fad de bharr na paindéime, tá gnóthaí ag cur infheistíocht bhreise sa réimse teicneolaíochta agus ag tabhairt tús áite dó.

“Tá ceannairí tionscail ar nós Deloitte ag rá ‘ní rud é digitiú “a bheadh go deas a bheith agat” is rud é “a chaithfidh a bheith agat”, rud a chuireann iallach ar eagraíochtaí athrú a dhéanamh agus a bheith níos nua-aimseartha lena chinntiú go ritheann oibríochtaí fós mar is ceart. Léiríonn éileamh agus taighde nach bhfuil na scileanna ag go leor FBManna chun na hardáin dhigiteacha chuí a aimsiú agus a chur i bhfeidhm, agus is as sin a tháinig Elasan Solutions.”

Leis an lear mór ardáin agus feidhmchláir ar an margadh, thug Elasan Solutions faoi deara go sciobtha go raibh sé deacair ag gnóthaí cinneadh a dhéanamh faoi na huirlisí cuí a theastódh uathu mar sin thosaigh siad amach ag foinsiú agus ag saincheapadh réitithe digiteacha ar leith chun buntáiste iomaíoch a thabhairt dá gcliaint.

“Ag glacadh éilimh FBManna san Eoraip san áireamh, d’fhorbair muid aip faoi leith do cháipéisí ar féidir le cliaint a úsáid pé tionscal ina bhfuil siad, ó chúrsaí tógála go cúrsaí talmhaíochta.  Athraíonn an aip a gcuid foirmeacha páipéir agus sreabhadh oibre go dtí foirmeacha soghluaiste – rud a chuireann ar a gcumas fáil níos éasca, sciobtha agus cruinn a bheith acu ar bhailiú sonraí.  Tá go leor gnéithe den scoth ag baint leis an aip – Scanadh QR & Barrachóid, Lorgaireacht GPS agus tógáil pictiúir/físeáin/fuaime.  Lena chois sin, déantar na sonraí a chur i dtoll a chéile mar léargais ghnó fhiúntacha trí chlár tuairisceáin.

Is as ceantar Iorrais Elaine agus Sandra beirt agus iad ag tógáil a gclann óg sa gceantar. Is cúis bhróid dóibh go bhfuil siad fanta in Iorras chun a gcomhlacht nua a fhorbairt agus a fhás.

“Mar ghnó nua-thionscanta tá an t-ádh orainn go bhfuil na háiseanna iontacha seo ar fáil ar leac an dorais agus tá muid thar a bheith buíoch mar chomhlacht atá sáite i gcúrsaí digiteacha go bhfuil fáil againn ar leathanbhanda ardluais, rud a chiallaigh nach raibh aon chall dúinn bogadh ón mbaile chun ár smaoineamh a fhorbairt agus ár n-gnó a bhunú. Chomh maith leis sin, cuirfidh na háiseanna atá ar fáil i gteic@Béal an Mhuirthead agus tacaíocht Údarás na Gaeltachta ar ár gcumas ár bhfoireann a fhás amach anseo ag cur fostaíochta ar fáil go háitiúil, éacht atá ann cabhrú le daoine cosúil linn féin a ngairm bheatha a fhorbairt sa mbaile.”

 

Is iad Elaine Doherty agus Sandra Ginnelly bunaitheoirí Elasan Solutions, comhlacht nua-thionscanta a chuireann seirbhís digiteach ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.  Tá an comhlacht á rith acu as gteic@Béal an Mhuirthead ar leithinis Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo.  www.elasansolutions.ie

Tá gteic@Béal an Mhuirthead lonnaithe ar Pháirc Ghnó Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Mhaigh Eo. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn. Tá gteic @Béal an Mhuirthead ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.