Ráiteas Deireadh Bliana 2020 – Údarás na Gaeltachta

25 Eanáir, 2021

nóiméad léite

Clúdach an ráiteas deireadh bliana 2020 le pictiúr de pháirc peile i nGallaras Co. Chiarraí

Údarás na Gaeltachta: Athbhreithniú 2020

 

Ráiteas eisithe ag Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach, agus Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta

 

  • 7,363 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana
  • 427 post nua cruthaithe in 2020
  • Glanlaghdú de 6% (481) i bpoist lánaimseartha in 2020
  • Dúshláin mhóra roimh earnáil na turasóireachta agus gnóthaí gaolmhara de bharr COVID-19
  • 258 post nua ceadaithe i dtograí ina mbeidh infheistíocht de €13m
  • Tacaíocht curtha ar fáil do 263 comhlacht Gaeltachta cur le trádáil ar líne
  • €7.4m i dtacaíochtaí COVID-19 ceadaithe do chomhlachtaí Gaeltachta
  • €20.3m i soláthar caipitil ceadaithe d’fhorbairt infreastruchtúr gnó na Gaeltachta
  • Sraith tacaíochtaí curtha ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta i gcomhthéacs an Bhreatimeachta
  • 21 Plean Teanga ceadaithe le buiséad de €2.28m
  • 16 ionad gteic, Gréasán Digiteach na Gaeltachta, oscailte, 13 eile á bhforbairt

 

Fostaíocht

Bhí 7,363 post lánaimseartha agus 437 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2020 agus ainneoin tionchar na paindéime COVID-19, cruthaíodh 427 post nua i gcomhlachtaí Gaeltachta i rith na bliana. Nuair a thógtar laghduithe poist san áireamh, feictear glanlaghdú de 6% (481) sa bhfostaíocht ina iomláine. Is in earnáil na Turasóireachta agus earnálacha gaolmhara a léiríodh formhór na laghduithe sin. Bhí tionchar na paindéime le brath i ngach contae Gaeltachta i rith 2020 agus laghdú fostaíochta i ngach contae seachas i gCo. na Mí.

É sin ráite, d’fhan an fhostaíocht seasmhach i 68% de chomhlachtaí, le cois an 10.5% de chliantchomhlachtaí a raibh méadú fostaíochta iontu i rith na bliana. I measc na n-earnálacha a d’fhás in 2020 bhí an earnáil Feistí Leighis – tháinig méadú 4% ar an bhfostaíocht le hos cionn 700 duine fostaithe san earnáil sa nGaeltacht anois.

 

Cúrsaí COVID-19 & an Bhreatimeachta

Sheol an tÚdarás plean tacaíochta agus eolais ag tús na géarchéime COVID-19 i mí an Mhárta chun tacú le pobail agus gnóthaí na Gaeltachta, agus idir na tacaíochtaí sin agus tacaíochtaí a bhain le comhlachtaí Gaeltachta a bheith ullmhaithe don Bhreatimeacht, ceadaíodh os cionn €7.4m.  Bhain os cionn 435 comhlacht Gaeltachta leas as an tacaíocht chun dul i ngleic le deacrachtaí airgeadais agus soláthar, sreabhadh airgid a chinntiú agus cur lena gcumas margaí díolacháin domhanda ar líne a aimsiú.

€6.4m de thacaíocht ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Fiontraíocht Éireann do chomhlachtaí lonnaithe sa nGaeltacht. Chuir Údarás na Gaeltachta tacaíocht d’os cionn €1m ar fáil do 413 gnó Gaeltachta tríd an Scéim Trádála Ar Líne agus Dearbhán Leanúnachais Ghnó COVID-19, i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil.

 

Soláthar Caipitil

Ceadaíodh suas le €20.3m i soláthar caipitil i rith na bliana d’athchóiriú agus forbairt infreastruchtúr gnó na Gaeltachta chun tacú le buanú fostaíochta agus tograí nua a fhorbairt. Ceadaíodh allúntas breise caipitil de €8m d’Údarás na Gaeltachta in 2020, mar chuid de chlár spreagtha post an Rialtais, chun uasghrádú a dhéanamh ar chuid de phunann maoine na heagraíochta. Cuireadh 45 togra san áireamh don mhaoiniú seo, oibreacha athchóirithe ar fhoirgnimh, ionaid cóireála fuíolluisce, deisiúchán agus insliú díonta ina measc. Bhí 25 de na tograí tosaithe roimh dheireadh 2020 agus 7 gcinn críochnaithe.

 

Tionchar Eacnamaíoch

Tá tionchar suntasach eacnamaíoch ag cliantchomhlachtaí an Údaráis ar gheilleagar na Gaeltachta agus na tíre. De réir thaighde ABSEI a rinneadh in 2020, meastar go ndearna cliantchomhlachtaí an Údaráis:

  • Díolachán iomlán de €923m an bhliain roimhe sin;
  • Caiteachas díreach de €437m i ngeilleagar na hÉireann;
  • €195m san iomlán ar phárolla;
  • Easpórtáil á dhéanamh ar luach €558 milliún (60%) de dhíolachán.

Figiúirí iad seo a léiríonn go bhfuil luach maith á fháil ar infheistíocht an Stáit sa nGaeltacht.

