Ríthe Uachtar Reoite Dhaingean Uí Chúis i mbun forbairtí móra le tacaíocht Údarás na Gaeltachta

Spás méadaithe déantúsaíochta le hathchóiriú do Mhilseoga Uí Mhurchú a chruthóidh 15 post nua

9 Nollaig, 2020

nóiméad léite

Fáilte chroíúil i Murphy's Ice Cream

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta pacáiste tacaíochta don chomhlacht iomráiteach uachtar reoite Milseoga Uí Mhurchú (Murphy’s Ice Cream) i gCorca Dhuibhne a chabhróidh leis an gcomhlacht forbairt a dhéanamh ar tháirgí nua agus ina gcruthófar 15 post nua sna 5 bliana amach romhainn.

Mar chuid den bhforbairt atá beartaithe ag an gcomhlacht déanfar áitreabh nua a athchóiriú dóibh ar Pháirc Ghnó Bhaile na Buaile i nDaingean Uí Chúis áit a bhfuil siad lonnaithe i dtrí aonad neamhspleách faoi láthair. Cuirfidh sé seo spás déantúsaíochta aonair nua d’ardchaighdeán ar fáil dóibh rud a réiteoidh srianta spáis a bhí ag an gcomhlacht le tamall anuas.

 

Tá cáil fhorleathan ar Mhilseoga Uí Mhurchú (Murphy’s Ice Cream) agus baineann na mílte cuairteoir a thagann chomh fada le Daingean Uí Chúis blaiseadh dá n-uachtar reoite nádúrtha. Tá fás tagtha ar an gcomhlacht le cúpla bliain agus siopaí acu i nDaingean Uí Chúis, i gCill Airne, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Is iad na deartháireacha Ciarán agus Seán Ó Murchú, arb as na Stáit Aontaithe ó dhúchas dóibh, a bhunaigh an gnó suas le fiche bliain ó shin. Bhunaigh muintir Uí Mhurchú caifé i nDaingean Uí Chúis sa bhliain 2000 agus thosaigh siad ag déanamh uachtar reoite faoi struchtúr an chomhlachta Milseoga Uí Mhurchú Teoranta le tacaíocht Údarás na Gaeltachta in 2004. Tá cáil nach beag bainte amach ag a gcuid táirgí uachtar reoite ó shin i leith agus tá go leor duaiseanna bainte amach acu chomh maith.

Tacaíonn Údarás na Gaeltachta leis an gcomhlacht ar an taobh déantúsaíochta, agus fiú agus iad ag dul i ngleic le dúshláin na paindéime COVID-19, is anseo atá forbairtí móra beartaithe ag an gcomhlacht agus súil acu féachaint le táirgí nua a fhorbairt agus margaí nua a aimsiú.

 

Ag fógairt an phacáiste tacaíochta dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:

“Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta, déanaim comhghairdeachas le Milseoga Uí Mhurchú as an tiomantas agus an nuálaíocht atá léirithe acu chun dul i ngleic leis na dúshláin atá cruthaithe ag paindéim COVID-19. Cuireann an comhlacht seo táirge den scoth ar fáil, bunaithe ar amhábhar ar ardchaighdeán atá le fáil go traidisiúnta ina gceantar féin. Tá áthas orainn a bheith in ann tacú le comhlacht beag dúchasach le dul chun cinn agus forbairt a dhéanamh.”

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh:

“Tabharfaidh an infheistíocht atá á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta agus ag Milseoga Uí Mhurchú féin sa togra seo deis don chomhlacht céim suntasach chun cinn a thógáil agus déanfar an fhostaíocht reatha a bhuanú agus a fhás. Tá an-dul chun cinn déanta san earnáil Bia & Deoch i gceantair Ghaeltachta le tacaíocht an Údaráis agus tá táirgí bia den scoth ag déanamh áit dóibh féin anois i margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Leanfaidh an tÚdarás ag tacú go láidir leis an earnáil seo sa nGaeltacht sna blianta atá amach romhainn.”

Measann an comhlacht go mbeidh poist nua ar fáil i Taighde agus Forbairt, Bainistíocht Táirgeachta agus Oibrithe Táirgeachta, Margaíocht Dhigiteach, Cáilíocht, Forbairt Gnó, Caighdeán & Sláinte agus Slabhra Soláthair.

 

Sa spás nua a fhorbrófar don chomhlacht tá sé i gceist go mbeadh oifigí riaracháin do na foirne bainistíochta, díolacháin agus riaracháin; spásanna gléasta agus nite don bhfoireann déantúsaíochta; dhá spás déantúsaíochta bia le hurláir, fálta agus síleáil ar chaighdeán réitithe bia, dhá spás reoite/ fuaraithe táirge, spás chun pacáistiú agus spás stórála mar aon le hiontrálacha nua. Beifear ag déanamh iarratais ar chead pleanála agus eiseofar tairiscintí don tógáil sna míonna amach romhainn don bhforbairt suntasach seo.