Tús le Spástaiscéalaíocht sa nGaeltacht – trealamh déanta in Indreabhán á lainseáil sa Spás

ÉireComposites ag dul i mbun oibre le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa

1 Márta, 2021

nóiméad léite

Tá ÉireComposites, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, atá lonnaithe in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, tar éis conradh a shíneadh le OIP Sensor Systems, comhlacht as an mBeilg chun sciatha solais fhánacha a dhearadh agus a tháirgeadh le bheith mar dhlúthchuid de shatailít ALTIUS le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa.

Beidh na sciatha solais fhánacha ar an gcéad pháirt sheachtrach agus ar an bpíosa feidhmithe is mó déanta in Éirinn agus lainseáilte sa spás.  Beidh ÉireComposites, atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara ón mbliain 2002, i mbun déantúsaíochta ar na sciatha seo a chuirfidh bac ar sholas fhánacha cur isteach ar threalamh optúil na satailíte.  Déanfaidh an tsatailít, a bhfuil súil lena lainseáil ag deireadh 2023, taighde ar an ózón strataisféarach agus ar gháis eile san atmaisféar.  Cuirfidh an t-eolas seo tuiscint eolaíoch ar fáil maidir leis an tionchar a bhíonn ag gáis ceaptha teasa ar an atmaisféar.

Agus an scéala á fhógairt dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta:

‘Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le foireann ÉireComposites as an dea-scéala seo. Beidh ról ríthábhachtach ag na sciatha seo, deartha agus táirgthe i gConamara, agus an tsatailít ag bailiú eolais maidir le hathrú aeráide don taighde ar gháis ceaptha teasa a ísliú.  Is léiriú an t-ordú seo ar fhís nuálaíochta an chomhlachta agus ar chaighdeán an táirge a dhéantar ann. Ina theannta sin, is vóta muiníne é i saineolas agus in obair na foirne i gcomhlacht atá i dtús cadhnaíochta san earnáil seo go hidirnáisiúnta.’

Dúirt Tomás Flanagan, Príomhfheidhmeannach ÉireComposites:

‘Tá togra satailíte ALTIUS ina chloch mhíle shuntasach maidir le rannpháirtíocht na hÉireann sa spástaiscéalaíocht.  Beidh na sciatha solais fhánacha mar chuid den chéad trealamh optúil déanta in Éirinn agus an trealamh is mó satailíte déanta sa tír.  Tá muid ríméadach go bhfuil OIP ag iarraidh a bheith ag obair linn ar an togra seo.  Is éacht iontach é seo don chomhlacht agus tá súil agam go mbeidh muid ag déanamh tuilleadh páirteanna d’iomaí misin spástaiscéalaíochta amach anseo.’

Ag labhairt faoin bhfógra dúirt Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta & Innealtóireachta Údarás na Gaeltachta, Mark de Faoite:

‘Is mór an t-éacht é seo d’fhoireann ÉireComposites. Tá muid thar a bheith mórtasach as a bheith ag tacú leis an gcomhlacht seo atá ag cur le forbairt eacnamaíochta an réigiúin le poist ar ardchaighdeán i gceantar Gaeltachta.  Léiriú é an togra seo le OIP agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa ar thallann na foirne sa gcomhlacht agus an caighdeán den scoth atá á chur ar fáil acu.  Tá ríméad orainn go mbeidh trealamh déanta sa nGaeltacht ag dul chuig an spás.'