An Eolaíocht agus an Teicneolaíocht á nascadh sa nGaeltacht

Saotharlanna Nuálaíochta oscailte go hoifigiúil i gteic@An Spidéal

30 Iúil, 2021

nóiméad léite

gTeic @An Spidéal, Cuairt scoileanna

Is í Heather Humphreys T.D., an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, a osclóidh an t-ionad saotharlainne nuálaíochta atá forbartha ag Údarás na Gaeltachta i gteic@An Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe inniu 30/07/2021. Tá na háiseanna saotharlanna forbartha mar áis nuálaíochta do ghnóthaí atá lonnaithe sa mol digiteach agus a bheadh ag forbairt coincheapa nó i mbun tástála ar tháirgí. D’oscail an tAire an trí saotharlann ina bhfuil dhá chomhlacht éagsúil ag feidhmiú faoi láthair.

Achar 86 méadar cearnach atá i gceist leis na saotharlanna atá forbartha i gteic@An Spidéal agus á n-úsáid d’fheidhmeanna éagsúla saotharlainne ag cothú éiceachóras fíor fheiliúnach do ghnóthaí atá ag tosú amach. Tá na saotharlanna suiteáilte amach le háiseanna uisce agus doirteal agus binsí oibre le córais aerála sa gcaoi is go mbeidh trealamh sainfheidhmeach ag obair go héifeachtach sa tsaotharlann.  Is féidir an caighdeán is airde maidir le hanailís fisiciúil, cheimiceach agus DNA agus réimsí teicniúla gaolmhara a chur i gcrích sna saotharlanna agus cuireann seirbhís den scoth ar fáil do riachtanas oibríochtúil na gcomhlachtaí HiTech Health agus Epitheal, atá lonnaithe iontu.

Tógadh gteic@An Spidéal le tacaíocht suntasach maoinithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe le blianta beaga anuas agus fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh os cionn €424,000 de mhaoiniú ceadaithe faoi Scéim Connected Hubs na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail chun uasghrádú a dhéanamh ar 15 ionad gteic maidir le héifeachtacht fuinnimh, bothán rothar, áiseanna físchomhdhála agus teicneolaíocht do dhoirse nua-aoiseacha i measc oibreacha eile.

Ag labhairt ag an oscailt dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys T.D.:

"Tá ríméad orm na saotharlanna seo a oscailt ag gteic@An Spidéal agus a fheiceáil mar atá an mol seo ag úsáid na teicneolaíochta agus na heolaíochta chun an cian oibre a chur chun cinn. Léiríonn an togra seo cumhacht na nascachta chun gnóthaí d’ardchaighdeán a mhealladh chuig ceantair tuaithe cosúil leis An Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Léiríonn comhlachtaí cosúil le HiTech Health agus Epitheal gur féidir le gnóthaí fás agus forbairt is iad ag obair as moil tuaithe agus nach gá a bheith cóngarach do chathracha nó bailte móra chun rath a bheith ar do ghnó.

Tá an cian oibre agus tógáil gréasán náisiúnta d’os cionn 400 mol mar chuid lárnach do pholasaí Forbartha Tuaithe an Rialtais, Ár dTodhchaí Tuaithe. Tá muid an-sásta a bheith ag tacú le hÚdarás na Gaeltachta agus iad ag leathnú a ngréasán gteic ar fud na gceantar Gaeltachta sa tír.”

Ag labhairt dó ag an ócáid dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

“Tá muid fíor shásta go bhfuil na saotharlanna nuálaíochta atá oscailte go hoifigiúil inniu ag réiteach an bhealaigh d’fhorbairtí nua as ár n-ionaid gteic. Cuireann na háiseanna seo luach agus deiseanna breise ar fáil do chomhlachtaí ó mhoil gteic. Beidh forbairtí dá léithéid ag cur go mór lenár bpobail, le gnóthaí a fhás agus fostaíocht a bhuanú i gceantair tuaithe na Gaeltachta.  Bhí an maoiniú a ceadaíodh don eagraíocht faoin gciste RRDF ríthábhachtach do leathnú gréasán digiteach gteic, gréasán ar bhain daoine leas as le linn na paindéime agus a mbeidh an-tóir air sna blianta atá le theacht.”