Ceann de na scéimeanna is rathúla i stair an Údaráis fós ag cur deiseanna ar fáil do phobal na Gaeltachta

24 Bealtaine, 2021

nóiméad léite

Tá an Scéim Scoláireachtaí Printíseachta atá á rith ag Údarás na Gaeltachta le hos cionn dhá scór bliain anuas fós ag cur deiseanna ar fáil do phobal na Gaeltachta agus an scéim oscailte arís do ghlaoch an tsamhraidh.  Tá 50 scoláireacht printíseachta, a bhfuil luach níos mó ná €2,000 an ceann ag baint leo, ar fáil in 2021 chun tacú le daoine gur mian leo ceird nua a fhoghlaim nó tabhairt faoi shlí bheatha nua.

Bhí méadú suntasach ar líon na n-iarratas a fuair an tÚdarás ar an scéim printíseachta do ghlaoch an earraigh níos túisce i mbliana ach tá deis fós ag daoine tacaíocht a fháil chun athrú saoil a chur i bhfeidhm agus os cionn scór scoláireacht fós le tabhairt amach d’iarratasóirí incháilithe.

Is iomaí duine sa nGaeltacht a bhfuil cáilíocht bainte amach acu tríd na scéime agus fiú a ngnó féin tosaithe acu agus iad ansin ag cur taithí agus fostaíocht ar fáil don chéad ghlúin eile de phrintíseachtaí na Gaeltachta.  Faigheann daoine deis scil nó ceird nua a fhoghlaim nó athoiliúint a fháil agus cáilíocht phrintíseachta atá aitheanta ag an gComhairle Phrintíseachta a bhaint amach. Aithnítear na cáilíochtaí seo ag Leibhéal 6 agus os a chionn, go caighdeán céime de réir an chreat náisiúnta foghlama, DCCÉ (Dearbhú Cáilíochta & Cáilíochtaí Éireann / QQI).

Tá réimse forleathan de 59 printíseacht difriúil faoi 14 earnáil éagsúil, atá aitheanta ag SOLAS, gur féidir le pobal na Gaeltachta tabhairt fúthu mar chuid den Scéim Scoláireachta atá á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta.

Is iad na hearnálacha ina bhfuil Scoláireachtaí Printíseachta ar fáil ná:

·         Bithchógais; ·         Teicneolaíochtaí Faisnéise;
·         Tógáil; ·         Lóistíocht;
·         Leictreach; ·         Mótar;
·         Innealtóireacht; ·         Seirbhísí Réadmhaoine;
·         Airgeadas; ·         Díolachán;
·         Gruaig; ·         Crannadóireacht;
·         Fáilteachas agus Bia; ·         Earcaíocht.

Tá níos mó daoine ag tabhairt faoi phrintíseachtaí nua-aoiseacha ar nós Bithchógais, Innealtóireachta, Seirbhísí Airgeadais, Cuntasaíochta, Ríomhaireachta agus dhá earnáil nua san áireamh anseo crannadóireacht agus earcaíocht.  Bíonn éileamh de shíor ar na ceirdeanna traidisiúnta mar phluiméireacht, siúinéireacht, meicníocht agus leictreoir.

Faoin scoláireacht seo, tugtar cabhair airgid don phrintíseach agus don chomhlacht/chonraitheoir lena bhfuil sé/sí fostaithe ag céimeanna éagsúla le linn na printíseachta.  Tugtar tacaíocht d’os cionn €2,000 do chomhlacht/chonraitheoir atá toilteanach printíseach a fhostú i rith na tréimhse printíseachta chun tacú le hiarrthóirí Gaeltachta le líofacht i nGaeilge cáilíocht a bhaint amach in aon cheann de na Scéimeanna Printíseachta Caighdeánbhunaithe atá aitheanta anois ag SOLAS.

Ag labhairt di ag fógairt na Scéime Scoláireachta dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair:

“Tá muid an-bhródúil as an scéim seo agus na daoine ar fad a bhfuil ceirdeanna éagsúla bainte amach acu le daichead bliain anuas.  Is léiriú é rath na scéime agus an stair fhada a bhaineann léi go bhfuil an-tóir uirthi go fóill.  Tá tábhacht ar leith ag baint leis na seirbhísí a chuireann lucht ceirde traidisiúnta na Gaeltachta ar fáil don phobal agus is bealach praiticiúil é an scéim seo chun slí bheatha rathúil a bhaint amach i gceirdeanna nua-aoiseacha fosta.”

Ag fógairt a Scéime Scoláireachta dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá comhlachtaí den scoth ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta a bhunaigh daoine áitiúla tar éis dóibh printíseachtaí a dhéanamh le tacaíocht Údarás na Gaeltachta. Léiríonn stair fhada na scéime san eagraíocht go raibh, go bhfuil agus go mbeidh tóir agus rath uirthi.  Tugann na printíseachtaí traidisiúnta agus nua-aoiseacha deis do mhuintir na Gaeltachta tabhairt faoi réimse leathan slite beatha, rud a neartaíonn agus a fhorbraíonn scileanna, a thugann misneach dóibh agus ag cur lena bhféiniúlacht Gaeltachta.”

Beidh glaoch reatha an tsamhraidh ar iarratais do Scéim Scoláireachtaí Printíseachta Údarás na Gaeltachta 2021 oscailte go dtí an 04/06/2021. Tá an scéim scoláireachta oscailte do réimse leathan de phobal na Gaeltachta agus caithfidh iarrthóirí a bheith os cionn 16 bliain d’aois ar a laghad agus an scoil a bheith fágtha acu. Is féidir le lucht spéise tuilleadh eolais maidir le critéir cáilithe na Scéime Scoláireachta seo agus foirm iarratais a líonadh ar líne ag www.udaras.ie.