Súil ag Fiontraithe Chiarraí Comórtas Eorpach a chur faoi gheasa le scéalta nuálacha Bhéaloideas na hÉireann

1 Iúil, 2021

nóiméad léite

Students from Pobalscoil Chorca Dhuibhne outside the school with their folklore greeting card company. Daltaí Phobalscoil Chorca Dhuibhne taobh amuigh dá scoil lena gnó cártaí beannachtaí le béaloideas na hÉireann

Tá súil ag triúr fiontraithe as Gaeltacht Chorca Dhuibhne an Eoraip a chur faoi gheasa an tseachtain seo chugainn ag úsáid scéalta Bhéaloideas na hÉireann chun Comórtas Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa a chur faoi dhraíocht.

Bhunaigh Sibéal Ní Ógáin, Aoife Feirtéar agus Caoimhe Ní Bheaglaoich as Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí ‘Cártaí Feasa’ agus déanfaidh an triúr fiontraithe as Ciarraí Thiar ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag Comórtas Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa atá á reáchtáil ag JA na Liotuáine agus a bheidh ar siúl go dtí an 15ú Iúil.  Seo é an tríú huair ag buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta deis a bheith acu páirt a ghlacadh ag leibhéal na hEorpa den chomórtas.

Is mionchomhlacht atá i gCártaí Feasa a dhéanann cártaí beannachtaí a insíonn scéalta bhéaloideas na hÉireann ach leis an gcód QR atá ar chúl an chárta tugtar an léitheoir chuig domhan eile ar líne áit ar féidir leo na scéalta béaloidis iomlána a fháil i mBéarla agus i nGaeilge.  Bhí iomaíocht ghéar idir fhiontraithe óga Chorca Dhuibhne agus an 600 dalta idirbhliana as ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus An Mhí chun Craobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta a bhuachan i mí Aibreáin.  Is ar líne a tionóladh an Chraobh Náisiúnta de bharr srianta COVID-19 agus thug sé sin taithí do Chártaí Feasa cleachtadh a fháil a bheith san iomaíocht ar ardán fíorúil agus de bharr an smaoineamh gnó nuálach agus an léiriú den scoth a rinneadar thug siad an lá leo.  Ba í Trish Uí Éanacháin, múinteoir gnó na scoile, a thug cúnamh d’fhoireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne a smaoineamh gnó a fhorbairt chomh maith le tacaíocht ó fheidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland.

Gradam Rogha an Phobail

Tá Cártaí Feasa san iomaíocht freisin do Ghradam Rogha an Phobail a chinnfear trí vóta poiblí ar líne https://jaeurope.submittable.com/gallery/de2cc07e-c9f0-4f73-b306-3f476b44daac/20598661/.  Is faoin bpobal atá sé buaiteoir a roghnú agus beidh an deis vótála oscailte go dtí an 13ú Iúil ag 6pm agus is féidir leis an bpobal vóta a chaitheamh luath agus go minic d’fhiontraithe Chiarraí Thiar!

Le linn Chomórtas na hEorpa, cuirfidh Sibéal, Aoife agus Caoimhe a dtáirge, an comhlacht, a ndul chun cinn agus a gcuid pleananna os comhair na moltóirí agus fiontraithe óga ó bhallstáit eile an AE atá san iomaíocht sa gcomórtas.

Labhair Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

Tá Údarás na Gaeltacht an-bhródúil go bhfuil foireann ar nós Cártaí Feasa ag dul chun na hEorpa ní amháin ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann ag cur scéalta Bhéaloideas na hÉireann os a gcomhair ach iad ag déanamh ionadaíochta ar son na gceantar Gaeltachta chomh maith.  Ba mhór an spreagadh an oiread sin fiontraithe óga a fheiceáil ag glacadh páirte i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2021.  Léiríonn eolas agus díograis na ndaltaí seo go bhfuil an fhiontraíocht sa nGaeltacht slán sábháilte. Go n-éirí an t-ádh le Sibéal, Aoife agus Caoimhe agus chuile dhuine i bPobalscoil Chorca Dhuibhne.

Chuir Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland Helen Raftery leis an méid sin:

“Cé go raibh go leor dúshláin ag baint leis an 18 mí seo thug an tréimhse seo deis do na daltaí dara leibhéal díograis agus nuálaíocht a léiriú.  Ba iad Cártaí Feasa as Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí a bhuaigh an Chraobh Náisiúnta i mbliana agus guíonn muid chuile rath ar Aoife, Caoimhe agus Sibéal agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar fhiontraithe óga eile ó 40 tír eile ag Comórtas Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa 2021.

 Ag obair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta cuireadh ar chumas os cionn 600 dalta sa tsraith shinsearach taithí phraiticiúil fhiontraíochta a fháil sna Gaeltachtaí ar fad tríd Chlár na gComhlachtaí i mbliana. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na múinteoirí, príomhoidí, teaghlaigh agus na meantóirí gnó as ucht na deiseanna foghlama seo a chur ar fáil do na daltaí. Beidh na scileanna a d’fhoghlaim agus a chur na fiontraithe óga seo i bhfeidhm tríd Chlár na gComhlachtaí an-luachmhar agus iad ag dul amach i saol na hoibre.