Údarás na Gaeltachta ag tabhairt faoi staidéar ar fhéidearthacht Ros an Mhíl a bhunú mar lárionad fuinnimh in-athnuaite mara

8 Nollaig, 2020

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoi staidéar agus plean forbartha a chur i gcrích ar an gceantar mórthimpeall ar Chalafort Ros an Mhíl chun deiseanna an láthair a fhorbairt mar acmhainn náisiúnta don fhuinneamh in-athnuaite mara a fhiosrú. Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta maoiniú chun réamhphlean a chur i dtoll a chéile maidir le tailte (30 acra) atá in úinéireacht Údarás an Gaeltachta i Ros an Mhíl i gCo. na Gaillimhe a úsáid chun deiseanna fuinneamh in-athnuaite ar chósta Iarthar na hÉireann a chur chun cinn.

 

Mar chuid den staidéar beifear ag fiosrú staid na hearnála fuinnimh in-athnuaite mara, na deiseanna atá ag baint léi agus na riachtanais agus buntáistí atá ag Calafort Ros an Mhíl agus gnólachtaí Gaeltachta chun freastal ar an éileamh a bheidh ann agus leas a bhaint as.  Beidh Údarás na Gaeltachta i mbun teagmhála leis na húdaráis Stáit agus ranna rialtais ábhartha mar chuid den staidéar maidir le cur chuige comhtháite a aontú chun an acmhainn luachmhar seo a chur chun cinn. Táthar ag súil freisin le saineolas na hearnála seo a chur san áireamh sa staidéar lena chinntiú go bhfuil an plean forbartha bunaithe ar an saineolas is nua atá ar fáil agus chun go mbeidh an earnáil fuinnimh in-athnuaite mara á chur chun cinn mar earnáil straitéiseach le luach suntasach don Ghaeltacht.

 

Beidh cúrsaí fuinneamh in-athnuaite mar chuid lárnach de straitéis nua na heagraíochta don tréimhse 2021 – 2025 agus beifear ag fiosrú na bealaí le dul i ngleic le caomhnú fuinnimh, laghdú carbóin agus le fuinneamh a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite. Tá Ros an Mhíl aitheanta ag Údarás na Gaeltachta le fada mar acmhainn straitéiseach, áit a bhfuil féidearthachtaí ag baint leis an gCalafort a bheith mar ionad straitéiseach náisiúnta maidir le cúrsaí fuinnimh in-athnuaite mara. Tá Údarás na Gaeltachta ag obair as lámh a chéile leis an bpobal agus le coiste an Chalafoirt chun a chinntiú chomh maith agus gur féidir go mbeidh deis ag an gCalafort gach leas agus tairbhe gur féidir a bhaint as an earnáil amach anseo agus go mbeidh na bunseirbhísí cuí ar fáil sa gceantar chuige sin.

 

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bord Údarás na Gaeltachta:

“Tá muid sásta go mbeidh an deis ag an Údarás tabhairt faoin staidéar seo ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an fhuinneamh in-athnuaite i gceantar Ros an Mhíl. Is earnáil straitéiseach í seo don Údarás, agus don tír uilig go deimhin. Má tá muid le cosc a chur leis an athrú aeráide, caithfidh muid na deiseanna uilig a thapú le fuinneamh glan a ghiniúint.”

 

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá muid ag súil go mór leis na féidearthachtaí a d’fhéadfaí theacht as an staidéar seo agus an leas a bheadh ann do phobal na Gaeltachta ar an gcósta thiar agus do chomhlachtaí a bhfuil an-suim acu sa ngeilleagar glas.  D’fhéadfadh ionad seirbhísí infheistíocht mhór a chruthú sa gceantar, ag cur le saol an phobail, ag cruthú fostaíocht bhreise agus ag maolú drochthiochar ar an aeráid."

 

Táthar ag súil tairiscintí a eisiúint ar etenders sna seachtainí seo romhainn chun gur féidir tabhairt faoin obair go luath sa mbliain nua. Tá Údarás na Gaeltachta ag iarraidh a chinntiú go mbainfidh na ceantair Ghaeltachta an leas is fearr as aon bhorradh san earnáil fuinneamh in-athnuaite sna blianta amach romhainn agus muid ag obair ina leith sin agus é mar chuid mhór de Straitéis Údarás na Gaeltachta 2021 -2025 atá ar na bacáin.