Fás gasta ProAmpac i nGaoth Dobhair

Ceannach Euroflex Teo. chun cumas agus acmhainn an chomhlachta domhanda pacáistíochta a leathnú i nGaeltacht Dhún na nGall

27 Iúil, 2021

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhógra ProAmpac, cliantchomhlacht lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, go bhfuil aontú idir iad agus Euroflex Teo. an comhlacht priontála agus pacáistíochta, a gcomharsan ar áis Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Dhún na nGall, a cheannach.

Neartóidh an ceannachán aontaithe, aontú nach bhfuil na téarmaí foilsithe, cumas priontála scannán, lannú agus málaí freangáin ProAmpac a chinnteoidh slabhra soláthar comhtháite, leathnú ar an saineolas táirgthe agus a mbonn custaiméara gormshlise in Éirinn a mhéadú chomh maith le seirbhís a threisiú dá gcustaiméirí Eorpacha.

Is gnó teaghlaigh é Euroflex Teo. atá lonnaithe i nGaoth Dobhair ón mbliain 2005 le tacaíocht Údarás na Gaeltachta, príomhsholáthróir táirgí pacáistíochta próitéin do thionscail na feola, na cáise agus na déiríochta in Éirinn agus atá anois ag soláthar d’earnálacha atá ag fás go sciobtha lena n-áirítear caife, bia do pheataí agus forlíontaí cothaithe.  Tá 60 duine fostaithe ag Euroflex i nGaoth Dobhair faoi láthair agus leanfar leis an bhfostaíocht sin agus an áis déantúsaíochta chun saineolas ProAmpac a láidriú agus a chur chun cinn maidir le pacáistíocht solúbtha ardtheorainneacha agus nuálaíochtaí T&F do phacáistí ar féidir a dhúnadh arís agus málaí freangáin.

Is comhlacht ceannródaíoch domhanda pacáistíochta solúbtha é ProAmpac le réimse cuimsitheach táirgí, ag cur réitithe pacáistíochta cruthaitheacha ar fáil, atá chun cinn san earnáil ó thaobh seirbhís do chustaiméirí agus nuálaíocht a bhfuil duaiseanna go leor bainte amach acu i margadh ilghnéitheach domhanda.  Le Euroflex san áireamh, tá leathnú déanta ag ProAmpac go dtí 8 gcinn d’fheidhmiúcháin Eorpacha agus 45 ar fud an domhain.

Léiríonn fógra an lae inniu fás leanúnach ProAmpac i nGaoth Dobhair le cúpla mí anuas lena n-áirítear fógra an chonartha le C&D Foods i mBealtaine 2021 ag treisiú tiomantas ProAmpac maidir lena gcuid oibríochtaí in Éirinn.  Leis an gceannachán seo ardóidh líon na bhfostaithe sa gcomhlacht go dtí thart ar 300 duine i nGaeltacht Dhún na nGall agus bunófar Gaoth Dobhair mar lárionad domhanda maidir le déantúsaíocht pacáistíochta nuálach agus inbhuanaitheach.

Leathnóidh an ceannachán comhtháite seo cumas déantúsaíochta ProAmpac do scannán priontáilte, lannú agus réitigh freangáin in Éirinn agus an comhlacht ag fás a mbonn idirnáisiúnta custaiméirí.

Labhair Bunaitheoir agus Príomhfheidhmeannach ProAmpac Greg Tucker:

“Cuirfidh Euroflex go mór le teaghlach ProAmpac san Eoraip.  Is gnó teaghlaigh iad a bhfuil na luachanna céanna acu agus a chuireann seirbhís láidir ar fáil agus iad ina bpríomhsholáthróirí do mhargaí na feola, na cáise agus na déiríochta in Éirinn.  Tá an-áthas orainn táirgí ardchaighdeán Euroflex, a bhfoireann nuálach T&F dírithe agus a gcaidrimh le custaiméirí ilnáisiúnta gormshlise a chur le hardán Eorpach ProAmpac atá ag fás.”

Dúirt Derek Richardson, Príomhfheidhmeannach agus Úinéir Euroflex:

“Tá ríméad orainn dul i gcomhar le ProAmpac agus i gcomhpháirtíocht le Greg, agus an fhoireann ar fad ag ProAmpac.  Leis an gcaidreamh seo, cuirfidh ár saineolas i réitigh ardtheorainneacha le réimse leathan táirgí pacáistíochta ardchaighdeán ProAmpac.  Is féidir linn an chéad chéim eile seo a thógáil de bharr obair chrua agus díograis ár bhfoireann, agus tá muid cinnte go mbeidh deiseanna fáis ann amach anseo.”

Chuir John McDermott, Stiúrthóir Oibríochtaí ProAmpac, Gaoth Dobhair fáilte roimh an bhfógra:

“Is deis iontach atá i gceannach Euroflex chun fás a dhéanamh ní amháin chun cur leis an saineolas agus cumas, ach chun bonn a chur faoin bhfostaíocht inbhuanaitheach sa phobal, fostaíocht a chinntigh dul chun cinn an dá chomhlacht go dtí seo.  Is fada linn go bhfeicfidh muid céard is féidir leis an dá pháirtí a bhaint amach ar scála domhanda nuair a thiocfaidh na scileanna agus an nuálaíocht shuntasach le chéile.  Cinnteoidh an chomhpháirtíocht seo leathnú na táirgeachta agus na fostaíochta chomh maith le háis ProAmpac i nDún na nGall a chur chun cinn mar mhol domhanda do nuálaíocht pacáistíochta inbhuanaitheach do bhia do dhaoine agus do bhia do pheataí."

Thar ceann an Bhoird dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:

“Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta, déanaim comhghairdeachas le ProAmpac agus le Euroflex ar an chomhpháirtíocht seo a mbeidh deiseanna suntasacha mar thoradh uirthi d’fhostaithe agus do ghnóthaí Ghaeltacht Dhún na nGall amach anseo. Déanfaidh sí an comhlacht a neartú agus breis acmhainní agus saineolais a chur ar fáil le tabhairt faoin mhargadh.’’

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh leis an méid a bhí ráite:

“Is fógra suntasach é seo do Ghaeltacht Dhún na nGall agus léiríonn sé an fás gur féidir le gnóthaí a bhaint amach i gceantair Ghaeltachta.  Is nuálaíocht agus cruthaitheacht chomh maith le foireann ardoilte a chruthaigh an chomhpháirtíocht seo agus leanfaidh an fás agus an fhostaíocht do phobal Ghaoth Dobhair.  Cuireann muid fáilte roimh infheistíocht straitéiseach, forbairt agus fás leanúnach ProAmpac agus Pritzker Private Capital sa nGaeltacht agus tá muid ag súil le caidreamh a rachaidh chun tairbhe chuile dhuine agus a mhairfidh ar feadh i bhfad.”