Mol gteic le forbairt ar Oileán Thoraí i gCo. Dhún na nGall

Maoiniú ceadaithe ag bord Údarás na Gaeltachta chun gteic@Toraigh a fhorbairt

28 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Mar chuid d’fhás an ghréasáin gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta togra le gairid chun mol digiteach gteic a bhunú ar Thoraigh i gCo. Dhún na nGall. 

Mar chuid den togra seo tá sé i gceist ionad gteic a lonnú i spás sonrach atá le tógáil in aice an Ionaid Pobail ar Thoraigh. Tá an tIonad Pobail aitheanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall mar phointe Ceangal Leathanbhanda (Broadband Connection Point) faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Comharchumann Thoraí Teo. atá i mbun pleanála agus tógála ar leathnú 115m2 ar an Ionad Pobail le tacaíocht maoinithe ó LEADER agus Údarás na Gaeltachta.

Táthar ag súil spás oscailte tarraingteach a fhorbairt mar mhol digiteach ina mbeidh suas le 10 deasc shealaíochta/chomhroinnte ar fáil ann mar thús. Beidh úsáideoirí gteic@Toraigh in ann tairbhe a bhaint as na háiseanna a bheidh ar fáil sa bhfoirgneamh cosúil le seomra cruinnithe, ceaintín agus spásanna comhroinnte.

Cuirfear dearadh agus leagan amach gteic@Toraigh in oiriúint chun freastal ar an bpobal, gnóthaí agus deiseanna cianoibrithe a chur ar fáil ar an oileán agus is iad Comharchumann Thoraí Teo. a bheas freagrach as bainistiú agus riaradh an ionaid ar bhonn comhaontaithe le hÚdarás na Gaeltachta. Beidh gteic@Toraigh in ann freastal ar fhiontraithe in earnálacha éagsúla agus ar fáil i gcóir tionscnaimh oiliúna, taighde agus forbartha. Is earnáil é an cianoibriú a n-aithnítear go bhfuil féidearthachtaí móra ann i gceantair imeallacha, ceantar tuaithe agus oileáin Ghaeltachta ina measc.

Líonra de 31 mol nuálaíochta & digiteach le ceangal ardluais leathanbhanda é gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta arna fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair ar fud na Gaeltachta. Cuirfidh na moil dhigiteacha gteic líonra bríomhar d’áiseanna leathanbhanda ardluais ar fáil i gceantair tuaithe Ghaeltachta chun cruthú post a chothú, cabhrú le cianobair, filleadh Dhiaspóra na Gaeltachta a spreagadh agus a chumasú, forbairt coincheapanna agus gnó nua a éascú, agus chun pobal de mhoil a fhorbairt, áit ina gcothaíonn cultúr uathúil na Gaeltachta an chruthaitheacht agus an nuálaíocht.