Mol gteic le forbairt ar Inis Meáin i gCo. na Gaillimhe

Maoiniú ceadaithe ag bord Údarás na Gaeltachta chun gteic@Inis Meáin a fhorbairt

25 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Mar chuid d’fhás an ghréasáin gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta soláthar caipitil de suas le €62,000 le gairid chun mol digiteach gteic a bhunú ar oileán Inis Meáin, Árainn i gCo. na Gaillimhe. 

Cheadaigh an Bord soláthar caipitil riachtanach suas go €62,000 chun ionad gteic a fheistiú san Ionad Fiontraíochta agus Pobail nua atá á thógáil ar an Oileán faoi láthair. Is iad an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin príomh-mhaoinitheoirí an Ionaid Fiontraíochta agus Pobail nua.

Táthar ag súil spás oscailte tarraingteach d’os cionn 20 méadar cearnach á fhorbairt ina mhol digiteach ina mbeidh 5 deasc shealaíochta/chomhroinnte ar fáil ann mar thús. Beidh úsáideoirí gteic@Inis Meáin in ann tairbhe a bhaint as na háiseanna a bheidh ar fáil sa bhfoirgneamh cosúil le seomra cruinnithe, ceaintín, oifig fháiltithe agus spásanna comhroinnte.

Cuirfear gteic@Inis Meáin in oiriúint chun freastal ar an bpobal, gnóthaí agus deiseanna cianoibrithe a chur ar fáil ar an oileán agus is iad Comhlacht Forbartha Inis Meáin Teo. a bheas freagrach as bainistiú agus riaradh an ionaid ar bhonn comhaontaithe le hÚdarás na Gaeltachta. Beidh gteic@Inis Meáin in ann freastal ar fhiontraithe in earnálacha éagsúla agus ar fáil i gcóir tionscnaimh oiliúna, taighde agus forbartha. Is earnáil é an cianoibriú a n-aithnítear go bhfuil féidearthachtaí móra ann i gceantair imeallacha, ceantar tuaithe agus oileáin Ghaeltachta ina measc.

Líonra de 31 mol nuálaíochta & digiteach le ceangal ardluais leathanbhanda é gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta arna fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair ar fud na Gaeltachta. Cuirfidh na moil dhigiteacha gteic líonra bríomhar d’áiseanna leathanbhanda ardluais ar fáil i gceantair tuaithe Ghaeltachta chun cruthú post a chothú, cabhrú le cianobair, filleadh Dhiaspóra na Gaeltachta a spreagadh agus a chumasú, forbairt coincheapanna agus gnó nua a éascú, agus chun pobal de mhoil a fhorbairt, áit ina gcothaíonn cultúr uathúil na Gaeltachta an chruthaitheacht agus an nuálaíocht.

Tá sé cinn déag de mhoil gteic oscailte faoi láthair ar fud na Gaeltachta agus cheithre cinn i gCo. na Gaillimhe, gteic@Na Forbacha, gteic@An Spidéal, gteic@An Cheathrú Rua, gteic@Carna. Táthar ag súil go nosclóidh gteic@Tír an Fhia agus gteic@Inis Mór sna seachtainí seo romhainn.