Mol digiteach agus nuálaíochta nua chun Oileán Acla a athbheochan

gteic@Acaill chun deiseanna do ghnóthaí nua agus cianoibrithe a chur ar fáil

12 Iúil, 2021

nóiméad léite

Ministerial visit of Jack Chambers T.D.. Pic:Michael McLaughlin

Osclófar mol nuálaíochta agus digiteach nua ar an gcaighdeán is airde, gteic@Acaill, go hoifigiúil ar Oileán Acla inniu (12/07/21) a chuirfidh deiseanna suntasacha ar fáil i nGaeltacht Mhaigh Eo Thiar d’fhiontraithe, do ghnóthaí nua agus do chianoibrithe chomh maith.

Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D., i gcuideachta Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, a dhéanfaidh an ribín a ghearradh ar an mol de 305 méadar cearnach a bheidh mar chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta – gréasán de 31 mol nuálaíochta agus digiteach le leathanbhanda ardluais atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta in ionaid ar fud na Gaeltachta.

Cuirfidh gteic@Acaill suas le 40 spás deasca ar fáil idir deasca sealaíochta/spásanna comhroinnte agus oifigí príobháideacha i spás oibre oscailte agus cruthaitheach ar féidir theacht ar chumas leathanbhanda gigithiotáin ann chomh maith le háiseanna cruinnithe agus físchomhdhála, bothanna teileafóin agus spásanna cruthaitheachta comhroinnte. Tá dhá chomhlacht agus roinnt daoine aonair ag feidhmiú sa mol cheana féin ina bhfuil meascán de dhaoine féinfhostaithe agus cianoibrithe. Beidh deiseanna ar fáil sa tréimhse saoire seo romhainn do dhaoine le fad a chur lena gcuid saoire sa gceantar ag úsáid na háiseanna den scoth atá ar fáil ag gteic@Acaill.

D’fhorbair Údarás na Gaeltachta an áis le maoiniú ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe agus cuirfidh sé borradh suntasach faoin gceantar tuaithe seo ar aon líne le straitéisí agus cuspóirí pholasaí náisiúnta Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann a leagann amach fís do cheantair tuaithe bhríomhara agus inmharthana in Éirinn.

Tá éiceachóras digiteach gteic ag fás go tréan agus ag soláthar deiseanna iontacha do chomhlachtaí nuatheicneolaíochta iad féin a bhunú nó a lonnú i gceantair tuaithe Ghaeltachta agus go mbainfeadh a gcuid fostaithe tairbhe as an gcaighdeán saoil iontach atá ar fáil i gceantair áille ar nós Acla. Gné uathúil a bhaineann leis an ngréasán gteic ná go bhfuil sé á fhorbairt agus á fheidhmiú ar bhonn comhoibríoch leis an bpobal áitiúil sna ceantair tuaithe seo. Is iad Comharchumann Forbartha Áitiúil Acla a dhéanfaidh gteic@Acaill a bhainistiú thar ceann Údarás na Gaeltachta.

Ag labhairt dó agus é ag oscailt an ionaid dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D.:

“Tá ríméad orm a bheith anseo in Acaill agus an mol gteic á oscailt inniu.  Is áis iontach é an mol digiteach don cheantar. Cuirfidh sé deiseanna ar fáil do ghnóthaí agus d'fhiontraithe na háite agus spreagfar daoine chun smaoineamh ar fhilleadh ar an gceantar nó gnó a bhunú ann.  Tá forbairt mar seo thar a bheith tráthúil leis na féidearthachtaí nua atá tagtha chun cinn maidir leis an gcianobair.”

Ag tagairt d’oscailt gteic@Acaill dúirt Heather Humphreys T.D., an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail:

“Tá mé fíorshásta go bhfuil an áis gteic seo á oscailt in Acaill le tacaíocht ón gciste RRDF a ceadaíodh ó mo roinn. Agus comhghairdeachas á chur in iúl d’Údarás na Gaeltachta agam táim ag tnúth le leanúint ag oibriú as lámh a chéile leo i gcur chun cinn polasaí Thodhchaí Cheantair Tuaithe na hÉireann i gceantair tuaithe ar fud na tíre. Cuirfidh an áis seo deiseanna nua agus spreagúla ar fáil d’Acaill agus léiríonn sé na deiseanna a sholáthraíonn infheistíocht i gceantair tuaithe.  Cuireann ceangal digiteach d'ardchaighdeán deiseanna nach bhfacthas riamh cheana ar fáil chun ceantair tuaithe na hÉireann a athrú agus cabhróidh gréasán gteic agus tionscnamh Connected Hubs chun an cuspóir seo a bhaint amach.”

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh leis an méid sin:

“Tá ríméad orainn in Údarás na Gaeltachta an mol iontach, nua-aimseartha, nuálach agus tarraingteach seo a fhorbairt laistigh dár ngréasán gteic trí chúnamh maoinithe suntasach á fháil ón gciste RRDF. Is é gteic@Acaill an chéad gteic a osclaíodh le linn na géarchéime agus atá mar chuid de ghréasán bríomhar d'áiseanna leathanbhanda ardluais atá á bhforbairt againn i gceantair tuaithe sa nGaeltacht agus cuideoidh sé sin le poist a chruthú, tacú le cianoibrithe agus spreagfaidh sé agus cuirfidh sé ar chumas Diaspóra na Gaeltachta filleadh ar an mbaile, forbairt coincheapa agus gnó nua a éascú agus chomh maith leis sin, forbrófar líon mol ina gcuireann cultúr faoi leith na Gaeltachta cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn.”

Tá gteic@Acaill ar cheann de chúig mol digiteach atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Mhaigh Eo le tacaíocht maoinithe ón gciste RRDF. Táthar ag súil, de réir mar a mhaolaíonn srianta COVID-19, go gcuirfear bailchríoch ar oibreacha tógála ar gteic@An Eachléim agus gteic@An Corrán Buí sna seachtainí romhainn agus ar gteic@Gaoth Sáile roimh dheireadh na bliana. Osclaíodh gteic@Béal an Mhuirthead in 2018 agus tá an-tóir air do ghnóthaí seanbhunaithe agus gnóthaí atá ag tosú amach araon.