Tús Maith… forbair do choincheap gnó le hÚdarás na Gaeltachta

Clár cuimsitheach forbartha coincheap gnó fógartha

5 Márta, 2021

nóiméad léite

Tá glaoch oscailte agus cuimsitheach á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta do dhaoine a bhfuil coincheap nó smaoineamh gnó acu páirt a ghlacadh i gClár Forbartha Coincheap Gnó nua atá fógartha chun forbairt gnóthaí nua Gaeltachta ón mbun aníos a ghríosú.  Tá sé de chuspóir ag Tús Maith… Clár Forbartha Coincheap Gnó Údarás na Gaeltachta daoine aonair nó fiontraithe a bhfuil smaoineamh gnó acu a chumasú chun a gcoincheap a fhorbairt agus iad a thabhairt chun foirfeachta chun go bhfeadfaí gnóthaí nua a chruthú agus a thionscnamh.

Cuirfidh an clár forbartha deiseanna ar fáil d’fhiontraithe nua agus seanbhunaithe fás agus forbairt a dhéanamh ar a gcoincheap gnó trí cheithre chéim sonrach ina mbeidh saineolas acadúil, saineolas gnó agus taithí gnó ar fáil dóibh.

De bharr srianta COVID-19, is ar líne a reáchtálfar Clár Forbartha Coincheap Gnó Údarás na Gaeltachta i mbliana ach tá sé ina ghné lárnach den chlár go mbeidh deis ag rannpháirtithe comhairleoireacht agus meantóireacht a fháil chomh maith le deis aithne a chur ar ghnóthaí le taithí sa réimse, ar dhaoine eile atá ag forbairt coincheapa, ar shaineolaithe acadúla agus ar fheidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta.

Cuirfear tús leis an gclár forbartha, atá saor in aisce, ar an 12 Márta agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh tréimhse 4 seachtaine chun rannpháirtithe a thabhairt tríd na céimeanna is tábhachtaí i bhforbairt a gcoincheap agus a smaoineamh gnó.  Lena chois sin déanfaidh cliantchomhlachtaí, a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta lena bhfís ghnó a fhíorú, cur síos ar a ngnó agus an chaoi ar chabhraigh an tÚdarás leo ina n-iarrachtaí tosú amach sa saol gnó.

Cuirfidh an clár Tús Maith… seisiúin forbartha coincheapa, a mhairfidh uair an chloig, ar fáil le saineolas agus comhairle ábhartha maidir le ceithre chéim d’fhorbairt coincheapa mar seo a leanas:

Céim 1 Taighde Margaidh
  • Treochtaí agus Riachtanais Reatha
10am,   12/03/2021
Céim 2 Forbairt Coincheapa
  • Gnéithe le cur san áireamh do do choincheap
10am,   19/03/2021
Céim 3 Anailís Mhargaidh
  • Gnéithe margaidh ar chóir díriú orthu
10am,   26/03/2021
Céim 4 Cruthaigh do Choincheap
  • Comhpháirteanna riachtanacha & tacaíochtaí ó Údarás na Gaeltachta
10am,   01/04/2021

Ag labhairt di maidir leis an gclár dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:

“Cuirfidh Clár Forbartha Choincheap Gnó Údarás na Gaeltachta deis iontach ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh smaoineamh gnó atá acu a fhorbairt agus saineolas ábhartha a fháil.  Le beagnach bliain anuas, chuir COVID-19 bac ar ghnéithe áirithe den saol ach tá misneach ann i gcónaí agus léas dóchais ar deireadh.  Le linn na tréimhse sin tháinig smaointe nuálacha cruthaitheacha chun cinn freisin, ag cur ar chumas na  ndaoine dul i mbun díol ar líne, margaí nua a aimsiú agus fás agus forbairt a dhéanamh.  Tabharfaidh na háisitheoirí acadúla agus gnó a bheas ag obair linn léargas ar na céimeanna is tábhachtaí atá le glacadh anois agus ar an dóigh a ndeachaigh siad féin i mbun gnó ag bunú comhlachtaí dúchasacha atá i gcroílár na fiontraíochta sa nGaeltacht.”

Thacaigh Sinéad Ní Fhatharta, Bainisteoir Fiontraíochta agus Fostaíochta, Údarás na Gaeltachta leis an méid a bhí le rá ag an gCathaoirleach:

“Má tá smaoineamh gnó agat - labhair leis an Údarás agus tabharfaidh muid cúnamh duit do choincheap a fhorbairt.  Deis iontach a bheidh sa gclár Tús Maith… le heolas cuimsitheach ar fhorbairt coincheap gnó a fháil agus foghlaim uaidh shaineolaithe gnó agus acadúla a bhfuil taithí acu sa réimse seo.  Tá tacaíocht airgid agus comhairleoireachta curtha ar fáil ag an eagraíocht le hos cionn dhá scór bliain anuas agus is iomaí cliantchomhlacht mór le rá inniu a d’fhás as síol beag.  Má tá smaoineamh gnó agat - labhair leis an Údarás.”

Beidh sé de chead ag rannpháirtithe freastal ar aon cheann nó gach ceann de na seisiúin forbartha de réir mar a oireann sé don staid ag a bhfuil a gcoincheap gnó.  Cuirfear eolas sonrach na seisiúin forbartha ar fáil ar an láithreán gréasáin www.udaras.ie.

Tús Maith… Clár Forbartha Coincheap Gnó á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta i gceithre chéim ar an 12ú, 19ú, 26ú Márta agus 01 Aibreán 2021 chun saineolas, comhairle agus meantóireacht a chur ar fáil do dhaoine le smaoineamh gnó nó coincheap gnó a fhorbairt.

Is féidir clárú don Chlár anseo: https://www.eventbrite.ie/o/udaras-na-gaeltachta-28531581743 nó ag www.udaras.ie