An chéad fhód iompaithe ag gteic@Baile an Sceilg agus tús curtha le forbairt €2.03m ar Leithinis Uíbh Ráthaigh

28 Iúil, 2021

nóiméad léite

Is í Heather Humphreys T.D., an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, a d’iompaigh an chéad fhód go hoifigiúil inniu (28/07/2021) ar thogra €2.03m gteic@Baile an Sceilg, mol atá á fhorbairt ar Leithinis Uíbh Ráthaigh.  In Aibreán na bliana seo chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an maoiniú caipitil ar fáil chun an mol seo a chur in áit ar an leithinis, rud a chuirfidh go mór le hathbheochan an cheantair agus a thacóidh le gníomhaíochtaí Thascfhórsa Idirghníomhaireachta Uíbh Ráthaigh.

Cuirfidh gteic@Baile an Sceilg áit oibre ar fáil do leathchéad duine, chomh maith le cláir ar chianfhoghlaim agus cúrsaí uasoiliúna i gceantar Gaeltachta Chiarraí Theas.  Cuirfear tacaíocht ar fáil do chomhlachtaí beaga forbairt agus leathnú a dhéanamh agus cuirfear spásanna cianoibre ar fáil don cheantar máguaird.  Tá an togra seo mar chuid de ghréasán gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta atá á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair tuaithe ar fud Ghaeltacht na hÉireann atá ag croílár Straitéis Údarás na Gaeltachta 2021 - 2025.  Beidh an áis seo in Uíbh Ráthach ina lárionad tacaíochtaí gnó ríthábhachtach do cheantar Gaeltachta na leithinse agus an ceantar mórthimpeall.  Mar chuid den togra déanfar Bainisteoir Forbartha Gnó a earcú ar feadh tréimhse trí bliana faoi scáth Údarás na Gaeltachta chun tacú le comhlachtaí beaga, go háirithe fiontair atá ag tosú amach, ag cinntiú go bhfuil seirbhísí fiontraíochta agus forbartha pobail ar fáil.

Tacóidh an t-ionad nuálaíochta agus cruthaitheachta seo le Tascfhórsa Idirghníomhaireachta Uíbh Ráthaigh a bunaíodh in Uíbh Ráthach i Meán Fómhair 2017 chun Plean Gníomhaíochta don cheantar a chur i bhfeidhm.  Leag an Tascfhórsa beartas dúshlánach réalaíoch céimiúil amach a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic le titim daonra, dul in aois pobail, agus meath eacnamaíochta agus sóisialta.  Tá an Tascfhórsa ag iarraidh teaghlaigh agus fiontraithe a mhealladh chuig an gceantar álainn seo chun na dúshláin sin a mhaolú.  Táthar ag súil go mbeidh an plean mar mhúnla do cheantair eile ar fud na hÉireann a bhfuil an brú céanna orthu.

Ag labhairt di ag iompú an chéad fód ar an ionad gteic dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys T.D.: 

“Bhí ríméad orm an chéad fhód a iompú ag an mol digiteach gteic nua i mBaile an Sceilg i gCiarraí Theas.  Bhí áthas ar mo roinn os cionn €2m i maoiniú caipitil a chur ar fáil don togra tábhachtach seo ar Leithinis Uíbh Ráthaigh agus tacú le hÚdarás na Gaeltachta agus iad ag leathnú a ngréasán gteic.  Táim cinnte go gcuirfidh an mol digiteach nua seo borradh faoin bpobal, ag cur deis ar fáil do dhaoine a bheith ag cianoibriú agus líon na gcustaiméirí eacnamaíochta a ardú sa cheantar.  Is é príomhchuspóir Ár dTodhchaí Tuaithe, plean straitéiseach cúig bliana an Rialtais do cheantair tuaithe na hÉireann 400 mol digiteach, moil i roinnt de na ceantair is iargúlta sa tír, a fhorbairt.  Cuirfidh ceangal digiteach d’ardchaighdeán deis nár fachtas riamh ceana ar fáil chun ceantair tuaithe na hÉireann agus an gréasán gteic a athrú, agus tacóidh togra Connected Hubs mo roinne leis an bhfís sin a thabhairt chun críche.

Chuir Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, fáilte roimh scéala an lae inniu:

“Thar ceann an Bhoird ba mhaith liom fáilte mhór a chur roimh an scéala go bhfuil tús curtha le forbairt gteic@Baile an Sceilg i gceantar Uíbh Ráthaigh i gCiarraí Theas a fuair tacaíocht maoinithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.  Is dea-scéala é seo do phobal agus fiontraithe an cheantair agus cuirfidh sé go mór le hobair Thascfhórsa Idirghníomhaireachta Uíbh Ráthaigh chomh maith atá ag obair go dícheallach ar mhaithe le borradh a chur faoi fhorbairt an cheantair. Cuirfidh sé tacaíocht ar fáil d’fhiontair bheaga agus do dhaoine ar mhaith leo filleadh ar an mbaile nó saol nua a thosú ar Leithinis Uíbh Ráthaigh.”

Labhair Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, faoin ócáid:

“Cuireann muid an-fháilte roimh an scéala go bhfuil an chéad fhód iompaithe ar shuíomh gteic@Baile an Sceilg, a bhuíochas do mhaoiniú caipitil ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail níos luaithe sa mbliain.  Cuirfidh an t-ionad seo borradh faoi leith faoi cheantar atá ag dul i ngleic le bánú na tuaithe, fadhbanna eacnamaíochta agus infreastruchtúir agus athbheochan an réigiúin.  Tabharfaidh an togra seo an rogha do lucht Diaspóra na Gaeltachta filleadh ar an mbaile agus a bheith ag cianoibriú nó tús a chur lena ngnólachtaí féin san ionad nua-aimseartha seo atá á fhorbairt chun deiseanna fostaíochta nuálaíocha a chruthú agus a chothú. Beidh gteic@Baile an Sceilg ina eiseamláir do mhoil dhigiteacha agus nuálaíochta nuair a bheidh an obair curtha i gcrích.”