Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta

4 Nollaig, 2020

nóiméad léite

Raiteas

Cruinniú deiridh do bhord Údarás na Gaeltachta do 2020 reachtálta ar líne

Reáchtáladh an cruinniú deiridh de bhord Údarás na Gaeltachta don bhliain 2020 ar líne inniu (04/12/20) mar a déanadh le formhór na gcruinnithe i mbliana de bharr srianta Covid-19.

Dúirt an Cathaoirleach, Anna Ní Ghallachair, go raibh bliain dhúshlánach ag an Údarás, ar nós go leor eile, agus ghabh sí buíochas leis an Phríomhfheidhmeannach agus leis an fhoireann go léir as na hiarrachtaí éachtacha a bhí déanta acu le freastal ar phobal na Gaeltachta agus ar le tacaíocht a chur ar fáil dóibh.

‘Is sampla maith den obair sin’, a dúirt sí, ‘an Scéim Trádála ar Líne, a chuir maoiniú os cionn €625,000 ar fáil do 263 comhlacht in imeacht gairid ama. Tá fuinneog ar an domhan ag na comhlachtaí sin anois agus margaí nua aimsithe acu, rud a athróidh a mbealach oibre fiú nuair a bheas an saol ar ais mar a bhí. Is údar bróid agus misnigh dúinn go léir go raibh an tÚdarás páirteach go lárnach san hathruithe sin agus in imeachtaí agus forbairtí eile ar mhaithe le pobal na Gaeltachta.’

 

Tacaíocht do 28 post nua ceadaithe le hinfheistíocht de €1.41m i gcomhlachtaí Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí inniu (04/12/20) ina mbeidh 28 post nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht os cionn €1.41m ag baint leo idir infheistíocht phríobháideach agus tacaíocht Stáit nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gContaetha Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Chiarraí a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu.

 

Buiséad de €5.125m ceadaithe d’Fhorbairt Pobail, Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail do 2021

Tá buiséad iomlán de €5.125m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta inniu (04/12/20) chun maoiniú a dhéanamh ar fheidhmiú Chlár Forbartha Pobail, Teanga agus Turasóireacht Chultúrtha na heagraíochta do 2021. San áireamh sa gclár seo bíonn soláthar maoinithe bhliantúil fhochuideachtaí na heagraíochta Muintearas CTR, Ealaín (na Gaeltachta) CTR agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR chomh maith le deontais reáchtála na n-eagras forbartha pobail.

Tá méadú de €700,000 tagtha ar an mbuiséad atá á chur ar fáil don chlár seo do 2021. Cuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán soláthar bhliantúil ar fáil don Chlár Forbartha Pobail agus Teanga agus cuireann an tÚdarás an fuílleach den bhuiséad ar fáil as a chistí féin.

 

Buiséid Bhliantúil Fhochuideachtaí Údarás na Gaeltachta

Tá soláthar de €1.69m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta d’fhochuideachtaí na heagraíochta lena gcláir oibre bhliantúla a chur i bhfeidhm in 2021.

  • Ceadaíodh €590,000, do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, a chuireann seirbhís tacaíochta ar fáil do raon de sheirbhísí luathoideachais Gaeltachta agus chun cuidiú le naíonraí atá ar thinreamh an-íseal i gceantair thearcfhorbartha, iargúlta nó ar oileán.
  • Ceadaíodh €690,000, do Mhuintearas CTR chun tograí oiliúna, oideachais, óige agus luathoideachais a chur chun cinn, agus chun Scéim na gCampaí Samhraidh a riaradh.
  • Ceadaíodh €410,000, d’Ealaín (na Gaeltachta) CTR chun clár cuimsitheach ealaíne a fheidhmiú sa Ghaeltacht ag áireamh seirbhísí agus scéimeanna deontais, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair sa Ghaeltacht. Tá cómhaoiniú á chur ar fáil ag an gComhairle Ealaíon arís in 2021 freisin.

 

Buiséid Forbartha Pobail agus Teanga

Tá soláthar de €440,000, a léiríonn méadú de €11,000, ceadaithe do scéimeanna éagsúla a chuireann cúrsaí forbartha pobail, teanga agus turasóireachta chun cinn.

