Tacaíocht ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do mhéadú suntasach ar Chambus Medical/Freudenberg Medical sa Spidéal

Forbairt áiseanna de €1.9m agus 40 post nua le cruthú sa gcomhlacht feistí leighis

7 Nollaig, 2020

nóiméad léite

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta pacáiste tacaíochta don chomhlacht feistí leighis Cambus Medical/Freudenberg Medical Europe GmbH chun méadú suntasach a dhéanamh ar áiseanna an chomhlachta sa Spidéal.

Meastar go mbeidh os cionn 40 post nua á gcruthú ag an gcomhlacht agus an méadú curtha i gcrích le pacáiste tacaíochta d’os cionn €1.9m d’athchóiriú foirgnimh. Cuirfear os cionn 1,700 méadar cearnach sa mbreis le háiseanna suntasacha reatha an chomhlachta sa Spidéal i gConamara, rud a chuirfidh spás táirgthe/déantúsaíochta breise agus oifigí riaracháin ar fáil dóibh. Tabharfaidh sé seo deis iontach don chomhlacht glacadh le hobair nach raibh spás acu dó cheanna, acmhainn déantúsaíochta nua a fhorbairt agus a dhul ar thóir gnó agus custaiméirí nua.

 

Faoi láthair, tá os cionn 135 duine fostaithe sa gcomhlacht déantúsaíochta Cambus Medical/Freudenberg Medical a dhéanann feadánra agus micreachomhpháirteanna don earnáil feistí leighis. Ó bhunaigh Barry Comerford agus John Farragher an comhlacht in 2006, d’éirigh leis an gcomhlacht an líon custaiméirí a mhéadú go suntasach in Éirinn agus thar lear. Bhain an comhlacht cáil amach san earnáil feistí leighis maidir le saineolas i bhfeadánra agus mar sholáthraí i dtaobh réiteach fadhbanna. In 2012 chuaigh siad i mbun comhpháirtíocht straitéiseach le Freudenberg Medical Europe GmbH ceannaire domhanda i dtaobh na déantúsaíochta san earnáil feistí leighis.

 

Tá maoiniú don togra seo mar chuid de phacáiste spreagtha tógála, atá curtha ar fáil faoi phacáiste spreagtha an Rialtais de dheasca paindéim COVID-19 a d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Catherine Martin TD agus an tAire Stáit agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, T.D. níos túisce i mbliana.

 

Ag fógairt an phacáiste tacaíochta dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:

“Thar cheann Bhord Údarás na Gaeltachta, déanaim comhgháirdeachas le Cambus Medical/Freudenberg Medical as an dul chun cinn suntasach atá déanta acu le blianta anuas. Cúis bróid don Ghaeltacht é an comhlacht a thosaigh beirt fhiontraithe áitiúla ón mbonn aníos le tacaíocht an Údaráis agus iad anois ina gceannródaithe  agus saineolaithe ar fhorbairt agus déantúsaíocht feadánra don earnáil feiste leighis. Ní bheadh an infheistíocht seo indéanta gan tacaíocht ón gcistiú speisialta a fuair an tÚdarás ón gclár spreagtha post a d’fhógair an Rialtas mar thoradh ar phandéim Covid-19.”

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh:

“Cúis áthais agus spreagtha dúinn an dlúth chomhpháirtíocht a bhíonn againn lenár gcliantchomhlachtaí agus an dul chun cinn dochreidte atá á dhéanamh le blianta beaga anuas ag an earnáil feistí leighis sa nGaeltacht. Tá fostaíocht shuntasach á chur ar fáil ag Cambus Medical/Freudenberg Medical sa Spidéal le blianta agus iad páirteach in imeachtaí agus cláir oideachais áitiúla chomh maith. Tá muid ag súil go mór le tacú le Barry Comerford, Dr Mark Ostwald agus a gcomhghleacaithe agus iad ag leanúint le forbairt an chomhlachta a bhfuil nuálaíocht ar chaighdeán domhanda á léiriú acu. Léiríonn an infheistíocht seo an tionchar dearfach atá agus a bheidh ag an gClár Spreagtha Post agus infheistíocht an Stáit i gceantair Ghaeltachta.”

 

Ó bunaíodh an comhfhiontar idir Freudenberg Medical Europe GmbH agus Cambus Medical, dhírigh an comhlacht ar réimsí nua gnó ar nós bratú (coating), déantúsaíocht micreachomhpháirteanna, sainsnáthaidí (specialist needles) agus múnlaí ionsáite (insert mouldings), gníomhaíochtaí a chuireann le ‘Hypotubing’, táirgí eile an chomhlachta.

Tá Cambus Medical anois i mbun gnó i 60+ tír ar fud an domhain agus béim faoi leith acu i láthair na huaire ar mhargaí agus deiseanna fáis idirnáisiúnta san Áise agus i Meiriceá Theas. Tabharfaidh na háiseanna nua atá á bhforbairt ag an gcomhlacht, le tacaíocht Údarás na Gaeltachta, deis don chomhlacht forbairt leanúnach a dhéanamh ar sholáthar táirgí nua chun riachtanais chustaiméirí a shásamh agus deiseanna nua a thapú agus tuilleadh fostaíochta a chruthú.