Fís nua do ré nua – Cumasú, Neartú, Inbhuanaitheacht na Gaeltachta

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021 – 2025 seolta

4 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Is é Príomhaoire an Rialtais agus an tAire Stáit Spórt agus Gaeltachta Jack Chambers, T.D., i gcomhair le Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair agus Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta a sheol Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta, 2021-2025 go hoifigiúil i nGaoth Dobhair ar maidin.

 

I gcroí-lár na Straitéise nua tá na téamaí Cumasú, Neartú agus Inbhuanaitheacht na Gaeltachta agus é mar sprioc uileghabhálach go bhforbrófaí an Ghaeltacht mar réigiún cruthaitheach, nuálaíoch agus inmharthana.

 

Tá an straitéis uaillmhianach seo á foilsiú ag tréimhse cinniúnach don Ghaeltacht agus é mar phríomhchuspóir pobail rathúla inbhuanaithe Gaeltachta a chothú, arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga, agus ina bhfuil caighdeán saoil den chéad scoth ar fáil, idir fhostaíocht, shochaí agus chultúr.

 

Spriocanna Straitéiseacha

Tá dhá phríomhsprioc agus cúig réimse de spriocanna straitéiseacha aitheanta ag Údarás na Gaeltachta faoina mbeifear ag forbairt tionscnaimh, ag infheistiú in acmhainní daonna, in acmhainní nádúrtha agus in acmhainní caipitil na Gaeltachta chun leasa an phobail agus na timpeallachta.

 

Príomhsprioc Pleanála Teanga - go mbeidh pleananna teanga á bhfeidhmiú sna 26 limistéar pleanála Teanga agus sa 3 bhaile seirbhíse Gaeltachta faoi dheireadh 2025.

Príomhsprioc Fostaíochta - 9,000 duine a bheith fostaithe i gcliantchomhlachtaí Gaeltachta faoi dheireadh 2025.

 

Cuirfear na spriocanna thuas i bhfeidhm trí an Ghaeltacht a bheith:

  • mar áit ina bhfuil pobail rathúla inbhuanaithe, agus arb í an Ghaeilge príomhtheanga an phobail ann;
  • mar áit le slí mhaireachtála tarraingteach do dhaoine le cónaí a dhéanamh ann;
  • mar áit ina bhfuil spiorad na fiontraíochta á chur chun cinn go láidir agus fonn ar fhiontraithe gnó a bhunú, a lonnú agus a fhás ann;
  • mar áit shainiúil, bheo atá aitheanta agus tarraingteach ó thaobh cultúir, ealaíne agus turasóireachta de;
  • mar áit a bhfuil táirgí, seirbhísí agus eispéiris ar ard-chaighdeán ar fáil agus go bhfuil teacht ag pobal uile na Gaeltachta orthu.

 

 

Tograí Straitéiseacha

Le linn saolré na Straitéise cuirfear seacht dtograí straitéiseacha chun cinn:

 

  1. gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta

Roimh dheireadh na straitéise beidh 31 aonad nuálaíochta agus digiteach le ceangal leathanbhanda ardluais i bhfeidhm feadh na Gaeltachta.

 

  1. Gaeltacht Ghlas

Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta dá chuid féin a dhéanamh chun lorg carbóin ár ngníomhaíochtaí féin agus gníomhaíochtaí ár gcliant agus phobal na Gaeltachta trí chéile a laghdú. Feidhmeofar réimse tograí ag cláir gníomhaíochta chun an méid sin a bhaint amach.

 

  1. Páirc na Mara

Cuirfear tús leis an áis thábhachtach, inbhuanaithe seo a thógáil agus margaíocht a dhéanamh uirthi le linn thréimhse na straitéise seo a chruthóidh deiseanna d’fhiontraithe agus d’fhostaithe an cheantair.

