Turasóireacht Inbhuanaitheach i nGaeltacht na Ríochta

20 Eanáir, 2021

nóiméad léite

Rachaidh Plean Forbartha nua-seolta maidir le hEispéireas na gCuairteoirí do Leithinis Chorca Dhuibhne chun tairbhe pobal uile Chorca Dhuibhne, a deir Bainisteoir Réigiúnach an Deiscirt Údarás na Gaeltachta, Dónal Ó Liatháin. Bhí Údarás na Gaeltachta ina gceann feadhna ar an bPlean, i gcomhar le Fáilte Éireann agus Comhairle Contae Chiarraí.

“Tréaslaíonn muid a bplean le Fáilte Éireann agus tá muid an-sásta as an ról a bhí againn ina réiteach i gcomhar le heagraíochtaí eile,” a deir Ó Liatháin. “Táimid ag súil le bheith gníomhach sa bPlean Forbartha agus tacú lena chur i bhfeidhm. Beidh an plean á fhorbairt i gcomhar leis an tionscal turasóireachta agus le pobail éagsúla chun ardán a thabhairt don cheantar mar cheann scríbe chun tuilleadh cuairteoirí a mhealladh, tréimhsí níos faide a chaitheamh ann agus gníomhaíochtaí éagsúla ar fud na leithinse a bhlaiseadh.”

Déanfar gnéithe éagsúla de shaol na Gaeltachta ar Leithinis Chorca Dhuibhne a fhorbairt agus a fheabhsú ag tabhairt cúrsaí turasóireachta, oidhreachta, cultúrtha agus teanga le chéile chun daoine a mhealladh chuig an gceantar chun tuilleadh ama a chaitheamh ann agus chun cur ina luí orthu a bhfuil ar fáil ar fud na leithinse idir cheardaíocht, gníomhaíochtaí faoin aer, cúrsaí teanga agus oidhreachta.

Ba iad Fáilte Éireann, Comhairle Contae Chiarraí agus Údarás na Gaeltachta chomh maith le geallsealbhóirí eile a chuir an plean seo i dtoll a chéile chun cur leis na heispéiris atá ar fáil anseo cheana agus tuilleadh acu a fhorbairt as seo go ceann cúpla bliain. Is earnáil fíorthábhachtach í earnáil na turasóireachta, chuir cúrsaí COVID-19 isteach go mór ar chúrsaí turasóireachta ní amháin ar Leithinis Chorca Dhuibhne agus i gCiarraí ach ar fud na tíre, ach déanfaidh gníomhaíochtaí an phlean iarracht cur le seasmhacht a chruthú, tacú leis an téarnamh agus an ceantar álainn seo i gCiarraí a chosaint agus a chothú.

Beidh ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta le cur i bhfeidhm an phlean trí fhorbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúir a mhaoiniú agus a chothú agus trí mheantóireacht agus tacaíocht a chur ar fáil do na grúpaí atá ceaptha chun na heispéiris seo a chur chun cinn.

As seo go ceann tréimhse cúig bliana cuirfear tosaíochtaí an phlean i bhfeidhm, tosaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu ar fad turasóirí a mhealladh chun na áite, fanacht sna pobail áitiúla ar fud Leithinis Chorca Dhuibhne agus an ceantar agus an tírdhreach ansin a chothú agus a chaomhnú.

Is féidir féachaint ar an bplean forbartha anseo.