A n-aghaidh ag daltaí idirbhliana fiontraíochta ar an gCraobh Náisiúnta

15 Aibreán, 2021

nóiméad léite

Beidh daltaí idirbhliana as Pobalscoil Chorca Dhuibhne i nDaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co.  na Gaillimhe, Gaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, agus Gairmscoil Chú Uladh, An Clochán, Leifear, Co. Dhún na nGall ag súil a n-aghaidh a thabhairt ‘go fíorúil’ ar an Eoraip agus iad ag réiteach do Chraobh na hÉireann de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta, 2021 a reáchtálfar ar líne ar an 22 Aibreán 2021.

Beidh deis ag buaiteoirí Chraobh na hÉireann ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag Comhlacht na Bliana Chomórtas Junior Achievement na hEorpa 2021 a reáchtálfar go fíorúil ar líne chomh maith i mí Iúil i mbliana de bharr srianta COVID-19.

Beidh iomaíocht ghéar idir an 6 mhionchomhlacht as Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Ciarraí chun an Chraobh a thabhairt leo. Craobh náisiúnta aon lae a bheidh i gceist i mbliana a reáchtálfar ar an 22 Aibreán 2021 agus beidh na daltaí ag ceangal isteach ón scoil agus ag cur a ngnó os comhair na moltóirí ar líne trí fhíseán ghairid réamhdhéanta, pleananna gnó agus agallamh.

Ba iad na fiontair Cártaí Feasa’ agus ‘Bain Triail as Leabhair do Leanaí’ as Pobalscoil Chorca Dhuibhne a bhuaigh Craobh Réigiúnach an Deiscirt den Chomórtas.  ‘An Saol Veigeáin’ as Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus ‘Earraí BOSSK’ as Gaelcholáiste Chomáin a bhuaigh Craobh Réigiúnach an Iarthair.  ‘Cluasa Cliste’ as Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus ‘DSG Adhmad’ as Gairmscoil Chú Uladh a thug an bua leo ag Craobh Réigiúnach an Tuaiscirt den chomórtas.

Tá na foirne ar fad ag súil go rachaidh siad i bhfeidhm ar na moltóirí ag an gCraobh Náisiúnta chun an deis a thapú a bheith san iomaíocht ag Comórtas na hEorpa.

Is taithí phraiticiúil ghnó atá i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta atá á fhorbairt agus á sheachadadh trí Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Junior Achievement Ireland (JAI) agus atá á mh úineadh do 750 dalta idirbhliana i gceantair Ghaeltachta trí Ghaeilge ag meantóirí gnó deonacha.  Is í seo an tríú bliain go mbeidh deis ag buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta páirt a ghlacadh i gCraobh na hEorpa den chomórtas.

Cártaí Feasa, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí            

Cártaí beannachtaí iad seo a insíonn scéalta bhéaloidis na hÉireann, tá cód QR ar chúl an chárta atá le scanáil a thabharfaidh na custaiméirí chuig láithreán gréasáin leis an scéal béaloidis iomlán a fháil.

Bain Triail as Leabhar do Leanaí, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

Leabhair oideachais do leanaí i nGaeilge chun pianó, bailé agus tarraing phictiúir a fhoghlaim.

An Saol Veigeáin, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Chuir na daltaí leabhar cócaireachta dátheangach ar fáil do dhaoine a bhfuil an saol véigeáin uathu. Tá 19 oideas sa leabhar chomh maith le fíricí faoi veigeánachas agus déantar cur síos ar an aiste bia seo agus an tionchar atá aige ar an tsláinte, an timpeallacht agus an tionchar ar ainmhithe.

Earraí BOSSK, Gaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo

Cruthaigh na daltaí sa scoil seo pictiúr le fráma ina bhfuil ainmneacha na clainne greanta air ag úsáid ealaín Scrabble. Is féidir aon ainm a chur isteach sna frámaí seo.

Cluasa Cliste, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

Is éard atá bunaithe ag an gcomhlacht Cluasa Cliste ná fáinní cluasa ealaíonta a chuireann féiniúlacht an duine féin chun cinn. Tá na fáinní cluasa déanta as ábhair éagsúla agus earraí athchúrsáilte, táirge uathúil agus pearsanta atá anseo.

DSG Adhmad, Gairmscoil Chú Uladh, An Clochán, Leifear, Co. Dhún na nGall

Cruthaigh na daltaí sa scoil seo clár mionghearrtha le lorg speisialta do chustaiméirí. Déantar na chláir as adhmad áitiúil. Beidh an-tóir ag daoine ar an táirge álainn lámhdhéanta seo.