Faoi chraiceann an uisce – deiseanna d’earnáil na turasóireachta mara

Forbairt na Turasóireachta Mara Gaeltachta faoi chaibidil i Sraith Seisiúin Eolais Údarás na Gaeltachta

3 Márta, 2021

nóiméad léite

Tá béim ar leith á cur ag Údarás na Gaeltachta ar fhorbairt na turasóireachta mara sna ceantair Ghaeltachta agus chuige sin tá deiseanna foghlamtha agus fáis á gcur ar fáil don earnáil sa nGaeltacht. Tionólfaidh Údarás na Gaeltachta 3 sheisiún eolais agus deis líonraithe maidir le cúrsaí turasóireachta mara Gaeltachta sna seachtainí seo romhainn. Tá na seisiúin, a bheidh ar siúl ar an 11ú, 18ú agus 25ú Márta 2021, dírithe ar ghnóthaí turasóireachta mara sa nGaeltacht nó ar dhaoine a bhfuil suim acu gnó a fhorbairt sa nGaeltacht.

Beidh deis ann foghlaim uaidh shaineolaithe turasóireachta mara náisiúnta agus idirnáisiúnta chomh maith le gnóthaí a bhfuil ag éirí go maith leo, cuirfear aithne ar ghnóthaí sa nGaeltacht agus gheofar tuiscint ar dhea-chleachtais mhargaíochta.

Seisiún 1 An Turas Bád (11.45am, 11/03/2021)                     eventbrite.ie/e/142522748377
  Dírithe ar thurais bháid, cúrsaí iascaireachta agus cén chaoi le cuairteoirí a mealladh.

I measc na gcainteoirí beidh dhá ghnó turasóireachta as Talamh an Éisc, Ceanada.  Déanfar plé freisin ar an ngné digiteach a bhaineann le turais bháid agus cén chaoi le córas ticéid ar líne a bhunú.

 

Seisiún 2 Bealaí Gorma, Céanna & Tránna (11.45am, 18/03/2021)                      eventbrite.ie/e/142525673125
  Bealaí gorma agus áiseanna cois cósta chun chur le hacmhainní turasóireachta mara.

Déanfaidh Cliodhna Campbell agus Cathal Sweeney as Comhairle Contae Dhún na nGall cur síos ar chéimeanna chun duga pontúin a shuiteáil agus deiseanna chun acmhainní ar ár dtránna a fheabhsú.  Déanfaidh Fáilte Éireann & muintir Árainn Mhór i nDún na nGall cur síos ar an mBealach Gorm agus ar a bhfuil i gceist leis.

 

Seisiún 3 Spóirt Uisce - ag díol an Eispéiris (11.45am, 25/03/2021)                      eventbrite.ie/e/142527049241 
  Imeachtaí spóirt uisce agus na heispéiris den scoth atá ar fáil san uisce faoi chaibidil.  Déanfaidh Lee Wood ó Narosa Life cur síos ar a ghnó tonn mharcaíochta i nDún na nGall agus déanfaidh Bane Mullarkey cur síos ar chúrsaí margaíochta agus an bealach is fearr le do ghnó a chur chun cinn ar líne.

Seisiúin phraiticiúla a bheidh sna seisiún seo maidir le dea-chleachtais san earnáil turasóireachta mara, cén chaoi ábhar a dhíol ar líne chomh maith le deis líonraithe le gnóthaí turasóireachta mara eile sna ceantair Ghaeltachta.

Cuirfear fáilte roimh ghnóthaí, fiontraithe, grúpaí pobail nó aon duine a bhfuil suim acu gnó turasóireachta mara a fhorbairt sa nGaeltacht nó suim acu áiseanna sa réimse turasóireachta mara a fheabhsú.

Tá sé molta clárú do na seisiúin seo roimh ré ag an nasc seo: https://www.eventbrite.ie/e/turasoireacht-mara-seisiun-1-turais-baidboat-trips-tickets-142522748377?aff=erelexpmlt