“Ba áit den scoth a bhí i mBéal an Mhuirthead le tréimhse éiginnte na paindéime a chaitheamh…”

“Ní féidir an tacaíocht ná an tsuim sa gcomhlacht ó thosaíomar sa gteic a chreidiúint”

30 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Bhain Aoife O’Connor ó Ipsos MRBI leas as an deis a chruthaigh COVID-19 chun gréasán gteic a úsáid!

Tá an phaindéim domhanda tar éis an chaoi a mbíonn muid ag obair a athrú ó bhun agus chuir sé iallach ar dhaoine machnamh a dhéanamh ar an saol agus an riocht ina bhfuil siad chun an buntáiste is fearr a bhaint as na deiseanna a d’eascair.

Sin é a bhí roimh Aoife O’Connor, Bainisteoir CATI leis an mórchomhlacht taighde margaidh Ipsos MRBI.  Tar éis blianta a chaitheamh ag obair i gcathracha gnóthacha Bhaile Átha Cliath agus Londain tá sí tar éis bogadh abhaile go hiarthar na hÉireann mar thoradh ar athrú gearrthréimhseach agus an saol mar atá anois.

 “Tógadh mé i mBéal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo agus ar nós go leor daoine eile tar éis na scoile chuaigh mé go Baile Átha Cliath ag an gcoláiste áit a ndearna mé staidéar ar Bhainistíocht Fáilteachais.  Tar éis deich mbliana i dtionscal an fháilteachais idir Bhaile Átha Cliath agus Londain is trí thimpiste a thosaigh mé ag obair ar thaighde margaidh!  Ní inseoidh mé aon bhréag ní mba é an chéad rogha ar an bhfoirm CAO agam é ach tá mé tugtha dó on gcéad lá ar thosaigh mé.”

“Cé go raibh mé ag sábháil chun teach a cheannach i mBaile Átha Cliath, bhíodh na cúinsí ag athrú seasta.  Chuile uair a cheap tú go raibh do dhóthain agat d’éarlais, chuaigh an praghas suas nó d’athraigh na rialacha bainc.  Rinne mé cinneadh bliain go leith sular tharla an phaindéim teach a cheannach anseo i mBéal an Mhuirthead nó bheinn i mo chónaí i mbosca beag nuair a thiocfadh an t-am éirigh as an obair. Níor cheap mé go mbeinn i mo chónaí ann chomh luath seo!”

Tá taithí taighde os cionn 10 mbliana ag Aoife mar bhainisteoir CATI agus bhí sí freagrach as tograí CATI ar fad Ipsos MRBI a chur i gcrích go rathúil ina n-ionad tiomnaithe CATI ar an gCarraig Dhubh i gCo. Bhaile Átha Cliath.  Chomh maith le foireann 90 a bhainistiú agus réimse leathan tograí móra agus poist míosúla CATI tá Aoife freagrach as na príomhchláir taighde a bhainistiú, a chomhordú agus a mhaoirsiú san earnáil gnólacht le gnólacht agus custaiméara, ar fud na hÉireann.  Chabhraigh a ról maidir le hathbhreithniú reatha ar phróisis agus ag ceapadh straitéisí nua le feidhmiú éasca a chinntiú go mbeadh sí in ann ag an méid a bhí ar na bacáin!

Tá 18,000 duine fostaithe ag Ipsos MRBI ar fud an domhain agus cuireann siad seirbhís taighde margaidh ar fáil do chomhlachtaí ar líne, tríd agallamh duine ar dhuine, tríd an bposta nó trí ghlaonna teileafóin.  Nuair a bhuail paindéim COVID-19 Éire i Márta 2020 is ciúnas seachas glórtha a bhí le cloisteáil i gCeann Áras Ipsos MRBI ar an gCarraig Dhubh - chiallaigh an dianghlasáil go gcaithfeadh comhlachtaí socruithe a dhéanamh agus go mbeadh na hoibrithe ag obair ón mbaile.

D’aistrigh mise abhaile go Béal an Mhuirthead an tráth sin agus bhí an t-ádh orm go raibh teach ceannaithe agam anseo in 2018, áit chónaithe den scoth le tréimhse éiginnte na paindéime a chaitheamh.  Thar chúpla mí, chuaigh mé i dtaithí ar an saol i mBéal an Mhuirthead, saol a bhí níos éasca ná mar a bhí mé ag súil leis.  Ar dtús cheap muid nach mbeadh sa dianghlasáil ach cúpla mí ach de réir mar a chuaigh an t-am ar aghaidh, ba léir go raibh tréimhse níos faide i gceist agus mar ghnó b’éigean dúinn cúrsaí a chur in oiriúint dó sin.

