Síolta le cur i gCill Ulta a d’fhéadfadh an fheirmeoireacht dhomhanda a athrú!

LAN CTR páirteach i dtaighde ceannródaíoch €1.5m maidir le sláinte na mbarr agus laghdú ceimicí

25 Bealtaine, 2021

nóiméad léite

Beidh Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR, cliant de chuid Údarás na Gaeltachta ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall, ag dul i mbun taighde nuálaíoch maidir le modhanna feirmeoireachta a d’fhéadfadh dul i gcion go mór ar chúrsaí feirmeoireachta ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain.

I gcomhpháirt leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, e-Seed Crop Technology Solutions Ltd, SeqBiome Ltd, agus Origin Enterprises Public Ltd Company beidh LAN CTR lárnach sa togra E-Crop chun teicneolaíochtaí nuálaíochta feirme a chur ar fáil chun áis a thabhairt d’fheirmeoirí agus earnáil na talmhaíochta le sláinte na mbarr a fheabhsú agus monatóireacht a dhéanamh ar na barra sin. Le taighde ceannródaíoch géanómaíoch agus bitheolaíoch agus tástáil chuí ar an bhFál Carrach, táthar ag súil modhanna agus trealamh nuálach a fhorbairt a chabhróidh le cosaint breise a thabhairt do shíolta áirithe ó ghalair éagsúla agus cur le sláinte na mbarr.

Dúirt an tOllamh Fiona Doohan ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath:

“Tá teicneolaíochtaí bunathraitheacha á dtógáil ag E-Crop chun inbhuanaitheacht na talmhaíochta a chur chun cinn. Beidh An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag obair le fiontair bheaga agus mheánmhéide, Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR, e-Seed, SeqBiome agus Origin Enterprises chun trealamh géanómaíoch agus bitheolaíoch a fhorbairt chun súil a choinneáil ar shláinte na hithreach agus táirgiúlacht na mbarr a chur chun cinn ag úsáid níos lú ceimicí.”

Ag tagairt don scéala dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair:

“Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta déanaim comhghairdeachas le baill an togra ar fad agus lenár gcliant Lárionad Acmhainní Nádúrtha go háirithe. Tá spiorad na nuálaíochta fíorláidir sa Ghaeltacht agus ó tharla go mbeidh cúrsaí athraithe aeráide lárnach don uile dhuine sna blianta amach romhainn is iontach go mbeidh deis ag an nGaeltacht a bheith ceannródaíoch i gcúrsaí taighde sna réimsí sin leis an togra seo i gCill Ulta. Sampla eile atá ann den tionchar ollmhór gur féidir le tograí Gaeltachta a bheith acu ar an timpeallacht thart orainn.”

Tá maoiniú de €1.5m fógartha don togra le gairid faoin gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha a d’fhógair an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.  Déanfar an ciste de €95m a roinnt as seo go ceann trí bliana ar fhiontair, institiúidí oideachais agus taighde.  An aidhm atá leis an gCiste ná comhoibriú a chur chun cinn i measc bonn taighde agus earnála den scoth in Éirinn ag cur ar chumas fiontair dul in iomaíocht dhíreach ar mhaoiniú chun na teicneolaíochtaí seo a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Dúirt Eithne Nic Lochlainn, Bainisteoir Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR:

“Tá an-áthas ar Chill Ulta a bheith i gcomhpháirtíocht le UCD agus le baill eile an togra, agus muid ag tacú le hiarrachtaí na hÉireann dul i dtreo na talmhaíochta saor ó charbón. An príomhaidhm atá le Cill Ulta ná cur ar chumas ár bpobal Gaeltachta tacú agus úsáid inbhuanaithe a bhaint as na hacmhainní nádúrtha sa gceantar. Luíonn meon E-Crop isteach leis sin, ag breathnú ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag plandaí fiáine ar a dtimpeallacht agus ag úsáid na torthaí sin chun córas talmhaíochta a oibríonn le chéile leis an nádúr a chur chun cinn. Ag úsáid teicneolaíochtaí nuálacha chun earnáil talmhaíochta na hÉireann a fhorbairt chun go mbeidh sí inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta agus chun leas na héiceolaíochta, tá sé mar aidhm againn tacú le feirmeoirí agus iad ag dul i gcleachtadh ar an reachtaíocht athrú aeráide nua atá ag teacht chun cinn, ag cur bealaí agus modhanna ar fáil le go mbeidh siad ina gceann feadhna sa talmhaíocht inbhuanaithe.”

Ag labhairt maidir le fógra an chiste dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá forbairt agus cothú comhlachtaí atá bunaithe ar an nuálaíocht sna ceantair Ghaeltachta ina chuid lárnach de straitéis Údarás na Gaeltachta.  Is sampla maith é seo den tionscail sin, tionscail atá ag forbairt teicneolaíochtaí agus modhanna oibre nua a bheidh inbhuanaithe amach anseo agus a mbeidh sé de chumas acu fás.  Lena chois sin, tá forbairt an gheilleagair ghlais lárnach do straitéis an Údaráis don chéad 5 bliana eile agus is togra é seo a bheidh lárnach agus muid ag cur an earnáil seo chun cinn sa nGaeltacht.”

Tá Lárionad Acmhainní Nádúrtha Ctr. cláraithe mar fhiontar charthanachta agus shóisialta, ag tacú le fostaíocht sa bpobal. Ní amháin go bhfuil an t-ionad aitheanta mar ionad inbhuanaithe ag cur táirgí nádúrtha áitiúla ar fáil ar fud iar-thuaisceart Dhún na nGall, tá traenáil anois ar fáil in éiceolaíocht, inbhuanaithe, geilleagar ciorclach agus ard cheannas bia.