gteic – athrú saoil sa nGaeltacht

Ag faire áit cianoibre? Tá siad le fáil sa nGaeltacht a deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh

11 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

blag

Bheifeá ag súil go mbeadh an gréasán is mó de mhoil dhigiteacha in Éirinn lonnaithe i gceantair uirbeacha, áit a bhfuil spás gann agus brú tráchta.

Ach ní shin é an cás.  Ní i mBaile Átha Cliath, Corcaigh ná Luimneach atá an gréasán is mó cianoibre agus comhionaid.  Is i roinnt de na ceantair is áille agus iargúlta Gaeltachta in Éirinn atá an gréasán sin lonnaithe.

Le hos cionn 30 mol digiteach ag  cur 700 spás oibre a chur ar fáil sa nGaeltacht tá 18 de na moil sin oscailte anois nó ar tí a ndoirse a oscailt, rud a chiallaíonn go bhfuil gréasán gteic is mó in Éirinn lonnaithe sa nGaeltacht.

Sheol Údarás na Gaeltachta coincheap gteic in 2018, roimh phaindéim COVID-19 agus ina chuideachta bhí béim nua ar chianoibriú tuaithe iargúlta.  Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as a chinntiú go bhfuil pobal rathúil Gaeltachta ann agus ba é an smaoineamh a bhí le gréasán de spásanna oibre digiteacha a chur ar fáil ná go gcuirfí áiteanna ar fáil do ghnóthaí nua-thionscanta, lucht forbartha coincheapa agus áiseanna cianoibre do dhaoine a bhí ag iarraidh cur fúthu sa nGaeltacht.

Ag nascadh leis an Domhan Mór

Is éard atá i ngréasán gteic ná 31 mol digiteach ar mhéideanna éagsúla lonnaithe ar fud na gceantar Gaeltachta, ó cheann Dhún na nGall go Cléire amach ó chósta Chorcaí.   Cuirtear na moil gteic in oiriúint ag brath ar an gceantar faoi leith ina bhfuil siad suite, áit a gcuireann siad spás oifige ar ard chaighdeán ar fáil chomh maith le haonaid ghorlainne le ceangal leathanbhanda den scoth chun nuálaíocht agus forbairt coincheapa a éascú.

Cuireann na moil seo ar chumas dhaoine atá ag iarraidh gnó a bhunú, an gnó sin a fhás agus teacht ar thacaíochtaí meantóireachta agus gnó Údarás na Gaeltachta chomh maith.

“Is gné suntasach é gréasán gteic do cheantair agus do phobail na Gaeltachta” a deir Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.  “Tá an cumas i gceantair Ghaeltachta na hÉireann bunáit den scoth a chur ar fáil don uile chineál gnó óna bhféadann siad ceangal leis an domhan mór, agus ag an am céanna cothromaíocht oibre agus saoil den chéad scoth a chur ar fáil dá bhfostaithe.

Tá ceangail cruthaithe ag ár líonra mol digiteach agus nuálaíochta gteic ar fud an domhain trí na comhlachtaí iontacha atá tar éis bunú agus athlonnú ann agus leanfaidh Údarás na Gaeltachta ar aghaidh ag tacú agus ag forbairt an éiceachórais dhigitigh seo atá ag fás go mór. Cuireann gteic deireadh le haon bhac atá ann a bheith i do chónaí agus ag obair i gceantair áille tuaithe na tíre agus tú ag nascadh le gnóthaí agus daoine ar fud an domhain.”

Is gníomhaireacht Stáit é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha cheantair Ghaeltachta na hÉireann.  Tá straitéis Údarás na Gaeltachta dírithe ar chruthú fostaíochta i réigiúin na Gaeltachta, ar fhorbairt pobail agus ar chaomhnú na Gaeilge mar theanga an phobail.

Cuireann an tÚdarás an-bhéim ar fhorbairt inbhuanaitheach acmhainní nádúrtha an réigiúin agus ar chur chun cinn na nuálaíochta agus na cruthaitheachta i dtionscnaimh agus i bpobail ar fud an réigiúin.  Tá branda uathúil Gaeltachta forbartha agus á chur chun cinn aige Branda Ghaeltacht na hÉireann.

Tá níos mó buntáiste i gceist le bheith i do bhall den gteic ná an feabhas maidir le cothromaíocht oibre agus saoil.  Tá aontú i bhfeidhm le hIonad Fiontraíochta Guinness (GEC) i mBaile Átha Cliath a chiallaíonn gur féidir le haon bhall den ionad sin teacht ar áiseanna gteic in áit ar bith sa ngréasán agus is féidir le baill de phobal gteic úsáid a bhaint as áiseanna GEC i mBaile Átha Cliath saor in aisce.

Timpeallacht Oibre Bunaithe ar Ghnó

Léiríonn roinnt taighde le cianoibrithe nach é luas an leathanbhanda nó fanacht glan ar thaisteal chun na hoibre an t-aon riachtanas a bhíonn acu.  Go minic deirtear gurb é an timpeallacht oibre bunaithe ar ghnó, áit le nascadh le daoine eile agus leas a bhaint as deiseanna nua agus atmaisféar maith an rud is tábhachtaí faoi spásanna comhionaid.

“Tá réimse leathan gnóthaí a bhfuil ag éirí go han-mhaith leo ag obair ar fud réigiún na Gaeltachta go háirithe laistigh dár ngréasán gteic, rud a chruthaíonn gur féidir le gnóthaí a bheith faoi bhláth sna réigiúin seo.  Tá siad ag cur táirgí agus seirbhísí den chéad scoth ar fáil atá á n-onnmhairiú ar fud an domhain,” a deir Mícheál Ó hÉanaigh.  “Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do dhaoine a bheith mar chuid den ghréasán seo atá ag fás go síoraí a bhfuil fiontraithe, nuálaithe agus cianoibrithe ina chuid de agus iad ag obair as an ngréasán gteic le háiseanna den chéad scoth le ceangal iontach i ngach áit den réigiún Gaeltachta seo le cultúr bríomhar.  Beidh gréasán gteic lárnach maidir le deiseanna a chur ar fáil do chianoibriú, go háirithe agus Diaspóra na Gaeltachta ag iarraidh teacht abhaile tar éis na paindéime.”