Fógraí suntasacha do cheantair tuaithe Ghaeltachta i maoiniú RRDF atá ceadaithe

19 Aibreán, 2021

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys T.D. go bhfuil maoiniú caipitil de €2.03m á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun mol digiteach a fhorbairt ar Leithinis Uíbh Ráthaigh.

Cuirfidh gteic@Baile an Sceilg áit oibre do leathchéad duine ar fáil, chomh maith le cláir ar chianfhoghlaim agus cúrsaí uasoiliúna i gceantar Gaeltachta Chiarraí Theas.  Cuirfear tacaíocht ar fáil do chomhlachtaí beaga forbairt agus leathnú a dhéanamh agus cuirfear spásanna cianoibre ar fáil don cheantar máguaird.  Tá an togra seo mar chuid de ghréasán gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta atá á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair tuaithe ar fud Ghaeltacht na hÉireann.  Beidh an áis seo in Uíbh Ráthach ina lárionad tacaíochtaí gnó ríthábhachtach do cheantar Gaeltachta na leithinse agus an ceantar mórthimpeall.  Mar chuid den togra déanfar Bainisteoir Forbartha Gnó a earcú ar feadh tréimhse trí bliana chun tacú le comhlachtaí beaga, go háirithe fiontair atá ag tosú amach, ag cinntiú go bhfuil seirbhísí fiontraíochta agus forbartha pobail ar fáil.

Tacóidh an scéala suntasach seo le Tascfhórsa Idirghníomhaireachta Uíbh Ráthaigh a bunaíodh in Uíbh Ráthach i Meán Fómhair 2017 chun Plean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm.  Leag an Tascfhórsa beartas dúshlánach réalaíoch céimiúil amach a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic le titim daonra, dul an aois pobail, agus meath eacnamaíochta agus sóisialta.  Tá an Tascfhórsa ag iarraidh teaghlaigh agus fiontraithe a mhealladh chuig an gceantar álainn seo chun na dúshláin sin a mhaolú.  Táthar ag súil go mbeidh an plean mar mhúnla do cheantair eile ar fud na hÉireann a bhfuil an brú céanna orthu.

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte lena chois roimh an bhfógra go mbeidh maoiniú €1.8 faoin gciste céanna á chur ar fáil d’Athfhorbairt Chuan Ailt an Chorráin áit a ndéanfar athghiniúint ar shuíomh do thogra Ailt an Chorráin/Árainn Mhóir.  Déanfar foirgneamh críochfoirt fharantóireachta a thógáil, foirgneamh fiontraíochta chomh maith le hoibreacha infreastruchtúir a chur i gcrích. Beidh sé ina áis shuntasach do phobal na Gaeltachta agus do phobal Árainn Mhóir ach go háirithe.

Chuir Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, fáilte roimh an bhfógra:

“Thar ceann an Bhoird ba mhaith liom fáilte mhór a chur roimh an bhfógra suntasach seo go bhfuil maoiniú faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe fógartha do gteic@Baile an Sceilg i gceantar Uíbh Ráthaigh i gCiarraí Theas.  Is dea-scéala é seo do phobal agus fiontraithe an cheantair agus cuirfidh sé go mór le hobair Thascfhórsa Idirghníomhaireachta Uíbh Ráthaigh chomh maith atá ag obair go dian dícheallach ar mhaithe le borradh a chur faoin gceantar. Cuirfidh sé tacaíocht ar fáil d’fhiontair bheaga agus do dhaoine ar mhaith leo filleadh ar an mbaile nó saol nua a thosú ar Leithinis Uíbh Ráthaigh.
Tá ról ríthábhachtach imeartha le blianta fada ag oileáin Ghaeltachta na tíre seo agus is cóir na háiseanna cuí a chur ar fáil gach áit gur féidir. Cuideoidh an fhorbairt seo ar Chalafort Ailt an Chorráin go mór le pobal Árainn Mhóir agus le hinbhuanaitheacht an oileáin mar áit chónaithe agus oibre.”

Labhair Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, ar an bhfógra:

“Cuireann muid fáilte chroíúil roimh an maoiniú caipitil seo ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maidir le gteic@Baile an Sceilg.  Cuirfidh an maoiniú €2.03m ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe borradh faoi leith faoi cheantar atá ag dul i ngleic le bánú na tuaithe, fadhbanna eacnamaíochta agus infreastruchtúir.  Beidh gteic@Baile an Sceilg ina eiseamláir do mhoil dhigiteacha agus nuálaíochta nuair a bheidh an obair curtha i gcrích. Tá fócas faoi leith curtha ar Chiarraí Theas againn le roinnt blianta anuas agus tacóidh an maoiniú seo go mór linn an Plean Gníomhaíochta atá againn don cheantar a fheidhmiú.”