Bhí comhrá agam le Damian Loscher, Stiúrthóir Bainistíochta Ipsos MRBI lá, agus labhair mé ar an ionad gteic anseo i mBéal an Mhuirthead.  Bhí mé i dteagmháil le Seán Ó Coisdealbha in Údarás na Gaeltachta agus taispeánadh an t-ionad dom.  Ní raibh a shárú le fáil maidir lenár riachtanas, neart spásanna oifige don lucht agallaimh le bheith ag obair ann le leathanbhanda an-sciobtha, seomra comhdhála mór le córas idirghníomhach a bhí socraithe suas do ghlaonna Zoom agus chun traenáil don lucht agallaimh nua a éascú.  Rinneadh cinneadh ansin go socrófaí suas oifig satailíte anseo i mBéal an Mhuirthead agus d’fhostaigh muid an chéad ghrúpa d’oibrithe nua i mí na Nollag 2020.

I bhFeabhra 2021, fógraíodh láithreacht IPSOS/MRBI i gceann de mhol gteic Údarás na Gaeltachta go hoifigiúil.  Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é gteic@Béal an Mhuirthead, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn agus áit a gcuirtear deis iontach ar fáil do dhaoine cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach agus nascadh leis an domhan mór ó iarthar na hÉireann le ceangal leathanbhanda ardluais - ag éascú saol inar féidir am breise a chaitheamh sa mbaile agus níos ama sa trácht.

Suiteáladh lárionad glaonna don chomhlacht i gteic@Béal an Mhuirthead ach táthar ag súil go mbeidh fostaithe Ipsos amach anseo in ann aon cheann de na moil gteic atá á bhforbairt i nGaeltacht Mhaigh faoi láthair a úsáid, go háirithe gteic@An Eachléim agus gteic@An Corrán Buí, de réir mar a dhéantar forbairt ar an gcomhlacht agus nuair a ardaíonn srianta COVID-19.

Is gréasán de 31 mol nuálaíochta & digiteacha é gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta a bheidh á bhunú i gceantair ar fud Ghaeltacht na hÉireann.

 “Labhair muid arís le hÚdarás na Gaeltachta faoi phleananna atá beartaithe againn agus cuireadh an-tacaíocht ar fáil dúinn.  Tá ríméad orainn brainse nua a bhunú i mBéal an Mhuirthead lena gcabhair agus muid ag fiosrú na deiseanna a bheidh againn amach anseo sa ngréasán gteic dár ghnó.  Tá sé iontach go mbeidh an fhoireann in ann leas a bhaint as an gcothromaíocht saoil is oibre a chuireann Gaeltacht Mhaigh Eo ar fáil!

Ní féidir an tacaíocht agus suim sa gcomhlacht a thosaíomar sa gteic a chreidiúint”.  Bhí muid ag súil go n-oibreodh an tsamhail a mbíodh muid ag obair leis i mBaile Átha Cliath anseo i mBéal an Mhuirthead agus tá an-áthas orm go bhfuil ag éirí níos fearr ná mar a bhí muid súil leis.

“Faoi láthair tá naoi nduine dhéag de lucht agallaimh lonnaithe inár n-oifig i gteic@Béal an Mhuirthead agus an líon sin ag méadú de réir a chéile. Tá mé ag bainistiú Aonad Taighde Teileafóin le Ipsos MRBI ón mbliain 2014.  Is ról ilghnéitheach é ach is é an taobh sóisialta an chuid is fearr liom faoi.  Tá foireann mhór éagsúil de lucht agallaimh againn ó chuile ghné den saol.  Mic léinn agus tuismitheoirí agus daoine atá ag iarraidh gairm bheatha a athrú agus iad sa tóir ar rud éigin difriúil iad baill na foirne.  Tá mé ag foghlaim uathu i gcónaí…ón gcraic le TikTok…go dtí na háiteanna is fearr le cuairt a thabhairt orthu i gCiarraí…nó an scéala dochreidte gur bhuaigh an Cabhán níos mó craobhacha uile Éireann ná Maigh Eo…anois céard a déarfá!

Is gréasán de 31 mol nuálaíochta & digiteacha ar mhéideanna éagsúla é gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta atá lonnaithe sna réigiúin Ghaeltachta ar fad, ó cheann thuas Dhún na nGall go Cléire amach ó chósta Chontae Chorcaí.  Tá na moil gteic ar aon dul leis an gceantar uathúil ina bhfuil siad suite, ag cur spás oifige, deasc comhionaid agus áiseanna comhroinnte den chéad scoth ar fáil do chianoibrithe agus ríomhoibrithe chomh maith le spásanna oifige lánfheistithe agus aonaid ghorlainne le ceangal iontach leathanbhanda chun forbairt na nuálaíochta agus coincheapa a éascú.

Cuireann na moil seo deis ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh coincheap gnó a fhorbairt, gnó a thosú agus tá fáil ar thacaíochtaí meantóireachta agus gnó Údarás na Gaeltachta chomh maith.

Is féidir eolas breise maidir le gréasán digiteach gteic a fháil ag  www.gteic.ie. Má tá fiosrúchán agat faoi aon mhol gteic nó tacaíochtaí atá ar fáil, seol rphost le do thoil chuig BanM@gteic.ieeolas@udaras.ie