 

Pleanáil Teanga

Rinneadh an-dul chun cinn sa bpróiseas pleanála teanga sa nGaeltacht in 2020 agus oifigigh pleanála teanga ag cur chun cinn na Gaeilge trí imeachtaí fíorúla a eagrú ar líne de bharr srianta COVID-19.  I rith 2020, bhí pleananna teanga á bhfeidhmiú in 18 den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) Gaeltachta. Bhí 18 Oifigeach Pleanála Teanga agus ceathrar Oifigigh Cúnta Pleanála Teanga fostaithe chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm ina limistéir chuí. Faoi dheireadh 2020, bhí pleananna teanga ceadaithe do 20 LPT as an 26 LPT agus do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) amháin as na trí BSG, le hinfheistíocht iomlán de €2.28 milliún d’fheidhmiú na bpleananna sin.

 

gteic - Gréasán Digiteach na Gaeltachta

Dhúbail líon na n-ionad gteic a bhí oscailte faoi dheireadh na bliana le 16 mol digiteach ag feidhmiú anois i gcúig chontae Gaeltachta.  Tá suas le 200 duine ag obair sna hionaid ar fad áit a bhfuil 450 spás deisce ar fáil idir oifigí agus deasca comhoibrithe agus nuair a bheidh an 13 gteic eile oscailte beidh spás do 700 duine nuair a ardaítear srianta COVID-19. Beidh an gréasán gteic lárnach i ndeiseanna a chur ar fáil i dtaobh cianoibriú, go háirithe do mhuintir Dhiaspóra na Gaeltachta a bheidh ag féachaint ar fhilleadh abhaile tar éis na paindéime.

 

Tacaíocht d’Earnáil na Forbartha Pobail

Chuir Údarás na Gaeltachta, i gcomhar leis an RTCEGS&M, maoiniú reáchtála de €2.37m ar fáil do 33 eagras forbartha pobail i rith 2020, chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail dírithe ar riachtanais an phobail áitiúil agus ar thograí turasóireachta, pleanáil teanga, fuinneamh in-athnuaite agus an gréasán gteic, i measc tograí eile. Sheol Údarás na Gaeltachta lámhleabhar cuimsitheach rialachais agus dea-chleachtais chun tacú le na heagrais forbartha pobail Gaeltachta, agus eagraíodh ceardlanna ar líne chun cuidiú leo a gcuid spriocanna a bhaint amach. Bunaíodh Clár Fiontraíochta Sóisialta Gaeltachta in 2020, clár oiliúna agus meantóireachta chun cuidiú le na heagrais forbartha pobail Gaeltachta cur lena scileanna forbartha gnó.

 

Tograí Straitéiseacha

Rinneadh dul chun cinn ollmhór i rith 2020 ar roinnt tograí eiseamláireacha Gaeltachta - Coláiste Íosagáin, Seanospidéal an Daingin, Tograí Straitéiseacha Turasóireachta, gréasán gteic, Páirc na Mara, Branda ‘Gaeltacht na hÉireann’, togra Diaspóra na Gaeltachta agus tionscnaimh fuinnimh in-athnuaite a mbeidh siad ar fad ina dtograí lárnacha agus muid ag féachaint chun cinn as seo go ceann 5 bliana.

 

Ag labhairt dó dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh:

“Bliain anróiteach a bhí inti ar go leor bealaí cinnte ach táimid an-sásta leis an leibhéal gníomhaíochta agus tacaíochta ar éirigh le hÚdarás na Gaeltachta a chur ar fáil i gcúinsí nach raibh aon choinne leo.  Rinneadh infheistíocht mhór in infreastruchtúr gnó na Gaeltachta, agus tá an infheistíocht atá á déanamh i gcúrsaí teanga sna pobail ag leibhéal nár facthas roimhe seo.

Tá muid thar a bheith buíoch dár gcliaint, do na heagrais forbartha pobail, do na pobail Ghaeltachta agus dár gcomhghleacaithe Stáit atá ag obair i gcomhpháirtíocht linn.  Tá mé féin, mar Phríomhfheidhmeannach, thar a bheith buíoch d’fhoireann agus do Bhord Údarás na Gaeltachta as ucht a ndúthracht agus a gcuid tacaíochta agus cuspóirí na heagraíochta á gcur i gcrích.”

 

 

Dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair:

“Níl bliain i gcuimhne na ndaoine a bhí chomh dúshlánach do phobail na tíre is a bhí 2020.  Cúis bhróid é freagra na Gaeltachta ar an éigeandáil daonna seo agus is údar misnigh don Bhord é an tseasmhacht atá léirithe go dtí seo ag gnóthaí agus pobail Ghaeltachta. Níl aon dabht ach go mbeidh na hacmhainní cuí ag teastáil chun téarnamh cuí agus forbairt a bhaint amach sa Ghaeltacht sna blianta atá romhainn ach tá tús maith curtha leis sin agus buiséid mhéadaithe agus bhreise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta do 2021.

Tá blianta cinniúnacha amach romhainn sna Gaeltachtaí ach tá Bord Údarás na Gaeltachta ar aon ghuth agus tiomanta tacú le pobail na Gaeltachta i gcúrsaí teanga, cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíochta ar gach bealach gur féidir agus na gníomhaíochtaí agus acmhainní cuí ina leith sin a éileamh.”

 

 

Is féidir Ráiteas Deireadh Bliana 2020 a íoslódáil anseo