 

  1. Turasóireacht

Forbrófar tograí turasóireachta chomh maith le táirgí turasóireachta agus pacáistí turasóireachta ar fud na Gaeltachta agus déanfar margaíocht sa mbaile agus go hidirnáisiúnta orthu. Leanfar de dhaoine a oiliúint don earnáil seo tríd an Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta.

 

  1. Branda na Gaeltachta

Déanfar Branda na Gaeltachta a fhorbairt tuilleadh agus déanfar margaíocht ar an nGaeltacht mar áit oibre, pobail, teanga, ealaíne, turasóireachta agus úsáidfear an branda chun táirgí Gaeltachta a chur chun cinn. Spreagfar comhlachtaí le húsáid ghníomhach a bhaint as Branda na Gaeltachta.

 

  1. Diaspóra na Gaeltachta

Cuirfear leis na ceangail láidre atá ann leis an diaspóra le hinfheistíocht a mhealladh chun na Gaeltachta chomh maith le díriú ar dhaoine a mhealladh ar ais abhaile. Díreofar freisin ar spriocghrúpaí a bhfuil suim ar leith acu líonrú a dhéanamh agus ardáin chumarsáide a chruthú idir na pobail Ghaeltachta agus an diaspóra bunaithe ar shuimeanna ar leith ar nós na n-ealaíon, na Gaeilge, an ghnó, an spóirt agus eile.

 

  1. Cultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta a Chothú i Measc an Aosa Óig

Cuirfear réimse gníomhartha i bhfeidhm, bunaithe ar thaighde a bheidh dírithe ar thuiscint níos fearr a fháil ar chultúr óige na Gaeltachta. Beidh sé mar aidhm go gcothófar muinín, bród agus úinéireacht i measc daoine óga ó thaobh na teanga de agus iad ag plé le gníomhaíochtaí a bhfuil spéis ar leith acu iontu agus a bhaineann go sonrach lena bhféiniúlacht shainiúil mar dhaoine óga Gaeltachta.

 

 

Tá na téamaí Cumasú, Neartú agus Inbhuanaitheacht fite fuaite sa chur chuige a ghlacfar le fís na heagraíochta a thabhairt chun fíre.

 

Cumasú

Neartú

“Ag cur na ndeiseanna agus na n-acmhainní ar fáil do dhaoine, don phobal agus do ghnóthaí chun forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh.” “Ag láidriú agus ag treisiú an bhonneagair dhaonna, teanga, cultúir, eacnamaíochta agus pobail sa Ghaeltacht.”

Inbhuanaitheacht

“Ag tacú le forbairt na gceantar Gaeltachta ar bhealach atá seasmhach agus airdeallach ar an timpeallacht chultúir, eacnamaíochta agus ar an gcomhshaol ina maireann muid”

Ag tagairt do sheoladh na straitéise dúirt Catherine Martin, TD, An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:

“Fáiltím roimh Phlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021-2025 atá á sheoladh inniu. Déantar rianú ann ar raon aidhmeanna agus gníomhartha atá beartaithe ag an Údarás a chur chun feidhme sa tréimhse cúig bliana atá romhainn faoi scáth polasaí foriomlán an Rialtais i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge mar a leagtar amach é sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022, chomh maith ar ndóigh leis an straitéis fhoriomlán 20 Bliain don Ghaeilge.

Sa Phlean Gníomhaíochta luaitear gur ionann an raon bearta atá ann agus bonnlíne faoi leith a chuirfear i bhfeidhm thar shaolré an phlean ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcomhar le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta ar ndóigh. Tacóidh feidhmiú Phlean Straitéiseach an Údaráis agus forfheidhmiú an Phlean Gníomhaíochta lena chéile gan amhras.  Leis na dúshláin atá romhainn ar fad de bharr COVID-19 agus an Bhreatimeachta is ea is mó ná riamh a bhfuil gá le cur chuige straitéiseach agus fís fhadbhreathnaitheach don tréimhse ama romhainn.”

