An Nuálaíocht Bunathraitheach ag treisiú go mór sa Ghaeltacht

29 Aibreán, 2021

nóiméad léite

Cúig Chomhlacht Gaeltachta páirteach i dtograí de luach €15m faoin gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha

Tá luach €15m ag baint le tograí nuálaíocha, ina bhfuil cúig chliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta páirteach iontu, a ceadaíodh faoin gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha le gairid.  Éacht nach beag atá anseo do na comhlachtaí a bheidh ina gceannródaithe sa taighde atá le cur i gcrích.

D’fhógair an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta sonraí de chiste €95m do Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha a roinnfear as seo go ceann trí bliana ar fhiontair éagsúla agus institiúidí oideachais agus taighde.  An aidhm atá leis an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha ná comhoibriú a chur chun cinn i measc an bonn taighde agus earnála den scoth atá ag feidhmiú in Éirinn, ag cur ar chumas na bhfiontar seo dul in iomaíocht dhíreach ar mhaoiniú chun na teicneolaíochtaí seo a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Tá sé suntasach go bhfuil cúig chliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta - HiTech Health, ÉireComposites Teo, Aran Biomedical, Novelplast agus Lárionad Acmhainní Nádúrtha - tar éis an deis a thapú agus maoiniú a aimsiú i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí tríú leibhéal agus comhlachtaí eile chun dul i mbun taighde agus forbartha in earnálacha an bhia, na bhfeistí leighis agus an fhuinnimh agus gníomhaithe ar son na haeráide agus na hinbhuanaitheachta.

Ag labhairt di maidir le fógra an chiste dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair:

“Cuirfidh an deis mhaoinithe seo ar chumas comhlachtaí Gaeltachta tabhairt faoi thaighde agus forbairt ina gcuid earnálacha le cabhair ó fhiontair eile agus institiúidí tríú leibhéal. Rachaidh toradh a gcuid oibre, nuair a bheidh an méid sin curtha i gcrích, chun tairbhe a ngnó agus a gceantar.  Cuirfear deiseanna breise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta dá bharr. Tuigeann comhlachtaí na Gaeltachta tábhacht na nuálaíochta dá ngnó agus tá muid sásta bheith ábalta tacú leo ar an bhealach seo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh maidir leis na bhfógra:

“Mar a léiríonn an stair go dtí seo tá teacht aniar agus bua na fiontraíochta agus na nuálaíochta ag muintir na Gaeltachta, léiriú iad an cúig eagraíocht a fuair tacaíocht faoin gciste suntasach seo go bhfuil an tréith sin go láidir i gcomhlachtaí Gaeltachta a dtacaíonn Údarás na Gaeltachta leo. Beidh taighde agus dul chun cinn ar an leibhéal is nua-aimseartha ar siúl sna tograí seo agus tairbhí le baint astu ní amháin do na comhlachtaí agus don Ghaeltacht ach don domhan trí chéile de bharr tréithe bunathraitheacha na hoibre. Is fada muid ag gríosú nuálaíochta inár gcliaint agus tréaslaíonn muid a n-éachtaí leo.”

Mar chuid den ghlaoch maidir le maoiniú a aimsiú rinne grúpa de shaineolaithe idirnáisiúnta measúnú ar cheithre ghné – caighdeán na teicneolaíochta bunathraitheacha, barr feabhais sa gcur chuige, tionchar ar an eacnamaíocht agus inbhuanaitheacht agus neart an chomhoibrithe.

Baill an Chruibhreannais Cur síos ar an togra Réimse Taighde Ceantar Ciste
HiTech Health, Relevium Medical, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh Cóir leighis chun athghiniúint a dhéanamh ar oisté-airtríteas sa nglúin. Sláinte & Folláine Gaillimh €7.0m
Aran Biomedical Teoranta, Lifelet Medical Ltd, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh Teicneolaíocht gan uamanna do chomhla an chroí a fhorbairt agus a dhíol. Sláinte & Folláine Gaillimh €2.94m
ÉireComposites Teoranta, Manna Drones Ltd, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh Togra dróin chun éileamh na gcustaiméirí a shásamh atá sciobtha agus a íslíonn astuithe. Déantúsaíocht & Ábhair Gaillimh €2.44m
Novelplast Teoranta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, AvonCourt Packaging Ltd, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Corcaigh An méid peitriliam a laghdú go mór ag úsáid PET (Polyethylene terephthalate) athchúrsáilte mar fhoinse luachmhar ar féidir a athúsáid go síoraí. Fuinneamh, Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht

 

An Mhí  

€1.89m

 

LAN CTR (Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR), An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,  e-Seed Crop Technology Solutions Ltd, SeqBiome Ltd, Origin Enterprises Public Ltd Company Déanfaidh E-Crop forbairt ar theicneolaíochtaí nuálaíochta feirme chun súil a choinneáil ar shláinte a mbarr agus iad a fheabhsú. Fuinneamh & Gníomhú ar son na hAeráide Dún na nGall €1.5m