Spéis Domhanda curtha i gComhlacht Pacáistíochta Ghaoth Dobhair

11 Eanáir, 2021

nóiméad léite

Tá borradh curtha faoin mbliain nua don chomhlacht Gaeltachta R.A. Pacáistí Teo. (Rapid Action Packaging - RAP), cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta atá lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall, agus é fógartha go bhfuil an comhlacht ceannaithe ag ProAmpac Holdings, LLC, comhlacht príobháideach lonnaithe sna SA a bhíonn i mbun réitithe pacáistíochta plaisteacha agus páipéir solúbtha a dhéanamh.

Dhearbhaigh ProAmpac, ceannródaí domhanda i bpacáistíocht solúbtha, inniu (11/01/21) go bhfuil Rapid Action Packaging Limited (RAP), ceannaithe uaidh Ludgate Investments agus súil acu cur leis an gcumas déantúsaíochta do príomhphacáistíocht don earnáil réidh le hithe agus bia réitithe úr agus leathnú lena dtáirge inmharthana do mhargaí díolta bia. Tiocfaidh RAP isteach faoi scáth bhranda ProAmpac, agus fanfaidh a chuid oibríochtaí déantúsaíochta ar fad i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall agus i Londain.  Níor foilsíodh téarmaí an cheannacháin.

Is deis shuntasach fáis atá anseo do R.A. Pacáistí Teo (RAP) a bhí ar a ndícheall a leithéid a bhaint amach le blianta beaga anuas.  Tá suas le 200 duine fosaithe anois san ionad déantúsaíochta ceannródaíoch seo i nGaeltacht Dhún na nGall agus iad ag baint spriocanna móra amach ó tháinig an comhlacht ar an bhfód in 1997.

Le RAP san áireamh, ag leanúint idirbheartaíochtaí cuimsitheacha le blianta beaga anuas, tá 37 suíomh déantúsaíochta ar fud na cruinne anois ag ProAmpac, le beagnach 4,800 fostaí ag cur ábhar ar fáil do 5,000 custaiméir in 90 tír. Mar cheannródaí domhanda san earnáil, is é aidhm ProAmpac ná leanúint le fás a ngnó agus timpeallacht oibre a chur ar fáil ina mbraitheann na fostaithe go bhfuil siad slán ina gcuid post.  Leanfaidh an comhlacht lena bhfás straitéiseach chun fanacht ina gceannródaithe domhanda agus cé go n-athróidh RAP a n-ainm go ProAmpac, is fíorbheagán athrú eile a bheidh ar pholasaithe, nósanna imeachta agus oibríochtaí an chomhlachta.

Ag cur fáilte roimh cheannach an chomhlachta dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:

“Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta déanaim comhghairdeachas le R.A. Pacáistí Teo ar an bhforbairt spreagúil seo agus cuirim fáilte mhór roimh ProAmpac go hÉirinn agus chun na Gaeltachta.  Is léiriú muiníne atá in infheistíocht ProAmpac i nGaeltacht tuaithe Dhún na nGall sna caighdeáin den chéad scoth atá bainte amach ag R.A. Pacáistí Teo agus is borradh iontach é agus muid ag cur tús le bliain nua.

Le bliain anuas léirigh comhlachtaí Gaeltachta neart dúthrachta agus misnigh leanúint lena gcuid oibríochtaí i dtimpeallacht dhúshlánach ainneoin na paindéime domhanda agus an Bhreatimeachta. Seasfaidh an meon dearfach seo go maith dóibh agus beidh tairbhe shuntasach do RAP agus ProAmpac le feiceáil amach anseo.”

Ag labhairt dó dúirt Greg Tucker, Príomhfheidhmeannach ProAmpac:

“Cuirfidh RAP go mór le teaghlach ProAmpac. Táimid ag súil go mór le cumas nuálach pacáistíochta réidh le hithe an chomhlachta a chur lenár bpunann reatha.  Leis an gcomhpháirtíocht seo, táimid ag leathnú ár réimse táirgí sa tseirbhís bia agus beidh príomhphacáistíocht bia úr anois mar chuid dár bpunann, agus leanfaimid le smaointe agus táirgí nuálacha a chur ar fáil do bhonn custaiméirí atá ag fás.”

Dúirt Graham Williams, Príomhfheidhmeannach RAP:

“Tá an dá chomhlacht thar a bheith comhlánach, le caidreamh comhoibríoch cuirfear an bhéim chéanna ar nuálaíocht. Le ProAmpac cruthóidh muid réitithe níos láidre dár gcustaiméirí.  Táimid ag súil lenár réimse a leathnú san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh, agus táimid ar bís cúnamh a thabhairt do ProAmpac freastal ar chustaiméirí breise sa mhargadh miondíola.  Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Ludgate as a dtacaíocht airgeadais agus treoir straitéiseach chun RAP a chur i riocht iontach agus muid ag tabhairt aghaidh ar an saol le ProAmpac anois.”

 Chuir John McDermott, Stiúrthóir na nOibríochtaí ag R.A. Pacáistí Teo, Gaoth Dobhair fáilte roimh an scéala:

“Tá an-mhuinín agam as an gcomhfhiontar nua seo le ProAmpac, buanóidh sé ár stádas reatha agus táthar ag breathnú cheanna féin ar leathnú táirgí, margaí agus fostaíochta anseo i nGaoth Dobhair.  Murach dúthracht ollmhór agus iarracht na foirne agus a nuálaíocht, meoin agus éachtaí ní bheadh na spriocanna móra atá bainte amach ag RAP le blianta beaga anuas curtha i gcrích agus ní bheadh an lá seo tagtha.  Ba mhaith liom moladh freisin a thabhairt don tacaíocht leanúnach a fuaireamar uaidh Údarás na Gaeltachta agus glacaim buíochas leo as an bhfís a bhí acu in 1997 tacú le comhlacht nuabhunaithe pacáistíochta ar tháinig fás as cuimse air, fás nach raibh súil ar bith leis.  Ní tharlódh an chéad chéim eile inár scéal murach tacaíocht Údarás na Gaeltachta agus tacaíocht phobal Ghaoth Dobhair.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

“Tá lúcháir ar Údarás na Gaeltachta an fhorbairt shuntasach seo do R.A. Pacáistí Teo a fhógairt, comhlacht atá ina chuid dhílis do Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair le 24 bliain anuas. Tá muid ag súil go mór le hoibriú go dlúth le ProAmpac agus tacú lena bhfís maidir le fás agus forbairt leanúnach i nGaoth Dobhair.

Léiriú atá sa tacaíocht seo a fuair RAP, ó tharla iad a bheith ina gceannródaithe domhanda in earnáil chomh iomaíoch agus a leithéid d’infheistíocht dhomhanda a mhealladh chuig Gaeltacht Dhún na nGall, ar céard is féidir a bhaint amach i gceantair Ghaeltachta tuaithe le hinfheistíocht éifeachtach Stát agus gnóthaí nuálacha díograiseacha. Tá an cumas i gceantair Ghaeltachta na hÉireann bunáit den scoth a chur ar fáil do chuile ghnó ónar féidir ceangal leis an domhan mór, agus ag an am céanna cothromaíocht oibre agus saoil den chéad scoth a chur ar fáil dá bhfostaithe.“