Ag obair i Mol Digiteach: Faoin Tuath ní ar an Imeall 

Blag a scríobh Mícheál Ó Duibhir

19 Iúil, 2021

nóiméad léite

Ó Mhárta 2020 tháinig athruithe suntasacha ar an láthair oibre.  B’éigean don chuid is mó den fhórsa oibre in iomaí tír dul i gcleachtadh ar an gcianobair.  Chiallaigh sé seo imeacht ó a bheith ag obair i láthair oibre lárnach a bhí curtha ar fáil ag an bhfostóir.  Bhí an t-aistriú go dtí cianoibriú tobann agus cuireadh iallach ar fhostóirí agus ar fhostaithe imeacht ó ghnáth nósanna imeachta agus teacht i dtír ar mhodhanna nua chun a gcuid dualgas agus freagrachtaí a chur i gcrích chun an gnó agus na poist a shábháil. 

De réir mar a tháinig maolú ar shrianta COVID-19 de bheagán sa tríú ráithe de 2020, roinneadh an fórsa oibre go mall i dtrí catagóir ginearálta: 

  1. An fostaí ar an láthair, a bhí imithe ar ais ag an láthair oibre 
  1. An fostaí ag obair sa mbaile 
  1. An fostaí ag obair ó mhol digiteach 

Chlúdaigh uimhir a haon agus a dó thuas an chuid is mó den fhórsa oibre, ach bhí agus tá líon mór daoine a bhíonn ag obair ó mhoil, atá ag iarraidh a bheith ag obair ó mhol digiteach agus nach bhfuil aon fhonn orthu a bheith ag obair ón mbaile ná dul ar ais go dtí an láthair oibre.  

Tá an-tóir ar a bheith obair ó mhoil dhigiteacha in Éirinn ó tháinig gréasán mol digiteach suntasach chun cinn le cúig bliana anuas ar nós an gréasán gteic.   Tá neart fáthanna ann a bheith ag obair ó mhol digiteach.  Droch leathanbhanda nó gan oifig sa mbaile; ag cianoibriú do chomhlacht ó réigiún nó tír eile; fiontraithe le díocas líonrú a dhéanamh nó atá ag iarraidh a bheith ag obair i dtimpeallacht bríomhar; nó go simplí, daoine a dtaitníonn an taobh sóisialta den obair leo agus atá ag iarraidh a bheith thart ar dhaoine eile agus iad i mbun oibre.  

 

Buntáistí 

Fiú roimh theacht phaindéim COVID-19, thug comhlachtaí faoi deara an luach a bhí le moil dhigiteacha.  Chuir an cumas a bheith in ann cianoibriú ó mhoil deis ar fáil d’fhostaithe a réimse domhanda a leathnú ó thaobh earcaíochta agus lorg tallainne de.  Chuaigh roinnt acu céim eile chun cinn agus rinne siad cinneadh oifigí satailíte a bhunú sna moil áit ar úsáid siad daoine áitiúla chun foirne agus rannóga a bhunú i réigiúin nach raibh an oiread sin iomaíochta ann ó thaobh na hearcaíochta de le hais ceantair mhóra uirbeacha.  

Is iomaí buntáiste atá ann d’oibrithe aonarach atá ag obair ó mhol.  Glactar leis go forleathan go bhfuil buntáiste sláinte i gceist le gan a bheith ag taisteal rófhada.  Tá spiorad pobail sa mol digiteach nach féidir a fháil ó a bheith ag obair ón mbaile.  Tá líonrú agus saol sóisialta ar fáil ann agus roimh COVID-19 bheadh daoine ar bís ag comhrá sna seomraí sosa agus sa gceaintín.  Bheadh comhrá ag deasca a chéile chun dúshláin a phlé – laghdú gach anró é a roinnt 

Amach Anseo 

Le déanaí, mhaolaigh an dlús a bhí faoi obair as mol digiteach de bharr COVID-19.  Dúnadh moil go sealadach nó bhí rialacha daingne i bhfeidhm agus treoracha faoi a bheith ag obair as mol.  In ainneoin sin, tá misneach le brath agus réitithe ag teacht chun cinn an clár vacsaínithe agus timpeallacht oibre níos sábháilte ag tabhairt misnigh do dhaoine atá ag iarraidh filleadh ar an  mbeocht agus ar an bpobal atá ar fáil ó mhol digiteach.  

Is Oifigeach Forbartha é Mícheál Ó Duibhir le hÚdarás na Gaeltachta agus é ina bhainisteoir ar mhol digiteach gteic@Gaoth Dobhair.