  • Ceadaíodh soláthar airgid de €145,000 don Chlár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP) do dhá eagraíocht faoin scéim seo - Pobal le Chéile CDP CTR atá lonnaithe ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall agus CDP na Rosann CTR, An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall.
  • Ceadaíodh soláthar de €110,000 do réimse tacaíochtaí a chuireann an tÚdarás ar fáil d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí teanga atá dírithe ar bhuanú, ar chur chun cinn agus ar fhorbairt na Gaeilge ar fud na Gaeltachta.
  • Tá soláthar de €75,000 ceadaithe do réimse gníomhaíochtaí le díriú ar thacaíocht a chur ar fáil don earnáil na turasóireachta cultúrtha Gaeltachta, ag cur leis an gcomhpháirtíocht atá bunaithe le comharchumainn agus eagraíochtaí pobail agus turasóireachta eile agus le freastal ar thograí a chuideoidh le forbairt na turasóireachta sa Ghaeltacht.
  • Ceadaíodh soláthar de €65,000, méadú de €7,000, don Scéim Fiontar Pobail chun cabhrú le coistí/eagraíochtaí pobail íoc as costais a bhaineann le tionscnaimh bheaga pobail a fhorbairt, taighde a dhéanamh nó trealamh riachtanach a cheannach.
  • Ceadaíodh soláthar de €45,000 mar chiste tacaíochta do ghréasán gteic le cuidiú leis na gréasáin dhigiteacha a fhorbairt, i gcomhpháirt le comharchumainn agus eagrais pobalbhunaithe, i gceantair ina mbeidh sé dúshlánach na costais socrúcháin agus reáchtála a chlúdach.

 

Tograí Fiontraíochta Sóisialta

Tá béim faoi leith á chur ag Údarás na Gaeltachta ar fhiontraíocht shóisialta, ar an mbunús go gcuirfidh sé le cumas eagrais forbartha pobail Gaeltachta seirbhísí agus tograí breise a sholáthar sa Ghaeltacht, agus sin a dhéanamh ar bhealach a chuirfidh le hioncam na n-eagras forbartha pobail, tá ciste sonrach á chur in áit chun tacú le heagrais forbartha pobail tograí a fhorbairt.

Tá ciste de €179,000 ceadaithe mar thacaíocht ar an obair atá déanta le gairid ag an Aonad Forbartha Pobail san Údarás i dtaobh an Clár Fiontraíochta Sóisialta Gaeltachta (CFS-G) agus an próiseas meantóireachta ag éirí as sin. Ina theannta sin, beidh straitéis críochnúil i leith fhiontraíocht shóisialta sa Ghaeltacht á fhoilsiú ag Údarás na Gaeltachta in Earrach 2021, ag leagan amach cur chuige na heagraíochta sa réimse thar a bheith tábhachtach seo.

 

Deontais Reáchtála na nEagras Forbartha Pobail

Cuireann Údarás na Gaeltachta maoiniú reáchtála ar fáil do 33 eagras pobail, idir chomharchumainn agus chomhlachtaí pobalbhunaithe, chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail ina gceantar feidhme atá dírithe ar riachtanais an phobail áitiúil. Tá na Comharchumainn Ghaeltachta ina gcuid lárnach de dhúshraith forbartha na Gaeltachta agus ról lárnach acu i gcur i bhfeidhm aidhmeanna agus cuspóirí ‘Phlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021-2025’ amach romhainn agus ‘Phlean Gníomhaíochta 2018-2022’. Tá ról lárnach acu i bhfeidhmiú na bpleananna teanga ina gceantair éagsúla chomh maith le tacú le forbairt ghréasán gteic, cur chun cinn tograí turasóireachta cultúrtha agus beifear ag breathnú ar na féidearthachtaí do chomharchumainn in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite, i measc tosaíochtaí eile.

Tá soláthar iomlán de €2,816,000 ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do dheontas reáchtála na n-eagras pobail do 2021 a léiríonn méadú de €360,000 ó 2020, agus méadú iomlán de €554,000 do na heagrais forbartha pobail nuair a thugtar arduithe eile sa gciste san áireamh. Foilseofar sonraí ar mhaoiniú na n-eagras aonair in imeacht ama nuair atá pleananna oibre aontaithe do 2021.

 

An Ciste Forbartha Pobail, Forbartha Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail 2021

2021
Soláthar
Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR 590,000
Muintearas CTR 690,000
Ealaín (na Gaeltachta) CTR 410,000
Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP) 145,000
Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí Teangabhunaithe 110,000
Forbairt ar Thurasóireacht Chultúrtha 75,000
Soláthar do bhunú gréasán gteic 45,000
An Scéim Fiontar Pobail 65,000
Tograí Fiontraíochta Sóisialta 179,000
Deontas Reáchtála na nEagras Pobail 2,816,000
Iomlán €5,125,000