Feachtas Nollag Údarás na Gaeltachta ag díriú airde ar os cionn 200 comhlacht Gaeltachta

Tá Ón nGaeltacht le Grá, feachtas mheáin shóisialta Nollag Údarás na Gaeltachta tar éis aird a dhíriú ar an éagsúlacht dochreidte atá ag os cionn 200 gnó ar líne atá lonnaithe sa nGaeltacht. 

4 Nollaig, 2020

nóiméad léite

Trí na dúshláin a bhí roimh ghnóthaí i mbliana a aithint, tá an feachtas seo ag gríosú daoine chun tacú le táirgí agus gnóthaí Gaeltachta agus dul ag siopadóireacht go háitiúil lena chinntiú go bhfuil ruainne draíochta ón nGaeltacht faoin gcrann an Nollaig seo.

Tá os cionn 50 gnó Gaeltachta feicthe cheana féin sa gcéad choicís den bhfeachtas ar na meáin shóisialta agus faoin am a thiocfaidh deireadh leis, beidh os cionn 100 gnó i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh agus i bPort Láirge léirithe ar na cuntais sin.

 

Cuirfear leis an bhfeachtas tuilleadh nuair a dhéanfar eolaire lárnach de ghnóthaí Gaeltachta a sheoladh ina mbeidh sonraí den 211 gnó Gaeltachta. Cuirfidh an t-eolaire ar chumas an phobail tacú le roinnt de na táirgí iontacha seo a dhéantar i nGaeltacht na hÉireann. Tríd an eolaire beifear in ann dul díreach chuig na gnóthaí Gaeltachta seo agus táirgí den scoth a cheannach uathu ar líne.

Seolfar Eolaire Ghaeltacht na hÉireann agus beidh sé ag dul beo ag an deireadh seachtaine go tráthúil agus na laethanta is mó siopadóireachta, go traidisiúnta, thar thréimhse na Nollag ag teannadh linn.

 

Ag seoladh an fheachtais dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta:

“Táimid ag tacú le gnóthaí Gaeltachta, ag léiriú a gcomhlachtaí agus a gcuid earraí iontacha  ar líne trí chuntais mheáin shóisialta na heagraíochta @UdarasnaG agus tríd eolaire nua ar ár láithreán gréasáin, a chuirfidh ar chumas an phobail in Éirinn agus daoine níos faide ó bhaile earraí a cheannacht. Tá earraí agus seirbhísí den scoth le fáil ó ghnóthaí Gaeltachta agus tá sé an-tábhachtach tacú leo i mbliana go háirithe.”

 

Tabharfaidh Ón nGaeltacht le Grá léiriú ar chuid de na táirgí iontacha atá á ndéanamh agus á bhforbairt i gceantair Ghaeltachta na hÉireann. Idir bia agus deoch ar nós subh Fholláin as Corcaigh agus uisce beatha mín Dhriogairí Shliabh Liag i nDún na nGall, ealaín agus bronntanais ó leithéid Sheodra Bhrian de Staic i gCiarraí agus Criostal na Rinne i bPort Láirge, cúram cnis Rí na Mara sa Spidéal agus bréagáin as Monarcha na mBréagán i Maigh Chromtha.  Tá an-tóir ar na hearraí seo ar fud an domhain agus léiríonn siad ar fad tírdhreach, traidisiúin, cultúr agus oidhreacht sainiúil na gceantar Gaeltachta.

 

I mbliana cuideoidh ceiliúradh na Nollag le gnóthaí beaga fanacht ag trádáil, rud a chinnteoidh go mairfidh poist. Tá an feachtas seo ag gríosú daoine chun earraí as an nGaeltacht agus as Éirinn a cheannach chun tacú le chuile chineál gnó beag ar líne.

 

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag seoladh Eolaire Ghaeltacht na hÉireann:

“Léirigh paindéim COVID-19 an gá atá le tacaíocht a thabhairt do tháirgí dúchasacha de chuile chineál agus muid ag déanamh ár míle dícheall tacú le táirgí Gaeltachta agus Éireannacha.  Cinnteoidh ceannach ar líne agus seirbhísí a fháil ó ghnóthaí áitiúla go gcuirfear borradh faoin ngeilleagar áitiúil.   Is iad gnóthaí áitiúla cnámh droma gheilleagar na Gaeltachta agus cuireann siad fostaíocht ríthábhachtach ar fáil sna pobail tuaithe seo.  Ag glacadh san áireamh na beartais agus an infheistíocht mhór atá déanta acu chun fanacht i mbun trádála, tá na comhlachtaí ag brath orainne anois chun tacú leo. Tá an láthair siopadóireachta níos tábhachtaí anois ná riamh, mar sin bíodh earraí na Gaeltachta faoin gcrann Nollag i mbliana.”

 

Sa gcéad seoladh den eolaire lárnach seo de ghnóthaí agus eagraíochtaí Gaeltachta díreofar go príomha ar ghnóthaí atá ag soláthar táirgí agus seirbhísí do mhargadh na Nollag agus a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta san EXPO Ceardaíochta Gaeltachta 2020, Expo Bia & Deoch Gaeltachta 2020 agus ón Scéim Trádála Ar Líne níos túisce i mbliana.

Faoi láthair tá comhlachtaí ó Dhún na nGall (42), Maigh Eo (12), Gaillimh (60), Ciarraí (65), Corcaigh (15), Port Láirge (9) agus Co na Mí (4) gur féidir le custaiméirí ceangal díreach a dhéanamh leo ó áis lárnach amháin.

 

Beidh comhlachtaí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta ó na catagóirí seo leanas san áireamh san Eolaire atá á sheoladh i rith an deireadh seachtaine.

 

·         Bia & Deoch ·         Pobal
·         Ceardaíocht & Na hEalaíona ·         Réamhscoileanna
·         Comharchumainn & Eagrais Forbartha Pobail ·         Spórt
·         Cúrsaí Gaeilge ·         Teangabhunaithe
·         Déantúsaíocht & Innealtóireacht ·         Turasóireacht
·         Éadaí / Teicstílí ·         Eolaíochtaí Beatha
·         Ionaid Seirbhísí Teanga ·         Fuinneamh In-athnuaite
·         Táirgí Leighis ·         Teicneolaíocht Faisnéise & Seirbhísí Proifisiúnta
·         Meáin ·         Uisceshaothrú
·         Cultúr & Oidhreacht ·         Seirbhísí

 

Tá an t-eolaire ag feidhmiú faoi bhranda Ghaeltacht na hÉireann agus beidh sé oscailte d’aon ghnó Gaeltachta de réir mar a chuirtear leis an eolaire sna míonna romhainn.

Beidh Eolaire Ghaeltacht na hÉireann le naimsiú ag https://udaras.ie/an-ghaeilge-an-ghaeltacht/eolaire-gaeltacht-na-heireann/ ón 5-6/12/20 ar aghaidh.