Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta – 23ú Iúil 2021

23 Iúil, 2021

nóiméad léite

Tacaíocht do 95 post nua ceadaithe le hinfheistíocht suas le €2.77m i gcomhlachtaí Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí inniu (23/07/21) ina mbeidh 95 post nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht suas le €2.77m ag baint leo idir infheistíocht phríobháideach agus tacaíocht Stáit nuair atá na tograí sin faoi lán seoil.  Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gContaetha Dhún na nGall (21), Mhaigh Eo (11), Gaillimh (25) agus Ciarraí (38) a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu go príomha.

Togra Pháirc na Mara

Pléadh staid reatha thogra Pháirc na Mara i gCill Chiaráin go mion ag Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta inniu. Chuir an Bord a ndíomá in iúl maidir le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála a dhiúltú don togra.

Dhearbhaigh an Bord d’aon ghuth go raibh togra Pháirc na Mara ina thogra straitéiseach de chuid Údarás na Gaeltachta agus ina thogra fíorthábhachtach do Ghaeltacht Chonamara. Ag tacú go hiomlán leis an togra d’éiligh an Bord go mbreathnófaí ar gach rogha a bhí ar fáil don eagraíocht chun an togra a bhrú chun cinn chun tacú le pobal Chonamara Láir.

Thug an Bord suntas ach go háirithe freisin go raibh an togra uaillmhianach seo bunaithe ar phrionsabail inmharthana agus tiomantas Údarás na Gaeltachta don gheilleagar ciorclach agus an coincheap inmharthana gur cuid thábhachtach den togra straitéiseach seo agus dá dtionscnamh Gaeltacht Ghlas iad an pobal, an timpeallacht agus an fhostaíocht.

Cuirfidh togra Pháirc na Mara (a bhfuil 30 léiriú suime faighte ó infheisteoirí féideartha ina leith) 200 post díreach ar fáil agus suas le 400 post indíreach agus poist choimhdeacha i gceantar atá buailte go dona ag an imirce, ceantar atá faoi mhíbhuntáiste agus a bhfuil bánú na tuaithe i gceist leis le fada an lá de réir figiúirí daonáirimh.

Fáilte roimh mhaoiniú do gteic gréasán digiteach na Gaeltachta faoi Scéim Connected Hubs

Chuir Bord Údarás an Gaeltachta fáilte roimh fhógra an Aire Heather Humphreys, T.D. an tseachtain seo go raibh os cionn €424,000 de mhaoiniú ceadaithe aici do mhoil gteic éagsúla faoi Scéim Connected Hubs na Ranna Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Tá 15 mol atá mar chuid de ghréasán gteic san áireamh leis an maoiniú le cois Pointí Ceangail Leathanbhanda atá á bhforbairt ag Comhairlí Contae i gceantair Ghaeltachta chomh maith. Ceadaíodh an maoiniú chun uasghrádú a dhéanamh ar éifeachtacht fuinnimh, bothán rothar, áiseanna físchomhdhála agus teicneolaíocht do dhoirse nua-aoiseacha i measc oibreacha eile.

Cuirfidh an maoiniú breise seo deis eile ar fáil do chianoibrithe agus daoine atá ag iarraidh filleadh ar a ndúchas i gceantair Ghaeltachta na tíre agus na pobail agus an Ghaeilge a choinneáil beo.