Tá muid ag fanacht leat! Scéal Chonamara Láir á chraobhscaoileadh ar fud an domhain!

Cuir fút anseo, bí ag obair anseo, tóg do chlann anseo. Tá muid ag fanacht leat.

16 Iúil, 2021

nóiméad léite

Tá Conamara Láir, ceantar bródúil tuaithe atá lonnaithe ar chósta maorga Chonamara, á chur chun cinn mar cheann de na ceantair is fearr ar domhan chun cónaithe agus chun oibre ann.  Sheol pobal Chonamara Láir i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta an feachtas uaillmhianach seo inniu ar Lá Mhic Dara.

Sa gcéad scannán ón bhfeachtas https://youtu.be/4WXIf2mSdEg déantar cur síos ar na buaicphointí maidir leis an gcaighdeán saoil agus na deiseanna atá ar fáil do dhaoine, do theaghlaigh agus do ghnóthaí i gConamara Láir le daoine a mhealladh chun cónaithe nó chun oibre sa gceantar.

Féile mhór bhliantúil é Lá Mhic Dara (16ú Iúil) do phobal Chonamara Láir áit a bhfilleann diaspóra an cheantair ar a ndúchas ó chian agus ó chóngar agus lá é a ndéanann sliocht an cheantair ceiliúradh air fiú agus iad i bhfad ó bhaile.  De bharr srianta COVID-19 is ar líne a dhéanfar ceiliúradh ar an gceantar maorga seo ar fud an domhain ar an lá speisialta seo.

Is fáilte chroíúil a chuirfear roimh dhaoine atá ag iarraidh filleadh ar an ndúchas nó roimh dhaoine ar mhaith leo athrú saoil agus athrú poirt a bheith acu nuair atá srianta COVID-19 ardaithe. Tá cothromaíocht saoil is oibre sa gceantar seo agus deiseanna fiontraíochta ann chomh maith le hionad gteic, atá ina chuid de ghréasán náisiúnta mol digiteach, a chuireann iomaí deis ar fáil do mhuintir na háite, do ghnóthaí nua agus do dhaoine atá ag iarraidh dul i mbun cianoibre.

Ag tagairt don bhfeachtas dúirt Máirín Ní Choisdealbha Seoige ó Fhorbairt Chonamara Láir:

“Tá Conamara Láir ar cheann de sheoda cultúrtha na hÉireann agus in ainneoin dúshláin stairiúla le laghdú daonra agus imirce tá borradh le brath sa gceantar le blianta beaga anuas. Níor thréig muinín ná spiorad an pobal bródúil seo agus tá muid ag cur in iúl don domhan mór go bhfuil deiseanna agus todhchaí den scoth sa gceantar seo do dhaoine ar mhian leo filleadh abhaile nó athlonnú go Conamara Láir.  Fiú agus gur diúltaíodh do chead pleanála thogra Pháirc na Mara an tseachtain seo, ní hé sin deireadh an togra sin ná tograí eile atá a bhforbairt sa gceantar. Tá todhchaí mhór romhainn agus deiseanna ann do dhaoine a saol a athrú agus a fheabhsú.”

Ag tacú le seoladh an fheachtais dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá muid ag fanacht leat - sin í an teachtaireacht láidir as Conamara Láir inniu.  Is ceantar stairiúil agus álainn é ceantar Chonamara Láir chun dul i mbun cónaithe agus i mbun gnó ann agus tá muid ag féachaint ar bhealaí nuálacha chun daoine a mhealladh chun cur fúthu sa gceantar.  Léiríonn rath na mol digiteach gteic le hos cionn bliana anuas gur féidir nascadh le háit ar bith ar domhan as ceantair chúlráideacha, ceantair ina bhfuil caighdeán saoil níos fearr ann chomh maith.”

Déanann an feachtas cur síos ar an saol mar atá ag daoine áitiúla agus daoine a bhog chuig an gceantar, agus na deiseanna a cuireadh ar fáil dóibh ó thaobh gnó agus fostaíochta de.

Trí scéalta cumhachtacha pearsanta áitiúla a insint is í aidhm an fheachtais ná go ndéanfaí teagmháil le daoine, teaghlaigh agus gnóthaí, go roinnfí eolas leo agus go ndéanfaí iad a spreagadh chun cur fúthu agus páirt ghníomhach a bheith acu sa bpobal cultúrtha bríomhar Gaeltachta seo.

Áirítear sna próifílí:

Fiona Ní Fhlaithearta

Láithreoir le TG4, a thugann léargas pearsanta faoin gcinneadh a rinne sí bogadh abhaile go Conamara Láir as an Astráil agus teaghlach óg a thógáil ina ceantar dúchais.

“Scaití bím ag rá liom féin go mbeadh sé go hálainn bogadh ar ais go dtí an Astráil –– ach nuair a chuimhním ar mo mhuintir, an tacaíocht atá againn anseo, an cultúr, an Ghaeilge, sábháilteacht, mo phost srl – tuigim go bhfuil mé i mo chónaí san áit cheart.”

Seán Ó Cathasaigh

Duine áitiúil, tá sé féin agus a bhean chéile Mae ag cónaí ina gceantar féin, iad ag tógáil clainne agus iad lárnach sa bpobal áitiúil.

“Tá suaimhneas agat anseo, tá saoirse agat anseo, tá tú in ann do rogha rud a dhéanamh, tá na gasúir in ann a rogha rud a dhéanamh freisin.”

Evelyn O’Toole

Cuireann Evelyn O’Toole, Príomhfheidhmeannach Saotharlann Chonamara Teo, ceann de na fostóirí is mó i gConamara Láir, síos ar an deis a bheith i mbun gnó i gConamara Láir agus táirgí a chur ar fáil as an gceantar sceirdiúil seo.

“Anois an t-am a bheith ag breathnú ar an áit a bhfuil cion agat air, áit nach gcruthaíonn mórán brú ach gur féidir táirge ar chaighdeán domhanda a chur ar fáil as, an áit is gaire de do chroí.” 

Seán Ó Cualáin

Cuireann Seán Ó Cualáin, léiritheoir teilifíse mór le rá, fear gnó áitiúil, fear teaghlaigh, ceannaire pobail agus fear spóirt síos ar spiorad dochloíte an phobail agus an bealach gur féidir nascadh leis an domhan mór ón gceantar álainn agus stairiúil seo.

Titta Jones

Is de bhunú na Fionlainne í Titta Jones a d’aistrigh a gnó agus a teaghlach as Baile Átha Cliath go Carna le bliain anuas. Déanann Titta, úinéir Lilly’s Eco Clean, cur síos ar an gcaighdeán saoil atá ag an teaghlach i gConamara Láir.

Seoladh an feachtas ar líne inniu agus beidh sé á reáchtáil ag Forbairt Chonamara Láir le tacaíocht Údarás na Gaeltachta sna seachtainí agus míonna seo romhainn. Tá sé mar sprioc ag an bhfeachtas fiosrúcháin athlonnaithe chuig an gceantar a mhéadú agus go mbeadh suas le 8 dteaghlach nua aistrithe chuig an gceantar taobh istigh de dhá bhliain.

Beidh seirbhís tacaíochta áitiúil á chur ar fáil ag Forbairt Chonamara Láir chun déileáil le fiosrúcháin ag eolas@Conamaralair.ie or 095 32688.