Níl Dún na nGall Scoite Amach ná ar chor ar bith!

10 Meán Fómhair, 2021

nóiméad léite

Tá na céadta ollbhoscaí lastais á gcur i dtír ar fud an domhain in áiteanna ar nós Tóiceo, Shanghai, Abú Dhabí, an Téaváin agus sna Stáit Aontaithe agus tá súil á gcoinneáil ar na turais sin ar fad ó gteic@Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall.  D’oibrigh fear Chorcaí Padraig Lawlor ar fud na hÉireann, sa Mheánoirthear agus i Meiriceá i bpoist éagsúla sular chuir sé faoi sna Rosa in éineacht lena bhean chéile Martina agus a dtriúr iníonacha.  Cuireann a chomhlacht comhairliúcháin réimse leathan seirbhísí ar fáil: bainistiú tograí, ceannachán, airgeadas, bainistiú oibríochtaí agus lóistíocht.

I dtosach thosaigh sé amach ag obair ó na deasca sealaíochta sa mol digiteach agus nuálaíochta sular aistrigh sé go dtí oifig a bhí curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta ann. “Tá cliaint agam sna Stáit Aontaithe, san Áise agus sa Mheánoirthear.  Tá fáil ar an bhfoirgneamh seo seacht lá na seachtaine, lá is oíche, mar sin is féidir liom freastal ar chriosanna ama na gcliant ar fad,” a deir an tUasal Lawlor.

Anuraidh, bhog a chomhlacht 20,000 ollbhosca lastais ag úsáid leoraithe, traenacha, agus iompar idirnáisiúnta go dtí áiteanna ar fud na cruinne. “Tá dearcadh ann fós go bhfuil Dún na nGall iargúlta ach tá muid nasctha leis an gcuid eile den domhan anois le luas leathanbhanda atá chomh maith le háit ar bith ar domhan,” a dúirt sé.

Bhí cúpla fáth gur socraíodh filleadh abhaile, agus ar Dhún na nGall. “Bhí fonn orainn go bhfoghlaimeoidh ár gclann Gaeilge agus iad ag fás aníos.  Thosaigh an scoil náisiúnta áitiúil anseo ar an gCéideadh ag múineadh an churaclaim trí mheán na Gaeilge – rud a bhí an-tráthúil mar bhí an duine is sine againn Aoibheann, in aois tosú ar scoil.  Theastaigh uainn freisin go bhfásfaidís aníos i gceantar tuaithe in Éirinn ag imirt peile, camógaíochta agus iomána.  Tá an t-ádh orainn go bhfuil ceantair Na Rosa agus Ghaoth Dobhair ann chun freastal ar na spóirt seo agus ós rud é gur as an gceantar seo muintir Mhartina, bhí ciall le bogadh anseo,” a dúirt sé.

Roimh an bpaindéim, bhíodh an tUasal Lawlor ag dul ar thurais chuig an Meánoirthear agus na Stáit Aontaithe go mion minic. “Tá an saol níos éasca le haerfort i gCarraig Fhinn, is féidir liom eitilt as Aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí an Meánoirthear agus na Stáit Aontaithe.  Níl aon easnamh orainne ó thaobh ár saol pearsanta ná ár saol gairmiúil anseo,” a dúirt sé.  Ó shuíomh gteic@Gaoth Dobhair, cuireann comhlacht an Uasail Lawlor seirbhísí lóistíochta ar fáil d’earnáil na talmhaíochta, seirbhísí tomhaltóra agus tógála, le ollbhoscaí lastais ag teacht i dtír in áiteanna ar fud an domhain go laethúil.

Tá deacrachtaí ag an tionscal faoi láthair mar gheall ar an bpaindéim, áit a dteastaíonn monatóireacht seacht lá na seachtaine lá is oíche uaidh ollbhoscaí lastais agus áirithintí ach tá sé dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí de réir mar a théann an bhliain ar aghaidh.  “Tosaíonn an lá oibre ag a hocht ar maidin leis an Áise ansin tagann na SA isteach san oifig ar an gcósta thoir thart ar mheán lae.  Tá crios ama na hÉireann iontach chun idirghníomhú leis an oirthear agus leis an iarthar ó thaobh gnó idirnáisiúnta de.  Is féidir oibriú ón réigiún seo mar gheall ar an gceangal leathanbhanda.  Gan é ní bheifí in ann an cineál seo oibre a dhéanamh. Mar gheall ar an idirlíon níl an domhan chomh mór sin níos mó, tá níos mó deiseanna ar fáil ná mar a bhí riamh cheana,” a dúirt sé.

De bharr a láithreacht in ionad gteic is féidir leis dul i mbun líonraithe leis na comhlachtaí eile sa bhfoirgneamh agus i nDún na nGall rud a chruthaíonn deiseanna eile dá ghnó comhairliúcháin.  Bhí an tUasal Lawlor ag obair mar innealtóir le IBM ar feadh cúpla bliain sula ndeachaigh sé le cuntasaíocht, rud a chur ar a chumas dul i mbun oibre in earnálacha agus in ilchríocha éagsúla ar fud an domhain.

Chuaigh sé go Riyadh san Araib Shádach ag obair don chomhlacht Almarai agus as sin go dtí na SA mar Bhainisteoir Ginearálta Cúnta ag comhlacht a bhí ag socrú suas áiseanna déantúsaíochta tógála.  “Nuair a chuaigh mé go dtí an Meánoirthear ba é an chéad dualgas mar rialtóir airgeadais a bhí orm ná an rannóg iompair, ollstórála agus ceardlainne a bhainistiú. Ag an am bhí beagnach 1,300 leoraí againn agus bhí an comhlacht ag fás go tapa.  Is anseo a fuair mé tuiscint ar chúrsaí lóistíochta agus ag baint taitnimh as.  D’athraigh mé as sin go dtí post i bpleanáil airgeadais chorparáide i Riyadh agus ansin go dtí na SA mar stiúrthóir tráchtála ag athrú go dtí ról oibríochtaí.  Seo é an áit ar chuir mé an-suim go deo i lóistíocht, leoraithe, traenacha, iompar idirnáisiúnta agus sin é an cineál oibre atá mé ag déanamh inniu,” a dúirt sé.

 

Tá Padraig Lawlor ag rith GRA Consulting as gteic@Gaoth Dobhair atá lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall in iarthuaisceart na hÉireann. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn. Tá gteic@Gaoth Dobhair ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.

 

*Tá téacs an ailt seo aistrithe agus foilsithe le caoinchead Harry Walsh, Donegal Democrat