 

 

Ag seoladh na straitéise inniu dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, T.D:

“Tá fís leagtha síos ag Údarás na Gaeltachta anseo don Ghaeltacht do na cúig bliana amach romhainn. Plean uaillmhianach atá ann, plean a rachaidh chun tairbhe pobal labhartha Gaeilge, pobal fiontraíochta agus cúrsaí forbartha pobail na Gaeltachta.  Cosúil le pobail eile ar fud na tíre tá pobail Ghaeltachta ag dul i ngleic le himpleachtaí na paindéime, géarchéim a tháinig aniar aduaidh ar an tír agus ar an domhan. Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i mórán gnéithe de shaol phobal na Gaeltachta idir cúrsaí geilleagair, forbartha pobail agus pleanála teanga. Léireoidh an Straitéis nua seo an nasc ríthábhachtach leis an bpobal, an cheannródaíocht atá de dhíth agus an nuálaíocht a bhaineann le hobair na heagraíochta sna hearnálacha ina mbítear ag feidhmiú.”

 

Labhair Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair faoin straitéis:

“Thar cheann an Bhoird, fáiltím roimh an straitéis uaillmhianach seo don tréimhse 2021 – 2025. Is straitéis í a thógann ar an mbunchloch a leagadh síos le linn Straitéis 2018 – 2020 agus ar an obair atá á cur i gcrích ag Údarás na Gaeltachta le dhá scór bliain.

Leagann an straitéis seo amach fís do Ghaeltacht bheoga fhorásach, le tograí fadradharcacha a rachaidh chun sochair do shaol eacnamúil, cultúrtha agus sóisialta na Gaeltachta. Tá tionchar nach beag ag paindéim COVID-19 ar gheilleagar na tíre le bliain anuas agus beidh dúshlán mór forbartha againn sna blianta amach romhainn; ach is dúshlán é a rachaimid i ngleic leis, mar a dhéanann i gcónaí, le spiorad agus le díograis. In ainneoin an dúshláin sin, tá sé mar sprioc againn go mbeidh 9,000 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis faoi dheireadh thréimhse na straitéise seo, agus tá an Bord agus an feidhmeannas tiomanta don sprioc sin. Le linn thréimhse na straitéise deiridh rinne an eagraíocht, i gcomhar leis na pobail áitiúla, dul chun cinn suntasach i dtaca leis an phleanáil teanga. Tá pleananna teanga ceadaithe anois i bhformhór na Limistéar Pleanála Teanga agus beidh Coistí agus Oifigigh Pleanála Teanga ag obair go dícheallach leis an teanga a dhaingniú agus a neartú sna cúig bliana amach romhainn.”

 

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta faoin straitéis nua sheolta:

“Leagtar amach fís don Ghaeltacht mar réigiún cruthaitheach, nuálaíoch agus inmharthana i Straitéis Údarás na Gaeltachta don tréimhse 2021-2025.  Tá sé mar aidhm againn réigiún ina bhfuil an Ghaeilge ina teanga bheo pobail a dhéanamh den Ghaeltacht atá tarraingteacht le maireachtáil ann, agus deiseanna fostaíochta den chéad scoth ar fáil inti. Tá neartú, cumasú agus inbhuanaitheacht na Gaeltachta fite fuaite sa Straitéis agus sa gcur chuige a bheidh á ghlacadh ag an Údarás sna cúig bliana seo amach romhainn.

Tá an Straitéis seo le cur i bhfeidhm tráth a bhfuil athrú mór tagtha ar an saol. Tá acmhainní daonna, acmhainní cultúir agus acmhainní nádúrtha den chéad scoth ar fáil sa Ghaeltacht.  Le linn shaolré na Straitéise seo beidh muid ag cur béim ar fhorbairt inmharthana, ar phrionsabail na hinbhuanaitheachta agus ar an eacnamaíocht chiorclach.”

 

 Tá Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021-2025 le fáil anseo