150 post nua sároilte le cruthú i nGaeltacht na Gaillimhe

Aran Biomedical chun 150 post nua sároilte a chruthú thar 3 bliana

12 Aibreán, 2021

nóiméad léite

Two men outside of the Aran Biomedical facility in An Spidéal in Galway

Tá 150 post nua d’ardchaighdeán i nGaeltacht na Gaillimhe fógartha ag Aran Biomedical, ceann de phríomhdhéantóirí bithábhair d’earnáil na bhfeistí leighis, inniu (12/04/21).

Speisialtóirí iad Aran Biomedical, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, i saindearadh, forbairt agus déantúsaíocht feistí leighis a théann isteach sa gcolainn agus mar fhreagra ar fhás in éileamh gnó tá sé fógartha acu go bhfuil sé de rún acu a bhfoireann oibre a mhéadú trí 150 post nua sároilte a chruthú thar 3 bliana i dTáirgeadh, Innealtóireacht, Cáilíocht agus Bainistíocht Slabhra Soláthair..

Chomh maith leis sin, tá sé ar intinn ag an gcomhlacht a gcumas déantúsaíochta a mhéadú faoi thrí le bunú áis nua sa Spidéal, Co. na Gaillimhe agus táthar ag dréim gur ar bhonn céimiúil a fhorbrófar an áis seo agus meastar go mbeidh an togra curtha i gcrích faoi lár 2025.

Tá Aran Biomedical (Proxy Biomedical roimhe seo) lonnaithe ar an Spidéal ó 2008 le tacaíocht Údarás na Gaeltachta agus é ag cur fostaíocht sároilte ar fáil i nGaeltacht Chonamara le trí bliana déag anuas.  Agus cúrsaí nuálaíochta ag dul go tréan in Aran Biomedical d’fhorbair siad táirge bithábhair nideoige agus le hiarrachtaí dochreidte an chomhlachta agus a gcuid fostaithe tá fás agus leathnú as cuimse tagtha orthu agus 120 duine fostaithe ann faoi láthair.

Agus í ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D.:

“Tá áthas orm go bhfuil Aran Biomedical tar éis a fhógairt go mbeidh 150 post á gcruthú acu ar an Spidéal, Co. na Gaillimhe as seo go ceann 3 bliana.  Ba mhaith liom tréaslú le Peter Mulrooney agus an fhoireann ansin as an nuacht go bhfuil ag éirí thar cionn leis an gcomhlacht agus iad ag cur fostaíocht luachmhar inmharthana ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe.  Dá mba rud é go raibh fianaise ag teastáil maidir le cás a léiríonn céard a bhíonn de bharr tacaíocht i gceantair tuaithe, léiríonn nuálaíocht agus rath Aran Biomedical agus Údáras na Gaeltacht céard is féidir a bhaint amach.”

 Chuir Príomhaoire an Rialtais agus an tAire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, Jack Chambers, T.D., fáilte roimh an bhfógra chomh maith agus dúirt:

“Ní amháin gur fógra suntasach é seo do cheantar Chonamara tá tábhacht náisiúnta leis chomh maith agus is ceann é a bhfuil súil agam a thabharfaidh tuilleadh fáis agus fostaíochta ar ardchaighdeáin go dtí an ceantar.  Tá an Ghaeltacht anois ina baile ag líon mór comhlachtaí feistí leighis agus tá súil agam go ndéanfar aithris ar fhás agus ar dheiseanna breise fostaíochta Aran Biomedical amach anseo.”

Labhair Príomhfheidhmeannach Aran Biomedical Peter Mulrooney ar an bhforbairt agus ar an bhfógra maidir leis an 150 post nua:

“Tá áthas agus mórtas orainn a fhógairt go bhfuil sé ar intinn againn áis den chineál is nua-aimseartha a thógáil sa Spidéal agus na poist nua seo a chruthú.  Bhí bliain an-suntasach go deo ag Aran le 12 mí anuas, d’fhás muid ár mbonn cliant agus líon na bhfostaithe anseo go dtí os cionn 120, chomh maith le hoscailte oifigiúil ár n-ionad srutharlaithe tiomnaithe i mí na Nollag.  Lean muid ag cur lenár mbonn cliant, agus cuirfidh na poist nua agus an áis nua ar ár gcumas freastal ar éilimh soláthair ár gcustaiméirí sa réimse teicstílí bithleighis.  Tá an tacaíocht a thugann Údarás na Gaeltachta dúinn ríthábhachtach do rath an chomhlachta agus iad ag cabhrú linn ó bhog muid go dtí ár mbunáit déantúsaíochta sa Spidéal in 2008.”

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, an méid seo thar ceann an Bhoird:

“Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an fhógra seo agus comhghairdeachas a dhéanamh le Aran Biomedical agus a fhoireann ar an dul chun cinn atá déanta acu go dáta. Is údar misnigh dúinn uilig go bhfuil Aran Biomedical ag dul ó neart go neart agus is vóta muiníne i muintir Chonamara agus sa cheantar mórthimpeall an méadú foirne atá beartaithe ag an chomhlacht seo a bhfuil a chuid táirgíochta bunaithe ar an nuálaíocht agus an chruthaitheacht.”

Ag tacú leis an bhfógra dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta fáilte a chur roimh fhógra Aran Biomedical maidir le fás a gcuid áiseanna sa Spidéal, Co. na Gaillimhe agus na pleananna chun 150 post sároilte a chruthú ann as seo go ceann tréimhse 3 bliana.  Is léiriú é gur féidir le Gaeltachtaí na hÉireann a bheith ina mbunáit iontach do chuile chineál gnó agus na feistí leighis a dhearann agus a dhéanann Aran Biomedical á seoladh ar fud an domhain, is áit é gur féidir ceangal leis an domhan mór, agus ag an am céanna cothromaíocht oibre agus saoil den chéad scoth a chur ar fáil d’fhostaithe. Tá an fhostaíocht reatha agus bheartaithe an-tábhachtach don cheantar seo agus táthar ag súil go leanfaidh an infheistíocht shuntasach agus an fhostaíocht ard sa gceantar Gaeltachta seo.”

 

Two men outside of the Aran Biomedical facility in An Spidéal in Galway