Cambus Medical/Freudenberg Medical ag cruthú 40 post sároilte mar chuid de mhéadú €2m i nGaeltacht na Gaillimhe

2 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhógra Cambus Medical/Freudenberg Medical go bhfuil 40+ post nua sároilte le cruthú mar chuid d’obair leathnaithe €1.9m ag a n-áis ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.  Léiríonn an méadú suntasach seo go mbeidh lorg déantúsaíochta an chomhlachta feistí leighis ag ardú 60% agus súil an fhoireann a leathnú go dtí 170+ duine roimh dheireadh 2021.  Beidh an 40+ post atáthar ag cruthú sa réimse sain-innealtóireachta cáilíochta, déantúsaíochta, oibríochtaí custaiméara agus riarachán.

Tá taithí fhairsing ag Cambus Medical, comhfhiontar le Freudenberg Medical, ag cur feadánra, sainsnáthaidí agus micreachomhpháirteanna miotail ar fáil don earnáil feistí leighis agus ag tacú le bonn custaiméirí ar fud Mheiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, na hEorpa, na hÁise, na hAfraice agus na hAstráile.

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta maoiniú don mhéadú mar chuid de Chlár Spreagtha Post COVID-19 an Rialtais.   Cuirfidh an méadú 2,088 méadar cearnach spás breise táirgthe/déantúsaíochta ar fáil chomh maith le hoifigí riaracháin ag áis suntasach reatha an chomhlachta ar an Spidéal i gConamara áit ar thosaigh siad i mbun earcaíochta don 40+ post le gairid.   Tabharfaidh sé seo deis do Cambus Medical/Freudenberg Medical glacadh le hobair nach raibh spás acu dó cheanna, acmhainn déantúsaíochta nua a fhorbairt agus dul ar thóir gnó agus custaiméirí nua.

Ag fógairt na hoibre leathnúcháin dúirt Barry Comerford, Príomhfheidhmeannach Cambus Medical:

“Ba mhaith le Cambus Medical buíochas a ghlacadh lenár n-geallsealbhóirí; Freudenberg Medical as a dtacaíocht agus a muinín, Údarás na Gaeltachta as infheistíocht a dhéanamh sa suíomh, agus lenár bhfoireann as an bhfís seo a chur i gcrích. ‘Léiriú ar ár nDíograis’ is ea ár dtiomantas gnó inbhuanaitheach a fhás ar an Spidéal agus poist ardoilte suimiúla a chur ar fáil do dhaoine, poist a dhéanann difríocht i mbeatha othair ar fud an domhain.  Tá muid cinnte go mbeidh muid in ann ár sprioc 500 duine a bheith fostaithe ag Cambus Medical a bhaint amach lá breá éigin á bhuíochas sin dár gcultúr, luachanna, tiomantas agus diongbháilteacht.”

Ag labhairt dó dúirt an Dr. Max Gisbert Kley, Príomhfheidhmeannach Freudenberg Medical:

“Tá díol mórtais do Freudenberg Medical go bhfuil muid ag tacú le leathnúchán Cambus Medical mar pháirtnéir comhfhiontair.  Ón gcéad infheistíocht a rinne Freudenberg Medical i Cambus in 2013 tá fás níos tapúla ná an margadh féin déanta acu agus tá fás faoi thrí tagtha ar líon na bhfostaithe ar an Spidéal.  Seo fianaise ar áit láidir Cambus sa margadh mar cheannairí teicneolaíochta fheadánra agus comhpháirteanna miotail d’fheistí leighis.”

Ag cur fáilte roimh an bhfógra dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D.:

“Ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh le Cambus Medical agus an fhoireann ansin maidir leis an bhfógra suntasach cruthú post agus an méadu ar an áis, comhlacht iad atá ag cur fostaíocht luachmhar inmharthana ar fáil i gceantar an Spidéil.  Tá fógra os cionn 200 post luaite san earnáil feistí leighis i gceantar Chois Fharraige le cúpla mí anuas rud a léiríonn céard is féidir a bhaint amach ar chósta iarthar na hÉireann le tacaíocht spriocdhírithe an Stáit.”

Chuir Príomhaoire an Rialtais agus an tAire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, Jack Chambers, T.D., fáilte roimh an bhfógra chomh maith agus dúirt:

“Is fógra suntasach atá sa 40+ post nua seo i gceantar tuaithe ar nós an Spidéil, borradh iontach eile faoin gceantar agus is dea-scéala go mbeidh na poist sároilte seo ar fáil ag am agus muid ag teacht againn féin tar éis paindéim COVID-19.  Tá súil agam go gcuirfidh an fógra seo ar na súile do chomhlachtaí agus do dhaoine atá ag iarraidh athlonnú chun na Gaeltachta maidir leis na buntáistí agus deiseanna atá ar fáil ann do ghnóthaí agus do dhaoine.  Tá líon mór comhlachtaí feistí leighis anois lonnaithe sa nGaeltacht agus tá súil againn go ndéanfar aithris ar fhás agus ar dheiseanna breise fostaíochta Cambus Medical amach anseo.”

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta chomh maith:

“Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta, ba mhaith liom tréaslú le Cambus Medical/Freudenberg Medical agus an fhoireann maidir leis an bhforbairt seo agus an 40 post nua atá á gcruthú. Tá an comhlacht nuálach seo, a bhunaigh dhá fhiontraí áitiúil le tacaíocht Údarás na Gaeltachta, ag fostú go leor daoine sa cheantar agus ag cur go mór leis an gheilleagar áitiúil.”

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh leis:

“Tá muid an-sásta leanúint lenár gcomhpháirtíocht le Cambus Medical/Freudenberg Medical ar an Spidéal agus cúig bliana déag caite acu ag cur fostaíocht shuntasach ar fáil ansin.  Léiríonn an infheistíocht seo an tionchar dearfach atá agus a bheidh ag an gClár Spreagtha Post agus infheistíocht an Stáit i gceantair Ghaeltachta.  Le cúpla mí anuas léirigh ár gcliaint a dtacaíocht don Ghaeltacht tríd a ngnóthaí agus a líon foirne a mhéadú agus tugann an dul chun cinn iontach atá déanta acu san earnáil feistí leighis le bliain anuas ach go háirithe an-mhisneach dúinn.  Tá braisle Medtech Gaeltachta ag fás i gConamara anois agus tá a lorg agus a thionchar domhanda ag méadú de réir a chéile.  Tá tacaíocht leanúnach d’fhiontair dúchasacha nuálacha sa nGaeltacht ina chuid lárnach dár bplean straitéiseach nua.”

Is saineolaithe iad Cambus Medical, comhfhiontar le Freudenberg Medical, i bhforbairt agus i ndéanamh feadánra, sainsnáthaidí agus micreachomhpháirteanna d’fheistí leighis atá íosionrach a úsáidtear d’idirghabháil diagnóiseach agus teiripeach.  Bhunaigh Barry Comerford agus John Farragher an comhlacht in 2006, agus ó shin i leith tá an líon custaiméirí ag méadú go suntasach in Éirinn agus thar lear. In 2012 chuaigh siad i mbun comhpháirtíocht straitéiseach le Freudenberg Medical Europe GmbH ceannaire domhanda i dtaobh na déantúsaíochta san earnáil feistí leighis.